Foilsithe ar 

Fógra ón Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta, an tUas. Alan Shatter, T.D.,

Tá áthas orm a fhógairt gur baineadh céim thábhachtach amach tráthnóna inniu (Dé hAoine 18 Bealtaine 2012) i bpróiseas tógála an chéad cheann de dhá long nua do Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann leis an searmanas traidisiúnta inar leagadh cíle ag Clós Longthógála  Appledore, Babcock Marine, in Devon, an Ríocht Aontaithe.

Bhí ionadaithe sinsearacha ón tSeirbhís Chabhlaigh agus ón Roinn Cosanta i láthair ag an searmanas inar leagadh an chíle, chomh maith le comhaltaí de chuid na Seirbhíse Cabhlaigh a bhí páirteach sa tionscadal tógála.

Ní hé seo an chéad uair a bhí baint ag an Roinn Cosanta agus ag Seirbhís Chabhlaigh na hÉireann le Appledore. Tógadh dhá long, an LÉ Róisín agus an LÉ Niamh, sa longlann chéanna breis agus deich mbliana ó shin agus is príomhlonga de fhlít reatha Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann go fóill iad.

Tá an chéad long le seachadadh go luath i 2014. Beidh an dara long réidh i 2015. Tiocfaidh an dá long nua sin in áit dhá cheann de na hárthaí níos sine atá ag an tSeirbhís Chabhlaigh, agus ní bheidh na seanlonga i mbun seirbhíse oibríochta ón tráth sin ar aghaidh.

Nóta chuig Eagarthóirí

Socraíodh conradh le Babcock Marine, UK i mí Deireadh Fómhair 2010 chun dhá long nua a sholáthar don tSeirbhís Chabhlaigh. Is é €99m (gan CBL san áireamh) praghas an chonartha agus tá sé faoi réir ag téarmaí conartha agus costais deiridh chomhaontaithe. Chomh maith leis sin, beidh €7.8m, gan CBL san áireamh, i gceist le córas armán a chur ar fáil do na longa, córas cosúil leis na cinn ar an LÉ Róisín and LÉ Niamh.

Tá sceideal íocaíochtaí thar tréimhse ocht mbliana (2010 go 2017) leagtha amach, agus tá siad á maoiniú ó bhuiséad bliantúil na Roinne Cosanta. Tá an chéad long le seachadadh go luath i 2014. Beidh an dara long réidh i 2015. Tiocfaidh an dá long nua sin in áit dhá cheann de na hárthaí níos sine atá ag an tSeirbhís Chabhlaigh, agus ní bheidh na seanlonga i mbun seirbhíse oibríochta ón tráth sin ar aghaidh.