Foilsithe ar
An Chancellor Angela Merkel i mBaile Átha Cliath
Taoiseach Enda Kenny agus Chancellor Angela Merkel
An Taoiseach agus an Chancellor ag an preasócáidBhí Chancellor Angela Merkel i mBaile Átha Cliath le déanaí i gcomhair cruinniú an EPP. Thug sí cuairt ar an Taoiseach Enda Kenny, agus tar éis cruinniú i Tithe an Rialtais, bhí preasócáid ag na ceannaire.
Ag caint faoi cheist na mbancanna, dúirt an Taoiseach Enda Kenny:
Tá fhios agat an freagra a thug sí duit agus mé fhéin. Tá an próiseas seo ag dul ar aghaidh. Tá cruinniú ag tarlú agus tar eis tarlú ó thaobh na conspóidí agus na cuspóir a leagadh amach agus ó anois go dtí deireadh na mbliana beidh sin curtha i gcríoch. Ní féidir rud ar bith a dhéanamh faoi go dtí go mbeidh ar a dtugtar an ‘Single Supervisory Mechanism’ curtha faoi bhun agus ag an am sin, ó cás go cás, mar a rinneadh sa chinniú a dhéaneadh an blian seo chaite. Beidh iarratas le cur isteach, más gá é, ag an bpointe sin. Só ní féidir rud ar bith a dhéanamh faoi go dtí deireadh na mbliana. Agus, mar a dúirt an seansailéir duit, tá sise dóchasach go mbeadh toradh maith le fáil faoi iarratas a chuirfear isteach ag an am sin.