Foilsithe ar 

Cathaoirleach agus Baill nua fógartha don Bhord um Scrúdóireacht Fhoilseachán

Dé Máirt, 18 Márta - Tá Cathaoirleach ainmnithe nua fógartha ag Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, don Bhord um Scrúdóireacht Fhoilseachán agus tá curtha in iúl aige go bhfuil sé i gceist aige ceathrar ball nua a cheapadh freisin.

Tá an Bord um Scrúdóireacht Fhoilseachán bunaithe faoi na hAchtanna um Scrúdóireacht Fhoilseachán, 1929 go 1967. Ní thagann an Bord um Scrúdóireacht Fhoilseachán le chéile ach nuair a theastaíonn. Tháinig sé le chéile go deireanach ar an 3 Meitheamh 2008. Tá gearán amháin faighte ag an mBord um Scrúdóireacht Fhoilseachán i gcomhair a bhreithnithe.

Tá athrú suntasach reachtaíochta tarlaithe ó cuireadh na boird seo in áit den chéad uair riamh agus, mar thoradh ar dhul chun cinn sa teicneolaíocht, tá an bealach a dtagaimid ar eolas agus a scaipimid eolas athraithe. Tá an tAire Deenihan ag ceapadh boird chun déileáil leis an ngearán nach bhfuil socraithe ó tharla go bhfuil an gearán seo déanta faoin gcóras reatha agus ní mór déileáil leis dá réir. É sin ráite, déanfar athbhreithniú sa tréimhse atá le teacht ar an ngá leanúnach atá leis an mBord um Scrúdóireacht Fhoilseachán agus leis an mBoird Achomhairc um Scrúdóireacht Fhoilseachán, agus ábharthacht na mBord sin.

Sonraíonn an reachtaíocht go mbeadh cúigear ball, an Cathaoirleach san áireamh, ar an mBord. Is é an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a cheapann an Bord agus tá an Bord neamhspleách ar an Aire i gcur i gcrích a fheidhmeanna agus níl an chumhacht ag an Aire cinntí an Bhoird a athrú. Mairfidh téarma an Bhoird nua go dtí mí na Samhna 2016. Ní íoctar baill an Bhoird, ach cúitítear iad as costas ar bith a thabhaíonn siad i ndáil le freastal ar chruinnithe Boird.

Is an tUasal Shane McCarthy an Cathaoirleach ainmnithe. De réir na nósanna imeachta do cheapacháin dá leithéid, deimhneofar post an Uasail McCarthy tar éis dul i láthair Choiste Oireachtais ar dháta atá fós le socrú. Is iad an Dr Noëlle O’Connor, Sinéad Prunty, Philip Moynihan agus Georgina Byrne ceathrar baill an Bhoird.

Tuilleadh sonraí faoi cheapaithe nua an Bhoird um Scrúdóireacht Fhoilseachán:

Is Dlíodóir le cleachtas dlí sa Sciobairín, Contae Chorcaí, é an Cathaoirleach ainmnithe, an tUasal Shane McCarthy. Tá BCL, LLB agus Máistreacht sa Choireolaíocht aige ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Is ball é d'Ollchomhairle Dhlí-Chumann na hÉireann agus de Choiste Rialú Cleachtais agus Choiste Dlí Choiriúil agus Cearta Daonna an Dlí-Chumainn. Tá sé ina bhall den Bhord um Ghearáin i gcoinne an Gharda Síochána ó Aibreán 2002 agus ina bhall den Bhord Parúil ó 2009.

Is Léachtóir Sinsearach le Léann na Turasóireachta agus an Fháilteachais í an Dr Noëlle O’Connor agus is í atá ina Stiúrthóir ar an gcúrsa B.A. (Honóracha) sa Staidéar Gnó le Clár Bainistiú Ócáidí in Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh. Tá sí ina Léachtóir MBA ar Líne ag Ollscoil Glion (an Eilvéis) freisin. Tá taithí thionsclaíoch aici freisin i dtionscail fáilteachais na hÉireann, na Breataine, na Fraince agus na hAstráile agus tá mórán taithí ar scrúdúcháin sheachtracha faighte aici freisin in Éirinn, i Nepal, san Eilvéis agus sa Ríocht Aontaithe. Tá sí faoi láthair ar Bhord Athbhreithniú Eagarthóireachta mhórán de phríomhirisí turasóireachta an domhain agus baineann a fócas taighde le réimse na turasóireachta a spreagann scannáin, cinn scríbe turasóireachta a fhaigheann tacaíocht ó dhaoine cáiliúla, brandáil cinn scríbe agus oideachas turasóireachta.

Is abhcóide i mbun cleachtaidh í Sinéad Prunty ó 2007 agus is léachtóir í leis an dlí choiriúil agus le dlí na fianaise i Scoil Dlí Ghairmiúil Choláiste Uí Ghríofa Baile Átha Cliath. Is comhairleoir deonach dlí í Sinéad leis an Ionad Saorchúnamh Dlí agus is ball boird í leis an gcarthanas Empowerment Plus. Chomh maith leis sin, is í an tOifigeach Cosaint Leanaí í in Ionad Spóirt Uisce na hÉireann. Bhain sí a cáilíocht amach i gComhlacht Onórach Óstaí an Rí in 2006 tar éis di onóracha a fháil ina hiarchéim LLB agus céim BA faighte aici ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit ar toghadh í freisin ina hOifigeach Feasachta um Mhíchumas Aontas na Mac Léinn.

D'éirigh Philip Moynihan as an nGarda Siochána in 2010, tar éis dó grád Ard-Cheannfoirt a bhaint amach in 2006. Tá B.A. aige sa Bhainistíocht Phoiblí ón bhForas Riaracháín agus Dioplóma sa Staidéar Dlí ó Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge. Tá sé gníomhach sa CLG mar imreoir agus mar thacadóir agus tá sé ina bhall faoi láthair de Choiste Bainistíochta Chlub Emmet Bhré. In 2012, cheap an Rialtas é ar an mBord Achomhairc Seirbhísí Maoine.

Rugadh Georgina Byrne i mBaile Átha Cliath agus rinne sí staidéar ar Litríocht an Bhéarla dá céim in UCD. Mhúin sí ag leibhéal na hiarbhunscoile ar feadh roinnt blianta sula ndeachaigh sí ag obair leis an tseirbhís leabharlainne poiblí i mBaile Átha Cliath ag tús na 1980dí. Thug sí faoi cháilíocht iarchéime sa Staidéar Faisnéise in UCD agus Máistreacht sa Bhainistíocht in Ollscoil na Breataine Bige agus d'oibrigh sí ag iliomad leibhéal laistigh de Leabharlanna Dheisceart Bhaile Átha Cliath. Rinneadh Leabharlannaí Contae di in 2009. Sa ról sin, chuir sí i gcrích an chéad seirbhís iasachta ríomhleabhar in Éirinn, chomh maith le tionscadail rathúla eile - mar shampla, TEDx Tallaght agus Féile Leabhar Bhliantúil Red Line.