Foilsithe ar 

Ráiteas an Taoisigh maidir leis an Tuarascáil faoi Ionaid Mhaigdiléana

Cuirim tús leis an díospóireacht seo inniu trí bhuíochas a ghlacadh leis an Dr Martin Mac Giolla Íosa agus leis an meitheal a rinne sárobair ar an tuarascáil seo a chur le chéile.

Gabhaim buíochas chomh maith céanna leis na mná sin uile a bhuail leo agus a chuidigh leis an obair.

Gabhtar buíochas freisin leis na hoird reiligiúnda a chuidigh go hiomlán leis an Dr Mac Giolla Íosa.

Tá curtha acu uile le chéile leis an obair chun cáipéis a chur ar fáil ina bhfuil fírinne an scéil.

Tá a lorg fágtha ag Ionaid Níocháin Mhaigdiléana ar shaol na hÉireann agus ar thuiscint an Éireannaigh den chineál é féin.

Coicís ó shin a cuireadh ar fáil dúinn an Tuarascáil seo, an chéad Tuarascáil mhioneolais riamh faoi pháirt an Stáit i gcóras Ionaid Níocháin Mhaigdiléana.

Tá léargas maith anois ar ghnéithe de stair na hÉireann a bhí diamhair orainn go dtí seo.

Bhí de rún daingean ag an Rialtas, ar theacht in oifig dúinn, scrúdú a dhéanamh maidir le páirt an Stáit sa scéal ar fad.

Bhíothas diongbháilte de go mbeadh an bhá sin agus an t-aitheantas sin ag na mná aosta agus scothaosta atá á lorg acu le fada, atá ag dul dóibh chomh mór sin, agus a bhí, go dtí seo, á shéanadh go hainniseach orthu.

Is é fírinne an scéil gur chaith Éire leis na mná seo agus ar tharla dóibh ar nós cuma liom ar feadh 90 bliain, le teann neamhshuime agus fuarchúise.

Bhí leagtha amach agamsa i m'intinn mar gheall air sin go gcaithfeadh an Rialtas seo, an Dáil seo, an t-am ba ghá, ní amháin leis an Tuarascáil a choimisiúnú, ach le scrúdú dáiríre a dhéanamh ar a bhfuil ann agus, ar sin a thabhairt chun críche, le machnamh ar a luaitear ann.

Is é mo thuairimse gurb é sin an bealach is fearr chun plean agus straitéis a chur i dtoll a chéile a chuideodh linn ról an Stáit san dochar a rinneadh do na mná seo a chúiteamh.

Is mór an chúis áthais dom go raibh oiread de na mná féin a d'aontaigh leis an gcur chuige seo. Agus is mór an sásamh dom gur thug an tréimhse machnaimh seo deis dom an rud is tábhachtaí ar fad a dhéanamh.

Bualadh go pearsanta le mná Ionaid Mhaigdiléana.

Suí síos - os a gcomhair amach - agus éisteacht lena gcuid scéalta.

Cuireadh ar m'umhlaíocht mé agus tugadh spreagadh dom.

Is mór an phribhléid dom inniu, agus mé mar Thaoiseach acu, fáilte a chur sa Teach seo roimh roinnt de na mná sin, tar éis do chuid mhór acu aistear fada a chur orthu féin le theacht i láthair.

Fearaim fáilte ó chroí roimh gach duine agaibh go Dáil Éireann.

Is é an scéal sin agaibhse an t-ábhar pléite atá againn inniu.

Téimid i ngleic inniu leis an gcaoi ar ghabh sibhse rún diamhair dorcha de chuid na tíre seo agus ar iompair sibh an t-ualach asaibh féin.

Folaíodh é, rug sibh libh faoi rún in bhur gcroí é, anseo in Éirinn, nó anonn go Sasana agus go Ceanada, go Meiriceá agus don Astráil, ar son na hÉireann agus mhuintir na hÉireann.

Ón nóiméad seo ar aghaidh, ní gá daoibh an t-ualach a iompar níos faide.

Glacaimid ar ais leis an ualach inniu.

Admhaímid inniu ról an Stáit sa mhéid a d'fhulaing sibh.

Is eol dúinn anois go raibh páirt ag an Stát go díreach i níos mó ná an ceathrú cuid de na cásanna inar cuireadh mná isteach in Ionaid Mhaigdiléana.

Tharla sin trí scoileanna ceartúcháin na seirbhísí sóisialta, institiúidí síciatracha, árais contae, an tseirbhís príosún agus promhaidh agus scoileanna tionsclaíochta.

Tá socraithe againn go deimhin, gach bean a bhí in Ionaid Mhaigdiléana a thabhairt faoi scáth bheart an Stáit ina leith, gan bheann ar an modh inar cuireadh isteach iad.

