Foilsithe ar 

Comhaltaí Boird Nua TG4 Fógartha ag an Aire Ó Coinín

D’fhógair an tAire Cumarsáide, Pádraic Ó Coinín, inniu go bhfuil ocht gcomhalta ceaptha chun Bord TG4, lena n-áirítear cathaoirleach nua ar an mBord.

Craoltóir seirbhíse poiblí is ea TG4, an tseirbhís náisiúnta teilifíse Ghaeilge, a bunaíodh le reacht agus a mhaoinítear le hairgead poiblí d’fhonn raon leathan ábhair ardchaighdeáin a sholáthar i nGaeilge don lucht féachana in Éirinn agus thar lear.

Agus na hiarratasóirí rathúla á n-ainmniú aige, bhí aird ag an Aire freisin ar ainmnithigh an Chomhchoiste Oireachtais (CCO). Tá Joe Connolly athcheaptha chun an bhoird agus leanfaidh sé de bheith ag fónamh mar aon le Pól Ó Gallchóir, Conchubhar Ó Liatháin agus Rónán Ó Coisdealbha. Tá an tAire ag fanacht le hainmniúchán amháin eile a fháil ón gComhchoiste Oireachtais.

Agus é ag tagairt do na ceapacháin, dúirt an tAire Ó Coinín go raibh an Rialtas tiomanta do leanúint dá thacaíocht le hearnáil na craoltóireachta Gaeilge agus go raibh sé féin an-sásta ar fad le caighdeán agus dintiúir na ndaoine sin a ghlac lena gceapacháin.

“Agus an t-athrú go dtí an tSeirbhís Dhigiteach le tarlú i gceann sé mhí, ba mhaith liom an deis seo a thapú chun gach rath a ghuí ar an mbord nua maidir leis na deiseanna agus na dúshláin atá amach rompu”, a dúirt an tAire.

Ghabh an tAire buíochas freisin leis an iar-cathaoirleach agus na comhaltaí Boird a bhfuil a dtéarma oifige istigh, agus atá ag dul as oifig, as a gcion a dhéanamh.

Is iad seo a leanas comhaltaí Boird nuacheaptha TG4, a chuirfidh téarma oifige cúig bliana isteach:

Siún Ní Raghallaigh (an Cathaoirleach)

Des Geraghty

Michelle Ní Chróinín

Micheál Seoighe

Mairéad Ní Cheoinín

Andréa Ní Éalaithe

Mairéad Nic Suibhne

Tá gearrchuntais ar na comhaltaí Boird nua thíos:

Na Daoine Nuacheaptha:

Siún Ní Raghallaigh (An Cathaoirleach): cainteoir dúchais as Dún na nGall, iarStiúrthóir Airgeadais le Grúpa Nuachtán an Tribune, agus iarStiúrthóir Bainistíochta agus Stiúrthóir Margaíochta agus Forbartha le TG4. Léiritheoir scannán, teilifíse agus físe a bhfuil taithí aici ar na meáin thraidisiúnta agus ar na meáin ar-líne chomh maith le tionscal na mbogearraí. Chaith Siún seal le Tyrone Productions sular bhunaigh sí an chuideachta léirithe teilifíse, ikandi productions. Tá sí ar Bhord Film Fleá na Gaillimhe.

Des Geraghty: Bhí sé ina Uachtarán ar SIPTU agus ina chomhalta d’Údarás RTÉ agus de chomhlachtaí eile: An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta (NESC); An Chomhairle Náisiúnta Iomaíochais, Comhdháil na gCeardchumann; agus, ina dhiaidh sin, Coimisiún Bhanc Ceannais na hÉireann. Bhí sé ina chomhalta den Choiste Eacnamaíochta agus Airgeadais i bParlaimint na hEorpa.

Michelle Ní Chróinín: Oifigeach Preasa agus Faisnéise in OÉ, Gaillimh, agus taithí na mblianta aici ar bhainistíocht tionscadal, ar bhainistíocht imeachtaí, ar an riarachán poiblí agus freisin ar a bheith ag obair leis na meáin agus i gcúrsaí caidrimh phoiblí.

Micheál Seoighe: Tá taithí fhorleathan aige le hÚdarás na Gaeltachta agus tá saineolas aige faoin bhforbairt thionsclaíoch. Bhí sé ina chomhalta Boird de roinnt mhaith cuideachtaí agus tá taithí leathan gnó, margaíochta agus airgeadais aige.

Mairéad Ní Cheoinín: Tá sí ina Comhordaitheoir Cláir Margaíochta agus Gnó d’Oifig Forbartha Muirí na hÉireann. Roimhe seo, bhí sí mar Bhainisteoir na gCuntas Ríthábhachtach leis an iris, Checkout, agus le hInforma.

Andréa Ní Éalaithe: Ciarraíoch ó dhúchas a oibríonn in earnáil na Margaíochta le Star Products International, iar-rannpháirtí i Raidió na Life, céimí sa mhargaíocht de chuid Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Iarscoláire de chuid Choláiste Íde, an Daingean.

Mairéad Nic Suibhne: cainteoir Gaeilge ó dhúchas as Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, tá céim de chuid Choláiste Phádraig/DCU agus PGCE sa Bhunoideachas as Coláiste Jordanhill, Glaschú aici. Tá si ina príomhoide ar Scoil Eoin Pól, Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall.