Foilsithe ar 

Fáilte curtha ag Airí roimh sheoladh phróiseas comhairliúcháin phoiblí Fhoras na Gaeilge

Chuir Airí ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta sa Tuaisceart fáilte roimh sheoladh phróiseas comhairliúcháin phoiblí Fhoras na Gaeilge i ndáil le hathbhreithniú ar a chomhlachtaí bunmhaoinithe inniu.

Sheol Foras na Gaeilge próiseas comhairliúcháin phoiblí inniu (9/1/12) a mhairfidh dhá sheachtain déag agus a bhainfidh leis an tsamhail mhaoinithe iomaíoch nua, atá beartaithe le teacht i bhfeidhm in ionad an tsamhail bhunmhaoinithe atá ann faoi láthair.

Chuir Jimmy Deenihan T.D., Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., Aire Stáit le freagracht speisialta as Gnóthaí Gaeltachta agus Carál Ní Chuilín CTR, Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta sa Tuaisceart, fáilte roimh an seoladh, a comhaontaíodh ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ar an 12 Deireadh Fómhair 2011.

Beidh an próiseas comhairliúcháin phoiblí ag díriú ar phunann dréachtscéimeanna Fhoras na Gaeilge, le haird ar leith ar na naoi gcomhlachtaí bunmhaoinithe déag sa dá dhlínse.

Mhol na hAirí do gach duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge breithniú ar conas ar féidir leo cur go dearfach leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí:

"Tríd an bpróiseas comhairliúcháin, is féidir linn a chinntiú go gcuirtear riachtanais agus tuairimí an phobail agus, go háirithe, iad siúd a mbeidh tionchar ag an maoiniú orthu, san áireamh agus polasaithe rialtais á gceapadh. Tá sé beartaithe go rachaidh an tsamhail mhaoinithe nua chun tairbhe d’fhás agus d’fhorbairt na Gaeilge sa todhchaí."

Nótaí d'eagarthóirí

· Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil faoi láthair do 19 comhlachtaí bunmhaoinithe ar fud na tíre, idir Thuaisceart is Dheisceart.

· Tá athbhreithniú á dhéanamh ag Foras na Gaeilge ar a chomhlachtaí bunmhaoinithe mar thoradh ar chinneadh a rinne an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas.

· Leanfaidh próiseas comhairliúcháin Fhoras na Gaeilge ar aghaidh go 2 Aibreán 2012.

· Tá sonraí uile an phróisis chomhairliúcháin ar fáil go dátheangach ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge: