Foilsithe ar Thursday13thOctober2011

Deenihan ag comhdháil phoiblí don Ghorta Mhóir

Inniu thug Jimmy Deenihan Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach ar Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir an óráid oscailte ag comhdháil phoiblí “From the Famine to Post Modern Hunger in the 21st Century”, i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Dúirt an tAire Deenihan an méid seo inniu:

Ní dóigh gur tharla aon rud eile i stair na hÉireann a d’fhéadfá a chur i gcomparáid leis an nGorta Mór ó thaobh an tionchar a bhí aige agus an oidhreacht a d’fhág sé. É sin ráite, tá sé ríthábhachtach, mar náisiún, go mbainfimis leas as an taithí agus an tuiscint atá againn chun feasacht a spreagadh maidir leo siúd ar fad ar fud an domhain atá ag fulaingt de bharr éifeachtaí tubaisteacha gorta sa lá atá inniu ann. Is é seo an t-aon bhealach ar féidir linn meas i ndáiríre a léiriú orthu siúd a d’fhulaing san am atá caite.

Léigh an eisiúint iomlán anseo.