Ráiteas Príobháideachta

Beartas Príobháideacht

Tugaimid urraim do chearta ár n-úsáideoirí agus, tríd is tríd, ní bhailímid eolas nó faisnéis phearsanta de chineál ar bith

I gcás gnáthbhrabhsála gréasáin ní dhéantar aon eolas pearsanta a nochtadh dúinn, cé go mbíonn eolas staitistiúil áirithe ar fáil dúinn trínár soláthróir seirbhíse idirlín. Féadfaidh sé go mbeidh na nithe seo a leanas ar áireamh san eolas sin:

Déileálfar le haon eolas pearsanta a thabharfaidh tú (mar shampla agus tú ag clárú do sheirbhís síntiúis ríomhphoist) de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde, ag géilleadh go hiomlán don Acht um Chosaint Sonraí, 1988, arna leasú leis an Acht um Chosaint Sonraí (Leasú), 2003. Ní bhainfear úsáid as aon eolas a chuireann tú ar fáil ar an tslí sin ach amháin chun na críche lena chuir tú ar fáil é.

Nuair a chuireann úsáideoir eolas pearsanta ar fáil ar bhonn saorálach mar fhreagairt ar cheistneoir nó ar shuirbhé, is chun críocha taighde nó anailíse amháin a bhainfear úsáid as.

I gcás gnáthbhrabhsála gréasáin ní dhéantar aon eolas pearsanta a nochtadh dúinn, cé go mbíonn eolas staitistiúil áirithe ar fáil dúinn trínár soláthróir seirbhíse idirlín. Féadfaidh sé go mbeidh na nithe seo a leanas ar áireamh san eolas sin:

  • Seoladh loighciúil an tseirbheálaí atá tú a úsáid
  • An t-ainm domhnais uasleibhéil óna mbíonn teacht agat ar an Idirlíon (mar shampla, .ie, .com, .org etc.)
  • An cineál brabhsálaí atá tú a úsáid
  • An dáta agus an t-am a dtagann tú ar ár láithreán

An seoladh idirlín a úsáideadh chun nascadh lenár láithreánBaintear úsáid as cuid den eolas sin thuas chun staitisticí achoimre a chruthú lena bhfágtar an deis againn teacht ar an líon cuairteoirí ar ár láithreán, na leathanaigh sin is minice a dhírítear orthu a aithint agus, tríd is tríd, le cuidiú linn ár láithreán a dhéanamh níos furasta a úsáid.

“Cuir ríomhphost chugainn” agus “Gnéphost”

Ó am go ham d’fhéadfaimis ríomhphoist a sheoltar chugainn i “Gnéphost” ar ár láithreán gréasáin a fhoilsiú. Má roghnaímid do ríomhphost le foilsiú déanfaimid teagmháil leat roimh ré chun do chead a lorg. Ní fhoilseoimid do ríomhphost mura mbeidh cead tugtha agat.

Úsáid Anailíseacha Google

Baineann an láithreán gréasáin seo úsáid as Anailíseach Google, seirbhís anailíseach gréasáin a chuireann Google, Inc. (Google) ar fáil. Baineann Anailíseacha Google úsáid as “fianáin”, téacschomhaid a chuirtear ar do ríomhaire, chun cabhrú leis an láithreán gréasáin anailísiú a dhéanamh ar conas a úsáideann úsáideoirí an láithreán. Tarchuirfear an t-eolas a ghineann an fianán faoin úsáid a bhaineann tú as láithreán gréasáin (lena n-áirítear do sheoladh IP) chuig freastalaithe Google sna Stáit Aontaithe agus stóráltar ansin é. Bainfidh Google úsáid as an eolas sin chun meastóireacht a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin, tuarascálacha a thiomsú ar ghníomhaíocht láithreán gréasáin d’oibritheoirí láithreán gréasáin agus seirbhísí eile a bhaineann le gníomhaíocht láithreán gréasáin agus úsáid idirlín a sholáthar. Féadfaidh Google an t-eolas sin a aistriú chuig tríú páirtithe nuair a éilíonn an dlí sin nó nuair a phróiseálann tríú páirtithe an t-eolas thar ceann Google. Ní chomhcheanglóidh Google do sheoladh IP le haon sonraí eile atá á choimeád ag Google. Féadfaidh tú diúltú d’úsáid fianán trí na socruithe cuí a roghnú ar do bhrabhsálaí, ach tabhair ar aird le do thoil, má dhéanann tú sin nach mbeidh tú in ann feidhmiúlacht iomlán an láithréain gréasáin a úsáid. Trí úsáid a bhaint as an láithreán gréasáin seo, tá tú ag tabhairt cead do Google sonraí fút a phróiseáil sa tslí agus chun na gcríoch atá leagtha amach thuas.