Foilsithe ar 

Cuireann an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich fáilte roimh fhógra do phoist i gConamara

Tá fáilte curtha inniu (18/4/12) ag Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., roimh fhógra an Taoisigh, Enda Kenny T.D., go bhfuil Mylan, an déantóir cineálach cógaisíochta is mó in Éirinn agus ceann de na cuideachtaí cógaisíochta is mó ar domhan, chun a áis déantúsaíochta agus taighde agus forbartha, Bioniche Pharma, in Indreabhán, Co. na Gaillimhe, a mhéadú agus suas le 220 post nua a chruthú sna trí bliana atá amach romhainn.

Dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich go mbeidh tionchar mór eacnamaíoch ag infheistíocht Mylan ar Ghaeltacht na Gaillimhe. “Is léiriú muiníne sa cheantar agus sna hoibrithe áitiúla é an cinneadh seo atá déanta ag Mylan cur leis an áis atá acu i gConamara agus í a fhorbairt mar ionad barr feabhais do tháirgí in-insteallta cógaisíochta na cuideachta agus dá cuid próisis taighde agus forbartha. Molaim an tÚdarás Forbartha Tionscail agus Údarás na Gaeltachta as an infheistíocht seo a mhealladh go Gaeltacht na Gaillimhe. Sampla ar dóigh é seo den chomhoibriú a tharlaíonn idir gníomhaireachtaí forbartha fiontar na hÉireann chun a chinntiú go mbaineann iarthar na hÉireann, agus an Ghaeltacht ach go háirithe, tairbhe as cruthú fostaíochta trí infheistíocht dhíreach ó thar lear." Dúirt an tAire Stáit freisin go bhfuil dílseacht mhór léirithe ag Mylan dá mhonarcha i gConamara agus 160 duine fostaithe ag Bioniche Pharma ann.

Cuireann an fógra seo ó cheann de na cuideachtaí is mó san earnáil seo ar domhan," a dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich, "teachtaireacht amach go bhfuil Éirinn oscailte fá choinne gnó agus go bhfuil deiseanna iontacha infheistíochta anseo do chuideachtaí ilnáisiúnta a bhuíochas dár bhfórsa oibre atá óg, solúbtha agus oilte go maith.