Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich deontas reáchtála €105,600 don Ghaelacadamh sa Spidéal

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., go raibh allúntas €105,600 á cheadú aige don Ghaelacadamh sa Spidéal i dtreo na gcostas reatha a bhaineann le raon beart faoi leith atá faoi stiúir an eagrais agus a thacaíonn le cur chun cinn an cheoil, an rince agus na hamhránaíochta sa Ghaeltacht.

Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit go raibh sé an-sásta a bheith in ann an t-airgead seo a chur ar fáil don Ghaelacadamh as ucht an sár-obair atá ar siúl acu i múscailt daoine óga fanacht dílis dá n-oidhreacht. "Tá ról lárnach agus leanúnach ag an nGaelacadamh i gcur chun cinn ceol dúchasach na Gaeltachta agus táimid go mór faoi chomaoin acu féin agus ag na múinteoirí atá fostaithe acu, agus is léir go bhfuil toradh fiúntach ar a gcuid oibre," a dúirt an tAire Stáit.