Leag an Dr Mac Giolla Íosa roimhe scrúdú a dhéanamh i ndáil le cúig réimse faoi leith;

1 Na bealaí ina ndeachaigh na mná isteach sna hionaid níocháin

2 Rialacháin maidir le hionaid oibre agus scrúduithe cigireachta an Stáit

3 Cistí de chuid an Stáit agus cúnamh airgid do na hionaid níocháin

4 Na bealaí inar tháinig na cailíní agus na mná amach as na hionaid níocháin

5 Clárú báis, adhlacadh agus dí-adhlacadh

Ba é a fuarthas amach go raibh páirt ag an Stát go díreach leis an gcás i ndáil le gach réimse acu sin.

Ar an Tuarascáil seo a léamh dom, agus ar éisteacht leis na mná,

Rith sé liom go raibh portráid faoi leith den tír mar náisiún inar mhair daoine mar ba chóir agus le heagla roimh Dhia cruthaithe ag glúin i ndiaidh glúine.

Ón tuarascáil seo agus ó thuarascálacha eile, is eol dúinn gur rómhealltach agus rómholtach an phortráid phlámáis sin.

B'fhurasta míniú bog, le fonn gach ní a chur ar neamhní, a thabhairt ar gach ar tharla, gach a ndearna muintir na hÉireann, leis na nathanna somhealltacha sin 'cultúr na haimsire sin', 'mar a bhíodh ag an am', 'saol crua na linne'.

Go deimhin, ba chrua agus ba chrua-chroíoch Éire ag an am, nach cosúil tréith na trócaire ag rith léi. Is léir sin óna bhfuil sa Tuarascáil agus ó thuairisc na mban ina gcuid cainte liom.

Agus mé i mo shuí in éineacht leis na mná sin, ag éisteacht lena gcuid scéalta, ba léir, ainneoin a scéal féin faoi leith ag gach bean acu, gurbh í an Éire áirithe amháin, lán breithiúnais, éadrócaire, suarachais agus cúisiúlachta, a chonacthas dóibh uile rompu.

Bhí roinnt de na mná a chaith seachtainí sna hionaid níocháin féin, roinnt a chaith míonna iontu agus daoine eile a bhí na blianta iontu.

Ach bhí snáithe amháin ag rith trína gcuid scéalta go léir, an tuiscint shoiléir go raibh siad á bplúchadh, ní amháin ó thaobh a bheith cuibhrithe i ngéibheann, ach á bplúchadh ón taobh síceolaíochta, spioradálta agus sóisialta de chomh maith. Is díol suntais chomh grinn, glé, léir a mhaireann cuimhne ar a gcás, rud a chuireann go mór leis na scéalta agus na tuairiscí.

Seo roinnt de na rudaí a bhí le léamh agam sa tuarascáil a chuala mé díreach óna mbéal féin:

Bhí an obair an-dian, bhí an dream a bhí i réim an-chruachroíoch

Bhraith mé nach raibh ann ach mé féin feasta, nach raibh aon duine do m'iarraidh

Chuir siad ann mé mar gur shíl siad go raibh mé ag dul ag scoil mhaith

Chonaic mé na daoine seo le mo thaobh a bhí níos sine ná mé, leis an gcaoineadh a chuirinn a chodladh mé féin

Bhí mé dána, ní raibh mé ag dul ar scoil

Cuireadh faoi ghlas mé..... Shíl mé nach ligfí amach mé go brách...

Bhíodh orainn fuáil a dhéanamh san oíche..... fiú nuair a bhímis breoite....

Chluininn raidió anois agus arís, i bhfad uaim.....

Ní bhíodh cead againn labhairt le chéile

Scrúdaítí do chuid litreacha

Ní raibh airde ar bith ionam, theastaíodh seasamh ar stól leis an éadach a chur isteach

Bhíodh an torann uafásach

Cheap mé go gcuirfeadh an ciúnas as mo mheabhair mé

Ní chreidfeá an teas a bhíodh ann

Bhris mé cupán uair amháin agus bhí orm é a chaitheamh timpeall mo mhuiníl go ceann trí lá

Bhraith mé traochta seasta..... fliuch i gcónaí ....náirithe an t-am go léir

Tháinig m'athair faoi mo choinne tar éis trí mhí ach bhí mé rónáirithe le dul abhaile

Ní fhaca mé mo mháthair ina dhiaidh sin..... fuair sí bás agus mise istigh ansin

B'fhéidir gur dúradh le mná Ionaid Níocháin Mhaigdiléana go raibh máchail nó peaca á sciúradh acu, ach tuigimidne anois, agus is cúis náire dúinn é, nach raibh le sciúradh acu ach scáil dhorcha na tíre.

Inniu, ar an gcaoi chéanna a n-admhaítear an pháirt a bhí go díreach ag an Stát le hIonaid Níocháin Mhaigdiléana, tá freagracht an phobail le hadmháil chomh maith.

