Foilsithe ar 

Gabhann an tAire Deenihan buíochas le scoileanna ar fud na tíre as nóiméad ciúnais a choimeád mar chomhartha ómóis dóibh siúd ar fad a d'fhulaing le linn an Ghorta Mhóir

Inniu (8ú Bealtaine 2014), ghabh Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, buíochas leis na scoileanna ar fad ar fud na tíre a bhfuil sé beartaithe acu nóiméad ciúnais a choimeád amárach, Dé Aoine, 9ú Bealtaine 2014. Déanfar é seo mar léiriú ómóis i gcuimhne orthu siúd ar fad a d'éag agus a d'fhulaing le linn an Ghorta Mhóir.

Tá iarrtha ar dhaltaí i ngach bunscoil agus meánscoil sos a ghlacadh ar feadh nóiméid ag meán lae ar an Aoine, 9ú Bealtaine 2014, chun machnamh a dhéanamh orthu siúd ar fad a cailleadh le linn an Ghorta Mhóir agus ar ghorta agus ocras ar fud an domhain.

Dúirt an tAire Deenihan: "Gach bliain faighimid tacaíocht iontach ó na scoileanna don tionscnamh seo. Táimid fíorbhuíoch díobh agus as an toil leanúnach a léiríonn siad maidir le meas a thaispeáint orthu siúd ar fad a d'éag le linn an ghorta. Cinntíonn rannpháirtíocht na nglúine óga go gcuimhneofar ar ár stair agus ardaíonn sé feasacht freisin maidir le fadhbanna ocrais atá ar fud an domhain sa lá atá inniu ann. Níl aon amhras ach go raibh tionchar ag an nGorta Mór ar an meon atá againn in Éirinn ó thaobh gorta ar fud an domhain sa lá atá inniu ann agus tá Éire tiomanta d'fhóirithint dhaonnúil a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil sé ag teastáil uathu."

Beidh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2014 ar siúl ar an Domhnach, an 11ú Bealtaine, i mBéal na mBuillí, Contae Ros Comáin, agus tugtar cuireadh don phobal freastal ar an searmanas ina mbeidh searmas foirmiúil stáit agus gné phobail mar chuid de. Beidh Cuimhneachán Idirnáisiúnta ar an nGorta Mór ar siúl i New Orleans i mí na Samhna 2014.

Cuireadh tús le clár imeachtaí deich lá, roimh Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir, i mBéal na mBuillí ar an Aoine, 2ú Bealtaine, agus leanfar leis go dtí an 11ú Bealtaine, nuair a chuirfear clabhsúr leis le searmanas cuimhneacháin oifigiúil stáit. Áiríonn na himeachtaí sraith léachtaí, píosaí ceoil, siúlóidí, turais bus, drámaí, ceol, taispeántais agus searmanais áitiúla chuimhneacháin agus beidh na himeachtaí uile saor in aisce.

Tá tuilleadh eolais faoin gclár imeachtaí áitiúil agus faoi Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2014 ar fáil ar na suíomhanna gréasáin seo a leanas:

http://www.ahg.gov.ie/ie/ComoradhNaisiuntaanGhortaMhoir2014/

www.strokestownpark.ie

http://www.roscommoncoco.ie/en/

http://roscommon.ie/