Foilsithe ar 

Díospóireacht náisiúnta de dhíth faoinár gcur chuige agus ár ndearcadh i leith fhoghlaim na Gaeilge

Iarrann an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., ar an bpobal teacht ar aistear leis agus é ag tabhairt faoin Ghaeilge a athfhoghlaim

Thug an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., cuireadh inniu don phobal bheith in éineacht leis agus é ag féachaint le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge. Ba mhaith leis an Aire McHugh tús a chur le díospóireacht náisiúnta faoin tábhacht atá leis an nGaeilge i súile an phobail agus conas ar féidir úsáid laethúil na Gaeilge a mhéadú.

Dúirt an tAire McHugh:

Cáineadh mé le cúpla lá anuas as m'easpa inniúlachta sa Ghaeilge. Tuigim an imní seo go maith agus tá mé ag tabhairt faoin scéal a chur ina cheart agus feabhas a chur ar mo chuid inniúlachta. Ba mhaith liom pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur ar a shuaimhneas i ndáil leis seo ós rud é go bhfuil mé tiomanta go hiomlán d'ionadaíocht a dhéanamh ar a gcuid leasa.

Léiríonn mó chás-sa an saol mar atá sé do go leor de mhuintir na tíre seo - duine a bhfuil grá aige don teanga ach nár bhain úsáid as na scileanna a d'fhoghlaim sé ar scoil lasmuigh den seomra ranga. Mar an tAire Stáit nuacheaptha do Ghnóthaí Gaeltachta, tá sé ar intinn agam úsáid a bhaint as mo phost leis an phobal a spreagadh chun an teanga a "athfhoghlaim" in éineacht liom, an méid Gaeilge atá acu cheana féin a úsáid agus feabhas a chur ar a gcuid scileanna chomh maith. Ar an dóigh seo, thig linn iarracht a dhéanamh an teanga a ghlacadh isteach inár ngnáthshaoil - sé sin, go mbeidh sí fite fuaite inár saol laethúil.

Tá súil ag an Aire McHugh go dtabharfaidh a thionscnamh spreagadh do dhaoine an teanga a labhairt, i gcomhréir leis an mbunaidhm atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030:

Tá mé ag súil go bhfeidhmeoidh mo chuid iarrachtaí mar ghríosadh do dhaoine leis an teanga a labhairt. Tá mé diongbháilte feabhas a chur ar mo chuid scileanna Gaeilge féin. Tá sé ar intinn agam daoine a choinneáil ar an eolas i ndáil leis an dul chun cinn atá á dhéanamh agam agus cuirfidh mé amach tvuíteanna le frásaí úsáideacha a thig le daoine a úsáid sa ghnáthshaol. Tá súil agam go dtacóidh muintir na Gaeilge agus na Gaeltachta liom agus mé ag tabhairt faoin aistear foghlama seo sa dóigh is go bhféadfaidh muid oibriú le chéile le húsáid laethúil na teanga a mhéadú ar fud na tíre, mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. I dtaca leis sin, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na heagraíochtaí éagsúla, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, atá ag obair leis an teanga a chur chun cinn.

Tá a fhios agam go bhfuil go leor daoine ann, idir óg is aosta, a bhfuil fonn orthu an teanga a ghlacadh chucu féin agus ba mhaith liom iad a spreagadh chun é sin a dhéanamh trí mo thaithí féin. Mar a deir an seanfhocal, beatha teanga í a labhairt. Tá súil agam go bhfaighidh mé tacaíocht ón phobal leis an tionscnamh seo.