Foilsithe ar 

Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 fógartha ag an Aire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D.

D'fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., inniu (3/11/11) go bhfuil tús curtha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le hathbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, i gcomhréir leis an ngealltanas atá sonraithe i gClár an Rialtais. Is é bunchuspóir an Achta a chinntiú go gcuirtear feabhas ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.

"Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil tús curtha leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla," a dúirt an tAire Stáit, "agus tá súil agam go dtapóidh an pobal agus páirtithe leasmhara eile an deis a gcuid moltaí faoin Acht a chur faoi bhráid na Roinne."

Is iad aidhmeanna an athbhreithnithe a chinntiú gur meicníocht éifeachtach é an tAcht a thacaíonn le forbairt na Gaeilge ar bhealach atá éifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh costais de agus go bhfuil na dualgais a eascraíonn ón Acht cuí chun soláthar sásúil seirbhísí trí Ghaeilge ag comhlachtaí poiblí a chinntiú, de réir an éilimh atá orthu ón bpobal. Faoi théarmaí tagartha an athbhreithnithe, déanfar athbhreithniú cuimsitheach ar fheidhmiú an Achta a thógfaidh san áireamh leasuithe inmholta a chinnteoidh gurb iad na seirbhísí poiblí atá le soláthar trí Ghaeilge na seirbhísí is mó a bhfuil éileamh orthu. Déanfar scrúdú freisin ar dhea-chleachtas reatha i dtaca le soláthar seirbhísí teanga i dtíortha eile.

Beidh an t-athbhreithniú ar an Acht á stiúradh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus rachfar i gcomhairle le príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear Oifig an Choimisinéara Teanga, Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí eile, eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta chomh maith leis an bpobal i gcoitinne.

Tá dhá ghné i gceist leis an bpróiseas comhairliúcháin, teimpléad le haghaidh aighneachtaí agus suirbhé. Tugann an teimpléad, a chuimsíonn príomhréimsí feidhmiúcháin an Achta, deis d'fhreagróirí tuairimí cuimsitheacha a nochtadh faoi na réimsí éagsúla sin. Is í aidhm an tsuirbhé ná eolas níos gonta a bhailiú maidir le soláthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge, ar bhonn cainníochtúil agus cáilíochtúil. Tá téarmaí tagartha an athbhreithnithe, an teimpléad le haghaidh aighneachtaí agus an suirbhé le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne www.ahg.gov.ie.

Is é an 31 Eanáir 2012 an spriocdháta le haghaidh an teimpléad agus/nó an suirbhé a chur faoi bhráid na Roinne i nGaeilge nó i mBéarla.