Foilsithe ar 

An tAire a bhfuil Freagracht air maidir le Cosaint, an tUas. Paul Kehoe, T.D., ag freastal ar Shearmanas Coimisiúnaithe an Aerchóir don 32ú Rang Daltaí an Aerchóir in Aeradróm Mhic Easmuinn, Baile Dhónaill

D'fhreastail an tAire a bhfuil Freagracht air maidir le Cosaint, an tUas. Paul Kehoe,T.D., ar Shearmanas Coimisiúnaithe an Aerchóir don 32ú Rang Daltaí an Aerchóir in Aeradróm Mhic Easmuinn, Baile Dhónaill inniu.

Bhí 9 nDalta sa 32ú Rang Daltaí an Aerchóir; Anthony Candon, Paul Chaloner, Colm Dowling, Jamie Bray, Niall Dungan, Tadhg Firman, Christopher Jevens, Colm Keena agus Joseph Ward.

Ina aitheasc do na 9 n-oifigeach nuachoimisiúnaithe den Aerchór, dúirt an tAire Minister Kehoe “mar oifigigh phíolóta den Aerchór, tá gairm bheatha thar a bheith dúshlánach roghnaithe agaibh – ach ceann atá thar a bheith fiúntach  freisin a bhfuil sásamh ann. Tá súil agam go mbainfidh sibh sult as an iliomad gnéithe dearfacha agus taitneamhacha den saol míleata. Chun tosaigh orthu sin tá an chomrádaíocht, na dúshláin agus an t-ardleibhéal sástachta poist a bhaineann le daoine a threorú agus freastal orthu. 

Thug an tAire Kehoe aitheantas freisin don méid a rinne an Rang Daltaí le linn Chomóradh Céad Bliain 1916 i mbliana. “….bhí roinnt de chomhaltaí an 32ú Rang Daltaí ar dhaoine de na 100 pearsanra de chuid an Aerchóir a mháirseáil trí Bhaile Átha Cliath Domhnach Cásca.  Bhí comhaltaí eile den Rang páirteach i dtareitilt os cionn Chathair Chorcaí agus Inis Córthaidh Luan Cásca, áit a raibh sé de phribhléid agam féin iad a fheiceáil”.

Luaigh an tAire Kehoe go sonrach an fhoireann sa Choláiste Míleata agus sa Scoil Oiliúna Eitilte a raibh baint acu leis na Daltaí a ullmhú do dhualgas oifigigh ‘as an gcúram agus an díograis a léirigh siad agus iad ag forbairt agus ag cothú na ndaoine óga seo don ghairm bheatha a bheidh acu amach anseo.’