Foilsithe ar 

Seolann an tAire McHugh Clár Imeachtaí Contae Dhún na nGall don tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta ón 23 go dtí an 31 Lúnasa 2014

Dé Luain, an 11 Lúnasa 2014:

Déanfaidh Joe McHugh, T.D., an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Clár Imeachtaí Contae Dhún na nGall don tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta 2014 a sheoladh i Músaem an Chontae, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.

Tugann an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta deis an-mhaith do dhaoine dul i ngleic lena n-oidhreacht thógtha, chultúrtha agus nádúrtha. Tá Contae Dhún na nGall ar na háiteanna is gnóthaigh le linn na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta, le níos mó ná 90 ócáid ar siúl ar fud an chontae. Tá níos mó ná 20 díobh sin á n-eagrú nó á n-óstáil ag Seirbhísí Chultúrtha Chomhairle Contae Dhún na nGall. Is iad An Chomhairle Oidhreachta agus Oifigigh Oidhreachta an Údaráis Áitiúil, le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Fáilte Éireann a chomhordaíonn an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta.

Agus é ag labhairt ag an seoladh, dúirt an tAire McHugh "Tá ról iontach tábhachtach ag ár n-oidhreacht mar go gcuireann sí lenár dtuiscint ar an cheantar agus le héagsúlacht na tíre seo. Is iad ár bpobail - ár dteaghlaigh féin fiú - idir bheag agus mhór - a chosnaíonn agus a chaomhnaíonn ár n-oidhreacht agus a thabharfaidh ár dtraidisiúin agus ár ngaois don chéad ghlúin eile. Is deis ar dóigh í an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta do theaghlaigh - óg agus aosta - chun teacht le chéile agus páirt a ghlacadh i raon leathan de ghníomhaíochtaí. Tá daoine ag obair le chéile ar fud na tíre lenár n-oidhreacht a chur chun cinn. Achan bhliain le linn na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta feiceann muid an chomhoibriú den scoth seo.

"Tá a fhios agam go nglacfaidh muintir Dhún na nGall páirt sa tSeachtain Oidhreachta ina sluaite arís i mbliana le tacú leis na hócáidí uilig atá pleanáilte, cuid mhaith acu saor in aisce. Molaim d'achan teaghlach - gach glúin díobh - breathnú ar ár n-oidhreacht le chéile. Agus muid ag teacht chun deiridh ócáid an lae inniu, ba mhaith liom arís obair na ngrúpaí oidhreachta áitiúla agus úinéirí ár láithreacha oidhreachta a mholadh, óir is iadsan fíorchaomhnóirí ár n-oidhreacht - agus molaim go cranna na spéire an tiomantas agus díograis atá léirithe agaibh. " arsa an tAire McHugh, ag cur clabhsúr lena chuid cainte.