Foilsithe ar 

Seolann an tAire Humphreys tionscnamh €5 mhilliún chun tacú le Forbairt Eacnamaíochta Tuaithe

D'fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., sonraí inniu (Dé Céadaoin) maidir le céim nua den tionscnamh REDZ le forbairt eacnamaíoch i mbailte tuaithe agus sna ceantair máguaird a spreagadh.

Cuirfear €5 mhilliún san iomlán ar fáil faoi thionscnamh na gCriosanna Forbartha Geilleagraí Tuaithe (REDZ) 2016, ag tógáil ar an rath a bhí ar thionscnamh píolótach in 2015 faoinar cuireadh €3.8 milliún ar fáil do thionscadail ar fud na hÉireann.

Agus í ag seoladh céim nua na Scéime ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta, dúirt an tAire Humphreys:
“Agus an eacnamaíocht ag teacht chuici féin arís, tá an Rialtas meáite ar a chinntiú go n-aireofar na buntáistí atá ag teacht leis an mbiseach seo i ngach pobal ar fud na hÉireann. Má táimid chun tacaíocht a thabhairt do na daoine atá ag iarraidh bheith ag maireachtáil agus ag obair faoin tuath in Éirinn, ní mór dúinn teacht i dtír ar an gcaipiteal daonna agus nádúrtha atá ar fáil i mbailte tuaithe agus sna ceantair máguaird le gur féidir linn deiseanna eacnamaíocha a chruthú agus tacú le cruthú post.

“Tacaíonn cur chuige REDZ le naisc níos fearr idir bailte tuaithe agus na ceantair atá timpeall orthu chun deiseanna eacnamaíochta a chruthú ag leibhéal áitiúil. Cuideoidh an scéim chun poist a chruthú agus a choinneáil i gceantair tuaithe in Éirinn. Ag tógáil ar an tionscnamh píolótach a seoladh in 2015, táim ag cur €5 mhilliún breise ar fáil i mbliana do thionscadail REDZ. Tá an leibhéal maoinithe a bheidh ar fáil méadaithe agam, go háirithe chun mórthionscadail uaillmhianacha a spreagadh agus, dá réir, cuideofar le forbairt inbhuanaithe eacnamaíochta agus cruthú fostaíochta i gceantair tuaithe.

“Táim ag gríosú Údaráis Áitiúla chun oibriú le pobail áitiúla, leis an earnáil ghnó agus le comhlachtaí eile Stáit chun na ceantair leis na riachtanais eacnamaíochta is mó a shainaithint - na ceantair sin ar féidir leo úsáid níos fearr a bhaint as a gcuid sócmhainní áitiúla chun gníomhaíocht eacnamaíoch a chruthú. Baineann sé seo ar fad le pobail áitiúla a chumasú chun deiseanna áitiúla a chur ar fáil do dhaoine áitiúla. Faoi scéim 2016, ceadófar tionscadal amháin REDZ ar a laghad do gach contae sa tír.

“Cuirfidh an scéim leis an Scéim €10 milliún Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte a sheol mé i mí Lúnasa. Cinnteoidh an dá scéim go mbeidh lárionaid láidre eacnamaíocha agus sóisialta ag ceantair tuaithe a thacóidh, dá réir, le caighdeán maireachtála níos airde dóibh siúd atá ina gcónaí i mbailte tuaithe agus sna ceantair máguaird anois agus sa todhchaí.”

Cuirfidh scéim REDZ 2016 tacaíocht airgeadais suas le 80% ar fáil do na tionscadail bheartaithe agus tiocfaidh an fuílleach ó fhoinsí eile (e.g. Údaráis Áitiúla, páirtithe gnó nó maoiniú pobalbhunaithe).