Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Quinn Pátrúnacht na mBunscoileanna Nua atá á mbunú i 2012 agus i 2013

Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, TD, na cinntí atá déanta aige faoi phátrúnacht na mbunscoileanna nua atá le bunú i 2012 agus 2013.

Tá an fógra seo mar bhuaicphointe ar an bpróiseas a thosaigh i Meitheamh 2011 nuair a d’fhógair an tAire go bhfuiltear le 20 bhunscoil nua a bhunú suas go dtí 2015 i roinnt áiteanna éagsúla chun freastal ar an méadú ar líon na ndaltaí.

Ag an am sin d’fhógair an tAire chomh maith go mbeadh critéir agus socruithe nua ann i gcomhair na scoileanna nua a aithint. Ar na socruithe seo bhí bunú Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua, atá ina ghrúpa neamhspleách comhairleach, chun comhairle a chur ar an Aire faoi phátrúnacht na scoileanna nua tar éis don Ghrúpa tuarascáil a bhreithniú a chuir oifigigh de chuid na Roinne le chéile. Chuir an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua tuarascáil faoi bráid an Aire an tseachtain seo caite.

Ag fógairt pátrúnacht na scoileanna nua dó, dúirt an tAire Quinn: "Cuireann na cinntí atá déanta agam maidir le pátrúnacht na scoileanna nua béim ar leith ar sholáthar cuí a dhéanamh áit a bhfuil sé léirithe go bhfuil éileamh ann ó thuismitheoirí ar iolrachas agus éagsúlacht pátrúnachta. Cuirfidh na scoileanna nua seo barrfheabhas ar an raon rogha atá ag tuismitheoirí agus neartóidh siad an éagsúlacht soláthair sna ceantair a bhfuil siad le bunú iontu."

Iarradh ar na pátrúin fianaise a chur faoi bhráid ar éileamh ó thuismitheoirí agus iad ag cur iarratais isteach ar scoil nua. Ina theannta sin, áiríodh i measc na gcritéar chun cinneadh ar an bpátrúnacht an bealach ina ndéanfadh na scoileanna beartaithe, faoina gcuid pátrún ar leith, foráil d’éagsúlacht sholáthar oideachais a leathnú nó a láidriú i ngach aon cheantar ag tabhairt aird ar thuairimí na dtuismitheoirí.

Agus na hiarratais a fuarthas á mbreithniú sna cásanna go léir, breithníodh na critéir fhoilsithe go léir de réir mar a leagadh amach iad, san áireamh méid na héagsúlachta atá ann sna scoileanna atá ann agus méid na héagsúlachta a chuirfeadh an scoil nó na scoileanna nua ar fáil. Breithníodh é seo maraon le leibhéal an éilimh ó thuismitheoirí i leith gach aon iarratasóra ar phátrúnacht.

Ghabh an tAire a bhuíochas le baill an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua as an ionchur luachmhar a bhí acu sa bpróiseas. Adúirt sé "Chuir mé tús leis an gcóras leasaithe i gcomhair bhunú scoileanna nua agus ceapadh pátrún na scoile i dtreo is go mbeadh sé ina phróiseas oibiachtúil, trédhearcach. Tá ról an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua ríthábhachtach chun na haidhmeanna seo a bhaint amach agus is mian liom mo bhuíochas a ghabháil leo as a gcuid oibre sa réimse seo."

Rachaidh oifigigh de chuid na Roinne i dteagmháil le gach ceann de na comhlachtaí pátrúnachta gan mhoill maidir le lóistíocht bhunú na scoileanna nua seo.

Osclófar 7 scoil nua i Meán Fómhair 2012. Beidh 5 díobh seo faoi phátrúnacht Ag Foghlaim le Chéile, beidh scoil amháin faoi phátrúnacht An Fhorais Phátrúnachta agus beidh an seachtú scoil ina Pobalscoil Náisiúnta a bheidh faoi phátrúnacht an CGO nuair a achtófar reachtaíocht cumasúcháin.

Nótaí d’Eagarthóirí:

Tá tuarascáil an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua don Aire leis seo mar eolas.

Ghlac an tAire le moltaí an Ghrúpa i ngach cás ach amháin Cill Dara agus Mala.

