Foilsithe ar 

Pacáiste Maoinithe Ceadaithe do Bhliain na Gaeilge 2018

Tá fáilte curtha ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D. roimh chinneadh Fhoras na Gaeilge maoiniú speisialta de €450,000 a chur ar fáil do Bhliain na Gaeilge 2018.
"Is deis í seo an pobal a spreagadh chun ár dteanga dhúchais a labhairt agus í a chur i lár an aonaigh," a dúirt an tAire Stáit McHugh. “Mar atá ráite agam cheana, tá bliain thar a bheith speisialta romhainn i 2018 le Bliain na Gaeilge agus táim thar a bheith sásta gur éirigh liom an maoiniú a aimsiú di i mBuiséad 2018. Creidim go láidir go bhfuil roinnt Gaeilge ag gach Éireannach. Mar sin, beifear ag díriú ar an timpeallacht cheart a chothú ionas go mbeidh misneach ag achan duine triail a bhaint as an nGaeilge ar bhonn laethúil.”
Thacaigh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, leis an méid a dúirt an tAire Stáit McHugh. “Léiríonn Daonáireamh 2016 go bhfuil 1.76 milliún duine in ann an Ghaeilge a labhairt ach ní labhraíonn ach 73,803 duine an teanga ar bhonn laethúil. Ar ndóigh, aontaím leis an Aire McHugh go bhfuil roinnt Gaeilge ag formhór dhaonra na hÉireann ag eascairt as an gcóras oideachais agus creidim gur bunús iontach atá ansin chun an Ghaeilge a chur chun cinn le linn 2018.”
Deir an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Agus 125 bliain caite againn ó thús na hathbheochana, is deis í Bliain na Gaeilge le ceiliúradh a dhéanamh ar an mhéid a baineadh amach don Ghaeilge ó bhí 1893 ann. Is bealach é fosta leis an Ghaeilge agus leis na dúshláin atá roimpi a chur i lár an aonaigh sa dioscúrsa poiblí. Is iontach an rud é go mbeidh grúpaí fud fad an domhain páirteach sa cheiliúradh seo, agus tá buíochas ollmhór ag dul do na grúpaí sin uile a bheidh ag obair go díograiseach le hócáidí a eagrú don fhéile.”
Chuir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh fáilte roimh an bhfógra: “Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta deis a bheith againn a bheith páirteach sa bhfeachtas tábhachtach seo agus a bheith ag obair as lámha a chéile leis na páirtithe leasmhara chun an Ghaeilge agus cultúr agus oidhreacht na Gaeltachta a chuir chun cinn. Tá sé tábhachtach go ndéanfaí chuile dheis a thapú chun an Ghaeilge mar theanga pobail sa Ghaeltacht a threisiú agus a láidriú agus táimid ag súil go gcabhróidh an infheistíocht atá dhá dhéanamh i mBliain na Gaeilge go mór leis sin.”
Bunófar coiste ardleibhéil anois, le hionadaithe ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Conradh na Gaeilge, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta chun clár na bliana a chur i dtoll a chéile agus a stiúradh. Faoi mar atá ráite ag an Aire Stáit McHugh cheana, tá i gceist aige labhairt lena chomhghleacaithe sa Rialtas sna seachtainí amach romhainn chun a chinntiú go mbeidh tacaíocht ar fud an státchórais uile do Bhliain na Gaeilge 2018.
Déanfaidh Conradh na Gaeilge an clár atá leagtha amach acu fhéin do Bhliain na Gaeilge 2018 a sheoladh ag Oireachtas na Gaeilge amárach Dé Sathairn.