Sílim go labhraím thar ceann na milliún Éireannach ar fud an domhain nuair a deirim gur chuireamar na mná seo de leataobh mar gheall go raibh, ar feadh na mblianta, an coinsias á chur de leataobh againn chomh maith.

Chuireamar uainn an scrupall pearsanta a bheadh orainn gur ghlac ina ionad le córas dian poiblí a choinnigh i gcomhréir sinn le nóisean den 'iompar chuí' nó den 'mheon ceart' a bhí ag teacht le cód morálta de shórt áirithe a cothaíodh ag an am, go mór mór idir 1930 agus 1960.

Maireadh de réir na tuisceana, gan bheann ar aon dochar a thiocfadh uaidh, gurbh ionann agus go mba mhar a chéile, an ní a bhí ceart agus inghlactha i súile na hEaglaise agus i súile an Stáit.

Arbh é an meon sin, an uirísleacht i gcúrsaí moráltachta, a d'fhág de nósanna sóisialta againn 'luachanna' riachtanacha sainiúla na linne, an soicheall roimh an ‘SINNE’ géilliúil umhal agus an doicheall roimh an ‘IADSAN’ aigeanta mí-ámharach nach é an sonas a bhí ag gabháil leo?

Agus is cúis náire don náisiún é go dtiocfadh sé rite leis na mná seo, fiú dá n-éiríodh leo éalú thar bhallaí arda na n-ionad níocháin, airde agus leithead na constaice a shárú a bhain le croí 'ceart' an phobail. Óir chonacthas gurbh rud aon éagsúlacht a bhí le seachaint agus le ceilt seachas le ceiliúradh agus le móradh.

Ach arbh iad seo na 'luachanna fiúntais' a bhí againne?

Is féidir an cheist sin a chur i ndáil le stát, ní áirím i ndáil le poblacht.

Cad é an ‘fiúntas’ a bhain le hordú os íseal nach gcuirfí ina choinne trínar imir pobal uirísle agus tarcaisne ar na cailíní agus ar na mná seo?

Cad é an ‘fiúntas’ a ghabh leis an aineolas agus an mhórchúis a d'fhág gur tugadh 'Aithrígh' go poiblí orthu mar gheall ar 'choir' a dhéanamh trí bheith bocht, nó drochíde á imirt orthu, nó oiread den mhí-ádh orthu gur tharla iad cheana féin i scoil cheartúcháin, i scoil tionsclaíochta nó in institiúid síciatrachta?

Bíodh an cheist againn orainn féin, na teaghlaigh a bhí ionainn ag an am, cad é a bhí fiúntach, cad é a bhí tairbheach, faoin sofhriotal sin 'a chur isteach' ag trácht ar ár gcuid iníonacha, ár gcuid deirfiúracha, ár gcuid aintíní?

Ba de thréithe Éire Mhaigdiléana na 'luachanna' sin, an cliseadh, an éagóir.

Ní mar a chéile Éire an lae inniu lena mbaineann meon coinsiasacht eile ar fad.

Éire inar mó den bhá, den tuiscint, den léargas agus den dea-chroí atá ionainn.

 

Tá, mar go bhfuil ceachtanna an uafáis á bhfoghlaim againn ar deireadh thiar.

Tá, mar go bhfuil na rúin diamhra á scaoileadh againn ar deireadh.

Tá, mar go bhfuiltear ag féachaint, tríd an éagóir a lua go sonrach agus phlé, mar atá ar siúl anseo inniu, lena chinntiú go ndéantar stair amháin d'iompar tháiríseal dá chineál agus go ruaigtear go hiomlán é as Éirinn na linne seo agus ón am atá le theacht.

I bpobal a mbeadh bá agus an ceart is an cóir i gcúrsaí sóisialta de phrionsabail ann, ní bheadh gá go deo le hinstitiúidí de leithéid Ionaid Níocháin Mhaigdiléana.

Léirítear sa Tuarascáil nach ar an bhfírinne in aon chor ach ar an mírún atá an dearcadh gur do na mná sin a ndeireadh daoine fúthu, le barr tarcaisne agus le tús na breithe a ghabháil chucu féin, go raibh siad imithe den 'bhealach ceart' a bhí Ionaid Níocháin Mhaigdiléana ann. Tá, agus bhí riamh, na mná saor ón locht.

Dá réir sin, deirimse, i mo Thaoiseach dom, thar ceann an Stáit, thar ceann an Rialtais agus thar ceann shaoránaigh na hÉireann gur oth linn go mór an díobháil a rinneadh dóibh agus aon mhícháil a d'fhulaing siad mar gheall ar an am a chaith siad in Ionad Níocháin Mhaigdiléana agus gabhtar leithscéal leo gan chuntar ar bith.