Rinne sé athrú maidir leis an bpátrúnacht a bhí beartaithe do na scoileanna i gCill Dara agus Mala áit a raibh an leibhéal éilimh ó thuismitheoirí a léirigh an dá phátrún beagnach díreach mar an gcéanna.

Tá Ag Foghlaim le Chéile faofa ag an Aire Quinn mar phátrún na scoile nua i gCill Dara agus tá CGO Chontae Chorcaí faofa aige mar phátrún ar an scoil nua i Mala (seachas an CGO i gCill Dara agus Ag Foghlaim le Chéile i Mala mar a bhí molta).

Tá pobalscoil náisiúnta cheana féin ag Contae Chill Dara faoi CGO Chill Dara agus í suite i Nás.

Rinneadh an t-athrú seo chun an líon contaethe agus CGOanna a raibh pobalscoil náisiúnta acu a leathnú agus chun teorainn a chur leis an líon pobalscoileanna náisiúnta a bheadh ag tosnú i 2012 roimh don reachtaíocht nua maidir le CGOanna a bheith achtaithe.

Déileálfaidh an Bille um Boird Oideachais agus Oiliúna, a bhfuil an scéim ghinearálta de foilsithe, leis an mbunús reachtaíochta le gafacht an CGO/Bhord Oiliúna le pobalscoileanna náisiúnta.

Beidh an tAire ag foilsiú chomh maith tuarascáil ghrúpa oibre faoi fheidhmiú na bPobalscoileanna Náisiúnta sna seachtainí amach romhainn agus sa chomhthéacs seo tá sé ag breithniú cén chaoi gur féidir an tsamhail seo a fhorbairt a thuilleadh mar chuid den chóras bunoideachais go ginearálta.

Nasc:

Bunscoileanna Nua 2012

 

Ceantar Pátrún Faofa Nóta Tráchta

Baile an tSaoir Ag Foghlaim le Chéile 

An Chéim Ag Foghlaim le Chéile 

Tamhlacht Iarthar na Cathrach/Baile Uí Fhoirtcherin  Ag Foghlaim le Chéile agus CGO Chontae Bhaile Átha Cliath 2 scoil nua

Baile Chill Dara  Ag Foghlaim le Chéile 

Fógraithe cheana:   

Mullagh Eadrad An Foras Pátrúnachta 

Cill Dhéagláin Ag Foghlaim le Chéile  

 

Bunscoileanna Nua 2013

 

Ceantar Pátrún Faofa Nóta Tráchta

Tamhlacht Thiar CGO Chontae Bhaile Átha Cliath 

Teach na Giúise/An Seanbhábhún An Foras Pátrúnachta agus Ag Foghlaim le Chéile  2 scoil nua

An Chéim An Foras Pátrúnachta 

Mala CGO Chontae Chorcaí 

Leamhcán CGO Chontae Bhaile Átha Cliath 

Fobhailte Chorcaí Theas – Dúglas/Baile an Róistigh Ag Foghlaim le Chéile 

Baile an Chairpintéaraigh  Ag Foghlaim le Chéile Coinneofar dáta oscailte 2013 don scoil seo faoi athbhreithniú ag feitheamh ar anailís ar na sonraí is suas chun dáta de Shochar Leanaí don cheantar.

Gaillimh – Ceantar Chnoc na Cathrach     Scoil lán-Ghaelach a bheidh inti seo.  Iarrfar tuilleadh soiléirithe anois ar An bhForas Pátrúnachta and CGO Chathair na Gaillimhe sula bhféadfar cinneadh a dhéanamh faoi phátrúnacht.

 

2014 ar aghaidh

 

Ceantar   Nóta Tráchta

Baile Chill Dara   Faoi réir ag an t-éileamh a bheith deimhnithe is ceart scoil eile a oscailt i 2014 faoi phátrúnacht An Fhorais Phátrúnachta.

Baile Roisín/Gleann Maghair   Táthar ag cur oscailt scoile nua ar athló le bliain nó dhó agus beidh an Roinn ag déanamh monatóireachta go grinn ar rollaithe sna naíonáin shóisearacha sa cheantar i gcónaí.