Nuacht

D'fháiltigh Catherine Martin TD, an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Spóirt agus Gaeltachta inniu (an 29 Meitheamh) roimh an scéala bhfuil Forais Náisiúnta Cultúir luachmhara na hÉireann oscailte arís den chéad uair ón 12 Márta, nuair a fógraíodh go raibh an tír faoi chuibhriú...

Scaoilfidh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra Iolair Mhara amach i gCúige Mumhan chun borradh a chur faoi líon na n-éan atá ann cheana

D’fhógair Josepha Madigan T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta inniu go bhfuil sé cinn dár nInstitiúidí Náisiúnta Cultúir ag athoscailt ar fad nó go pointe áirithe don phobal mar chuid de Phlean Oibre an Rialtais leis an tSochaí agus Gnóthaí a Athoscailt ón 29 Meitheamh 2020, agus osclóidh Áras Nua-Ealaíne na hÉireann arís an 30 Meitheamh.

Tá sé deimhnithe ag Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht, don Ghaeilge agus do na hOileáin, an Seanadóir Seán Kyne, go mbeidh rochtain ag cliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta ar réimse iomlán tacaíochtaí faoin gCiste Cothaithe Fiontair, agus €5 milliún ar fáil mar thús...

Tá leithroinnt maoinithe €54,700 fógartha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta inniu chun tacú le Féilte Beaga Áitiúla agus Scoileanna Samhraidh a bheidh ar siúl ar fud na hÉireann in 2020.

Tá eolas nua iontach tagtha chun solais ar shochaí na gcéad feirmeoirí in Éirinn sa Tréimhse Neoiliteach (4,000RCh–2,500RCh) de bharr obair fhoireann idirnáisiúnta seandálaithe agus géineolaithe faoi threoir Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath.

Tá breis is €4.3m i maoiniú fógartha ag an Aire Madigan do 449 tionscadal ar fud na tíre

Déanfar Cruinniú na nÓg 2020, lá náisiúnta na hÉireann don ghníomhaíocht chruthaitheach saor in aisce do leanaí agus do dhaoine faoi 18 mbliana d'aois, a cheiliúradh Dé Sathairn an 13 Meitheamh 2020, agus mhol an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan T.D. inniu do dhaoine óga ar fud na tíre dul ar líne, páirt a ghlacadh agus tabhairt faoin gcruthaitheacht don Chruinniú.

Dhírigh Josepha Madigan, TD, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta aird ar obair Sheirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) a Roinne agus iad ag leanúint den obair i gcomhar le Coillte, comhlacht leathstáit tráchtála foraoise na hÉireann, obair a bhfuil ag éirí go maith léi, chun scaipeadh tinte foraoise agus loisceadh sléibhe a throid agus iad ag úsáid teicneolaíocht nuálach dróin...

 

Gailearaí