Tá súil agam gur cabhair éigin Tuarascáil Mhic Giolla Íosa a fhoilsiú agus an leithscéal seo a ghabháil maidir leis an bpróiseas chun an dochar a leigheas.

Ar mo mhachnamh dom ar an Tuarascáil, tá mé tagtha ar an gcomhairle gur mó ná leithscéal foirmeálta, dá thábhachtaí sin, atá ag dul do na mná seo. Is mian liom chomh maith próiseas a chur ar bun trínar féidir linn a shocrú conas is fearr cabhair agus cúnamh taca a thabhairt do na mná seo maidir leis an gcuid eile dá saol.

Ar cheann de mhórchuid rudaí atá tugtha chun aire agam le linn na gcruinnithe leis na mná seo le tamall anuas, tá gur mór an éagsúlacht eatarthu i ndáil leis an gcás ina bhfuil siad inniu agus a gcuid riachtanas faoi láthair.

Is ar an ábhar sin atá iarrtha ag an Rialtas inniu ar Uachtarán an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí, an Breitheamh John Quirke, tabhairt faoi athbhreithniú trí mhí agus moltaí a chur faoi bhráid faoi na critéir ba cheart a úsáid agus an cúnamh á mheas is féidir leis an rialtas a chur ar fáil, i ndáil le híocaíochtaí agus cúnamh taca eile, mar shampla, cártaí leighis, seirbhísí síceolaíochta agus comhairleoireachta agus riachtanais leasa eile.

Foilseofar na téarmaí tagartha maidir le hathbhreithniú an Bhreitheamh Quirke inniu agus socróidh mé freisin go dtugtar tuairisc iomlán d'ionadaithe na mban ar a mbainfidh leis an bpróiseas seo. Ar an mBreitheamh Quirke tuarascáil a chur ar fáil, cuirfidh an rialtas Ciste ar bun, bunaithe ar an lón comhairle a mholann seisean, chun cuidiú leis na mná.

Comhairle Críochnúil

Tá mé cinnte go gcuirfidh an próiseas seo ar ár gcumas cúnamh luath-thráthúil, cóir, fiúntach a chur ar fáil do na mná ar bhealach báúil neamhnaimhdeach. Tá de rún daingean agam gur chun cuidiú leis na mná - mar is mian go mór leo féin sa mhéid atá ráite acu - agus nach maidir le costais dlí agus riaracháin - a bhainfear úsáid den chuid is mó as an gciste.

Déantar tagairt i dTuarascáil Mhic Giolla Íosa freisin do mhná a d'aithris saol den chineál céanna acu féin in ionaid níocháin chónaithe eile, mar shampla an t-ionad níocháin san Ionad Oiliúna ar Shráid Stanhope i mBaile Átha Cliath a bhíodh ag freastal ar an bpobal.

Tá socraithe ag an rialtas gur cheart na mná sin freisin a bheith san áireamh maidir leis an leithscéal atá á ghabháil agam inniu agus leis an gCiste.

Is eol dom chomh maith go bhfuil cuid mhór de na mná ar bhuail mé leo an tseachtain seo caite ar mian leo go mbeadh dealbh cuimhneacháin nó eile ann a chuirfeadh eachtraí míthaitneamhacha seo na staire i gcuimhne dúinn.

Tá mé ar aon intinn leo gur cheart sin a dhéanamh agus tá i gceist agam labhairt go díreach leis na grúpaí ionadaíochta agus le hoiread agus is féidir de na mná chun aontú ar an gcineál cuimhneacháin cuí a chruthú agus sin le hairgead Rialtais ar leith ón gciste atá á chur de leataobh maidir le cúnamh a thabhairt do na mná go díreach.

Is go díreach leis na mná sin a raibh drochthionchar ag Ionaid Níocháin Mhaigdiléana ar an saol ina dhiaidh sin acu a deirim an focal scoir.

Ar feadh na mblianta, chliseamar oraibh mar phobal.

Ligeamar i ndearmad sibh, nó má smaoiníomar oraibh ar chor ar bith, ní raibh againn ach buancheapanna bréagacha tarcaisneacha.

Is cúis náire don náisiún é agus deirim arís libh go bhfuil brón agus briseadh croí orm mar gheall air agus gabhaim leithscéal go huile agus go hiomlán libh ina leith.

Agus an comhrá le dream amháin de mhná Ionaid Mhaigdiléana ag teannadh le deireadh, chan duine de na mná a bhí i láthair an t-amhrán ‘Whispering Hope’. Ghreamaigh líne as an amhrán sin i mo cheann – "when the dark midnight is over, watch for the breaking of day".

Tá súil agam go mbeidh an lá seo agus díospóireacht an lae inniu ina bhreacadh ar sholas nua geal acu sin a mb'ábhar imní dóibh nach dtiocfadh deireadh go deo le dorchadas an mheán oíche.