Foilsithe ar 

Fáiltíonn an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta roimh an leithdháileadh do ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta & Oileán don bhliain 2013.

Chuir an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., fáilte inniu (5 Nollaig 2012) roimh an leithdháileadh atá beartaithe don Roinn i dtaca le gnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán don bhliain 2013.

Dúirt an tAire Stáit: "Cé go bhfuil cinntí crua le tógáil againn i gcomhthéacs an leithdháilte laghdaithe, tá sé i gceist agam na seirbhísí túslíne a chosaint oiread agus is féidir. Sa chomhthéacs sin, beimid ag cur béim níos mó ná riamh ar luach ar airgead a fháil ó allúntas an Státchiste."

Thug an tAire Stáit le fios go mbeidh beagnach €42.4m le caitheamh ag an Roinn in 2013 ar ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán agus go mbeidh beagnach €40.3m le caitheamh ar ghnóthaí thuaidh theas (An Foras Teanga agus Uiscebhealaí Éireann). Is figiúirí táscacha iad seo, faoi réir na Meastachán a bheith faofa amach anseo agus faoi réir chomhaontú na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas, i gcás na mbuiséad thuaidh theas.

Dúirt an tAire Stáit: "San iomlán, beidh beagnach €57m le caitheamh ag mo Roinnse in 2013 ar ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán, lena n-áirítear an Foras Teanga. Cé go raibh sé riachtanach laghdú a dhéanamh ar bhuiséad na Roinne trasna an bhoird, tá mise dóchasach go mbeimid in ann aghaidh a thabhairt ar ár gcuid tosaíochtaí a chomhlíonadh taobh istigh den soláthar."

Maidir le caiteachas reatha na Roinne, dúirt an tAire Stáit: "Agus Acht na Gaeltachta ina dhlí anois, tá sé i gceist againn tús áite a thabhairt don phróiseas pleanála teanga agus muid ag treabhadh ar aghaidh le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Dá bhrí sin, tá allúntas méadaithe de mhaoiniú reatha tugtha d'Údarás na Gaeltachta chun an próiseas pleanála teanga a chur i gcrích. Ina theannta sin, táim an-shásta go mbeidh an t-allúntas céanna ann do na seirbhísí iompair do na hoileáin."

Maidir le caiteachas caipitil na Roinne, dúirt an tAire Stáit: "Ós rud é go bhfuil an Rialtas ag tabhairt tús áite do chruthú fostaíochta, tá allúntas méadaithe de €6m curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta d'fhorbairt fiontraíochta sa Ghaeltacht."

Dúirt an tAire Stáit go gcreideann sé go bhfuil soláthar dóthanach curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta, d'Oifig an Choimisinéara Teanga agus don Fhoras Teanga, lena           n-áirítear Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, chun cur ar a gcumas a gcuid feidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh le linn 2013.

CRÍOCH

Aguisín

Gaeilge, Gaeltacht & Oileáin        €42.4m           (-5%)

Gaeilge, Gaeltacht & Oileáin 2012 2013 % Athrú

Reatha 35.853 34.290 -4%

Caipiteal 8.927 8.077 -10%

Iomlán 44.78 42.367 -5%

Thuaidh theas*                               €40.3m           (-6%)

Thuaidh theas 2012 2013 % Athrú

Reatha 38.244 36.178 -5%

Caipiteal 4.503 4.073 -10%

Iomlán 42.747 40.251 -6%