Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Bruton Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta

Fograíonn an tAire chomh maith dhá phost breise in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chun an soláthar múinteoirí iar-bhunoideachais don teagasc trí mheán na Gaeilge a neartú

Ag eascairt as an seoladh a rinneadh mí Dheireadh Fómhair seo caite ar Pholasaí na Roinne don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton T.D. inniu tús leis an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta.

Tá imlitir, mar aon le pacáiste eolais, curtha amach inniu chuig gach bunscoil agus iar-bhunscoil i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta agus tugtar cuireadh do na scoileanna sin páirt a ghlacadh sa Scéim. Faoin Scéim tabharfar deis do na scoileanna a bheidh páirteach Aitheantas mar Scoil Ghaeltachta a ghnóthú ar an mbonn go ndéantar sainchritéir theanga a chur i bhfeidhm thar thréimhse chúig bliana agus go nglactar páirt sna próisis phleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta, 2012.

Caithfear cinneadh na scoile maidir le páirt a ghlacadh sa Scéim a dhéanamh i gcomhairle le pobal na scoile uile, ar a n-áirítear an príomhoide, an fhoireann teagaisc, an bord bainistíochta, Príomhfheidhmeannach an Bhoird Oideachais agus Oiliúna (BOO), más cuí, ionadaithe na dtuismitheoirí agus an coiste pleanála teanga áitiúil. Ar mhaithe le cur chuige comhairleach, comhoibríoch a chothú, caithfidh an Fhoirm um Léiriú Spéise a chuirfidh scoileanna isteach go dtí an Roinn a bheith sínithe ag príomhoide na scoile, ag cathaoirleach an bhoird bhainistíochta agus ag cathaoirleach an choiste pleanála teanga ábhartha.

Beidh na scoileanna a ghlacfaidh páirt sa Scéim incháilithe chun tacaíochtaí breise a fháil faoi na téarmaí atá leagtha amach sna himlitreacha a bhaineann leis an Scéim. Tá na tacaíochtaí a bheidh ar fáil sa scoilbhlian 2017/2018 leagtha amach in Imlitir 0033/2017 agus in Imlitir 0034/2017.

“Tá an Rialtas tiomanta go mór don oideachas trí mheán na Gaeilge a neartú sa Ghaeltacht agus is céim mhór chun cinn sa phróiseas sin an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta,” a dúirt an tAire Bruton. “Sa chéad scoilbhliain eile, leagfar an bhéim ar fhorbairt agus ar thacaíocht ghairmiúil a sholáthar do phríomhoidí agus do mhúinteoirí na Scéime ionas gur féidir leo pleanáil chun an soláthar trí mheán na Gaeilge ina gcuid scoileanna a fheabhsú.”

Beidh deontais ar fáil do na scoileanna a bheidh páirteach sa scéim chun acmhainní oideachais breise a ghnóthú mar aon le raon tacaíochtaí don fhorbairt ghairmiúil in 2017/18. Déanfar tacaíochtaí breise a fhógairt sna blianta atá le teacht de réir mar a bhíonn an Polasaí don Oideachas Gaeltachta á chur i bhfeidhm.

“Rinneadh na cuir chuige agus na tacaíochtaí atá leagtha amach sna himlitreacha atá eisithe agam inniu a phlé go cuimsitheach le raon leathan eagraíochtaí sa Ghaeltacht agus le grúpaí príomhoidí bunscoile agus iar-bhunscoile i scoileanna Gaeltachta. Bhain tábhacht thar na bearta le dearcthaí na ndaoine aonair agus na ngrúpaí seo, mar aon le tacaíocht mo chomhghleacaí, an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne agus a roinn, chun cruth a chur ar an Scéim seo,” a dúirt an tAire Bruton.

“Molaim do gach scoil sa Ghaeltacht féachaint le páirt a ghlacadh sa Scéim seo agus táim muiníneach go gcabhróidh sé seo le todhchaí na Gaeilge mar theanga bheo sna pobail Ghaeltachta a thacú agus a chur chun cinn,” a dúirt an tAire.
Tá fáil ar mhionsonraí na Scéime in Imlitir 0033/2017 agus in Imlitir 0034/2017 http://www.education.ie/ga/An-Córas-Oideachais/Polasai-don-Oideachas-Gaeltachta-2017-2022/Polasai-don-Oideachas-Gaeltachta-2017-2022.html

Poist in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chun oideachas múinteoirí trí mheán na Gaeilge a neartú
Rinne an tAire Richard Bruton céim eile a fhógairt inniu chun an soláthar de mhúinteoirí iar-bhunoideachais don teagasc trí mheán na Gaeilge a neartú. Cruthófar dhá phost nua in OÉ Gaillimh ar bhonn iasachtaí, chun cur leis an Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO), in OÉ, Gaillimh.

“Aithnítear sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta go gcaithfimid an soláthar múinteoirí a bhfuil na sainscileanna is gá acu don teagasc i scoileanna lán-Ghaeilge agus i scoileanna Gaeltachta a threisiú. Is léiriú iad an dá phost seo atá cruthaithe ar na chéad chéimeanna chun an tiomantas atá sa Pholasaí don OIdeachas Gaeltachta a chur i bhfeidhm”, a dúirt an tAire Bruton.

“Tá dea-theist le fada ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh don soláthar ar oiliúint múinteoirí don scolaíocht trí mheán na Gaeilge, agus is cúis áthais domsa go bhfuil sé ar mo chumas tacú le méadú an tsoláthair sin,” a dúirt an tAire Bruton.

Táthar ag súil go gcruthóidh na múinteoirí a bheidh ar iasacht chuig an gclár MGO don bhliain acadúil 2017-18 deis ar mhéadú láithreach agus leanúnach ar an soláthar de mhúinteoirí iar-bhunscoile don oideachas trí mheán na Gaeilge. Cuirfear é seo i gcrích le raon beart ar a n-áirítear uas-sciliú ar ábhar oidí, deiseanna foghlama for-rochtana, ar líne agus cumaisc mar aon le feabhsú agus cur chun cinn na gclár.