Foilsithe ar 

Tacóidh an Clár LEADER €250m le poist agus infheistíocht ar fud na tuaithe in Éirinn – an tAire Humphreys

Comhaontuithe Cistiúcháin á síniú ag an Aire chun go gcuirfear cistiú ar fáil faoin tuath

Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, ag síniú an chéad bhaisc de Chomhaontuithe Cistiúcháin inniu (Dé hAoine) faoin gClár LEADER 2020. Dúirt an tAire go dtacóidh an clár €250 milliún leis na céadta post ar fud na tuaithe in Éirinn.

Tá na comhaontuithe á síniú le Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla ar fud na tíre ag ócáid in Ionad Taispeántas Achadh an Iúir i gCo. an Chabháin, a fuair €500,000 de chistiú LEADER roimhe seo.
Déanfaidh na Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla, atá déanta suas d’ionadaithe poiblí agus príobháideacha, €250 milliún de chistiú a dháileadh ar fhiontraithe agus grúpaí pobail ar fud na hÉireann.

Faoin gclár LEADER déantar tionscadail le téamaí iléagsúla a chistiú, lena n-áirítear forbairt fiontraíochta, turasóireacht tuaithe, cuimsiú sóisialta agus an comhshaol. Tá an clár á chómhaoiniú ag an gCiste Talmhaíochta Eorpach um Fhorbairt Tuaithe. Faoin gclár LEADER roimhe seo rinneadh beagnach 10,000 tionscadal a sheachadadh ar fud na tuaithe in Éirinn. Chomh maith le tacaíocht a thabhairt do thionscadail phobalbhunaithe, tacaíodh le níos mó ná 800 fiontar agus 500 post anuraidh le cistiú LEADER.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:
"Is lá an-tábhachtach é seo do cheantair thuaithe na hÉireann. Leis an gclár LEADER cuirfear tuairim is €250 milliún ar fáil do bhailte agus sráidbhailte faoin tuath ar fud na tíre sna ceithre bliana amach romhainn. Trí na comhaontuithe cistiúcháin a shíniú leis na Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla inniu, táimid ag cur an cistiú ríthábhachtach seo ar fáil do thuath na hÉireann.

“Tá a fhios agam go bhfuil pobail ar fud na tíre ar bís le rochtain a fháil ar an gcistiú seo, ar mhaithe le grúpaí agus eagraíochtaí áitiúla. Nuair a ghlac mé leis an bhfreagracht as gnóthaí tuaithe agus réigiúnacha, bhí fonn orm cinnte a dhéanamh go síneofaí na Comhaontuithe Cistiúcháin chomh luath agus is féidir ionas go gcuirfí an t-airgead ar fáil do cheantair thuaithe na hÉireann. Tá an chuid is mó de na Comhaontuithe Cistiúcháin á síniú anois, rud a fhágann gur féidir leis na Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla glacadh le hiarratais ar chistiú.

“Tá a fhios againn gur thacaigh cistiú LEADER le 800 fiontar anuraidh agus chuidigh sé le tuairim is 500 post a chruthú. Is foinse fhíor-thábhachtach maoiniúcháin é LEADER do bhailte agus sráidbhailte faoin tuath, agus tá mé cinnte go dtacóidh an ciste €250 milliún le cruthú suntasach post sna blianta atá amach romhainn.

“Is sampla den scoth é Ionad Taispeántais Achadh an Iúir agus na daoine atá taobh thiar de, den mhéid is féidir a bhaint amach leis an infheistíocht a chuirtear ar fáil le LEADER. Ar na láidreachtaí is mó atá ag an gclar LEADER, fágann sé na cinntí a bhainean le cistiú faoi na pobail ina gcaitear an t-airgead; cinntí áitiúla á ndéanamh ag muintir na háite. Leis an gclár LEADER déanfar raon leathan tionscadal a chistiú thar na bliana amach romhainn;
tionscadail idir bheag is mhór; cinn le gnéithe eanamaíocha, sóisialta nó comhshaoil.

“Tá LEADER bunaithe ar dhaoine áitiúla a éascaítear le Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla. Le fís agus dúthracht ghrúpaí pobail agus fiontraithe ag leibhéal áitiúil, is tionchar fiúntach a bheidh ag an infheistíocht a chuirtear ar fáil trí LEADER ag leibhéal náisiúnta. Tá mé ag súil lena gcuid oibre a éascú agus a gcuid infheistíochtaí a mhaoiniú sna blianta amach romhainn.”



Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil Dáileadh Foréigiúnach
An Cabhán €8,522,285.84
Ceatharlach €6,416,803.43
Ciarraí €10,219,868.29
Cill Chainnigh €7,791,572.91
Cill Mhantáin €6,336,549.00
An Clár €8,920,224.65
Tuaisceart Chorcaí €5,006,396.93
Dún na nGall €12,913,877.86
An Iarmhí €7,384,206.22
Laois €7,124,586.86
Liatroim €5,998,474.74
Loch Garman €9,840,140.56
Luimneach €9,276,593.96
Maigh Eo €11,121,431.88
An Mhí €6,903,123.57
Muineachán €7,592,719.51
Port Láirge €7,522,796.18
Sligeach €7,655,647.81
Tiobraid Árann €10,103,443.28
Uíbh Fhailí €8,036,763.90