Foilsithe ar 

Freastalaíonn an tAire Kehoe ar Shearmanas Coimisiúnaithe na Seirbhíse Cabhlaigh don 50ú Rang Daltaí na Seirbhíse Cabhlaigh.

D’fhreastail an tAire Stáit sa Roinn Cosanta, an tUasal. Paul Kehoe, T.D., ar Shearmanas Coimisiúnaithe na Seirbhíse Cabhlaigh don 50ú Rang Daltaí na Seirbhíse Cabhlaigh inniu (Déardaoin 6ú Meán Fómhair 2012) in Inis Sionnach i gCorcaigh.

Chuir an Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht), an Maorghinearál Conor O’Boyle agus an Ceannasóir i gCeannas na Seirbhíse Cabhlaigh, an Ceannasóir Mark Mellett, fáilte roimh an Aire.

Ag an Searmanas Coimisiúnaithe don seachtar gcomhaltaí den 50ú Rang Daltaí na Seirbhíse Cabhlaigh rinne an tAire Kehoe comhghairdeas leis na hoifigigh nua-choimisiúnaithe agus dúirt “is cloch mhíle thábhachtach é searmanas an lae inniu in oideachas agus i dtraenáil 50ú Rang Daltaí na Seirbhíse Cabhlaigh”.  Ag tagairt don traenáil ar thug na hoifigigh nua-choimisiúnaithe faoi dúirt an tAire “i Meán Fómhair 2010 a cuireadh tús leis an gclár traenála agus táimid anseo inniu, 24 mí ina dhiaidh sin, i dteannta cheannairí óga a bhfuil sé cruthaithe acu, i bhfoirm oideachas agus traenáil dhian acadúil, phraiticiúil agus fhisiciúil go bhfuil siad feiliúnach le coimisiúnú ina n-oifigigh sa tSeirbhís Chabhlaigh”.  Ag tagairt do chúlra agus do thaithí chomhaltaí 50ú Rang Daltaí na Seirbhíse Cabhlaigh dúirt an tAire Kehoe freisin “chuir an meascán de dhaoine cumasacha sa rang go mór agus go tairbheach leis an dinimic i measc an ghrúpa agus cuirfidh sé freisin leis an saibhreas tallainne agus taithí atá faoi láthair i bhforas Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann, idir fhir is mhná”.

Thagair an tAire don obair mhór atá déanta ag an tSeirbhís Chabhlaigh i róil éagsúla a leagann an Rialtas uirthi.  Dúirt sé  “Is léir do chách chomh maith is a éiríonn leis an tSeirbhís Chabhlaigh maidir le cosaint iascaigh, cuardach agus tarrtháil agus cúnamh don chumhacht shibhialta, go háirithe maidir le drugaí a dhíchumasú.”   Dúirt sé freisin “Is é bunról Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann ná gníomhú ina ceannas ar uiscí a bhfuil leas nó údarás ag an Stát orthu.   Tugann a gcuid longa le fios do gach duine go bhfuilimid tiomanta do dhea-rialáil inár gcuid uiscí féin.  Is ionann iad freisin is fógra dóibhsean a chuimhneodh ar dhorchmheas a léiriú do ghnáis nó do phrionsabail Stát na hÉireann agus don phobal idirnáisiúnta go ginearálta.   Tá an Rialtas tiomanta leanúint ag tacú leis an tSeirbhís Chabhlaigh lena chinntiú go mbeidh ar a cumas an réimse tascanna a shanntar di a chomhlíonadh.”

Ar deiridh dúirt an tAire Kehoe “Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’fhoireann Choláiste na Seirbhíse Cabhlaigh a raibh baint acu leis na hoifigigh seo a ullmhú chun dualgais.  Inniu lá na n-oifigeach nua, áfach. Beidh sé de dhualgas orthu ceannaireacht agus treoir a thabhairt do dhaoine eile agus níl amhras orm ach go ndéanfaidh siad sin go paiteanta.”