Foilsithe ar 

Gaelscoil Philib Barún, An Trá Mhór, Co. Phort Láirge oscailte go hoifigiúil ag an Aire

€2.7 Milliún Infheistithe ag an Stát i Scoil Nua Úrscothach


Ba chúis áthais don Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton Uasal T.D., foirgneamh scoile nua Ghaelscoil Philip Barún a oscailt go hoifigiúil.

Tá 8 Seomra Ranga, Seomra Ilfhóinteach agus cóiríocht choimhdeach mar chuid d’áiseanna úrscothacha na scoile.

Cuireadh foirgneamh nua Ghaelscoil Philib Bharúin ar fáil mar chuid de Chlár Tógala Scoile na Roinne. Cuireadh tús leis an tógáil i mí Mheán Fómhair 2015 agus tháinig na chéad daltaí isteach sa scoil i mí Mheán Fómhair 2016. Rinne an tAire Bruton an oscailt oifigiúil inniu.

Táimid tiomanta, trí chlár infheistíochta caipitil an rialtais do scoileanna, don infheistiú ar na céadta milliún chun scoileanna síntí scoileanna nua a sholáthar ar fud na tíre.

Dúirt an tAire Bruton:

“Ba chúis áthais dom cuairt a thabhairt inniu ar Ghaelscoil Philib Barún ar an Trá Mhór, Co. Phort Láirge, don oscailt oifigiúil ar an scoil. Tríd an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas, a bhfuil sé mar aidhm aige an tseirbhís oideachais agus oiliúna a bheith ar an gceann is fearr san Eoraip, beidh na céadta milliún á infheistiú againn, faoin ár gclár infheistíochta caipitil do scoileanna, chun scoileanna agus síntí scoile a thógáil ar mhaithe le daltaí ar fud na tíre. Lá mór atá sa lá inniu do phobal uile na scoile. Rachaidh na háiseanna úrscothacha seo go mór chun tairbhe na Trá Móire.”

Bhí an tAire Stáit Oiliúna agus Scileanna, John Halligan, T.D., in éineacht leis an Aire Bruton ag an oscailt.

Dúirt an tAire Stáit Halligan:

“Tá áthas orm a bheith anseo inniu in éineacht le Daithi de Paor, leis an fhoireann agus le tuismitheoirí agus daltaí Ghaelscoil Philib Barún ag oscailt oifigiúil a scoile nua. Tá ardmholadh tuillte acu dá gcuid oibre go léir thar na blianta. Níl aon amhras ach go gcuireann an fhoirgneamh seo go mór leis an Trá Mhór ó osclaíodh an scoil do na daltaí sa bhliain acadúil seo agus leanfaidh an tionchar ar feadh na nglúinte atá le teacht."

Nótaí don eagarthóir

Bhí 217 daltaí cláraithe sa scoil i mí Mheán Fómhair 2016.

Feidhmíonn an scoil, scoil do bhuachaillí agus do chailíní araon, faoi phátrúnacht Easpag Phort Láirge agus an Leasa Mhóir. Bronnadh aitheantas buan ar an scoil i 1996.

Is ar S & K Carey Teo a bronnadh an conradh mar thoradh ar chomórtas tairisceana agus chosain an tionscadal thart ar €2.7m (ar a n-áirítear costas foirgníochta, táillí gairmiúla & troscán agus treallamh).