Foilsithe ar 

Ainmniúcháin le haghaidh Ceapacháin leis an Ard-Chúirt

Ag a chruinniú inniu, d’ainmnigh an Rialtas Brian O’Moore, Abhcóide Sinsearach, Mark Sanfey, Abhcóide Sinsearach, Mary Rose Gearty, Abhcóide Sinsearach, Niamh Hyland, Abhcóide Sinsearach agus Mark Heslin Solr. lena gceapadh ag an Uachtarán leis an Ard-Chúirt.

Tá na folúntais san Ard-Chúirt tagtha aníos mar gheall gur tugadh ardú céime don Bhreitheamh Onórach Aileen Donnelly chuig an gCúirt Achomhairc an 17 Meitheamh 2019. Tháinig na ceithre fholúntas eile aníos i ndiaidh gur tugadh ardú céime don Bhreitheamh Onórach Séamus Noonan, an Breitheamh Onórach Máire Faherty, an Breitheamh Onórach Robert Haughton agus an Breitheamh Onórach Úna Ní Raifeartaigh chuig an gCúirt Achomhairc an 4 Samhain 2019.

Chuaigh an Rialtas i mbun na mbeart riachtanach chun an tUachtarán Ó hUiginn a chur ar an eolas go foirmiúil ar na hainmniúcháin i gcomhréir le cleachtas bunreachtúil.

Críoch

Nótaí d’Eagarthóirí

Rinneadh na hainmniúcháin le haghaidh ceapacháin leis an Ard-Chúirt i ndiaidh próisis faoinar thug an Bord Comhairleach Ceapachán Breithiúnach.

Sonraí teoranta beathaisnéiseacha:

Brian O’Moore, Abhcóide Sinsearach

• Oideachas: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

• Arna ghairm chuig an mBarra: 1984

• Arna ghairm chuig an mBarra Inmheánach: 1999

Mark Sanfey, Abhcóide Sinsearach

• Oideachas: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, The Honorable Society of Kings Inns

• Arna ghairm chuig an mBarra: 1987

• Arna ghairm chuig an mBarra Inmheánach: 2004

• Ball bunaidh Chomhlachas Barra Foirgníochta na hÉireann, ball bunaidh Consult a Colleague

Mary Rose Gearty, Abhcóide Sinsearach

1. Arna ghairm chuig an mBarra: 1992

• Arna ghairm chuig an mBarra Inmheánach: 2009

• Iar-leas-chathaoirleach na Comhairle Barra. Cathaoirleach reatha Choiste Cleachtas Gairmiúil na Comhairle Barra. Stiúrthóir reatha Ospís agus Seirbhísí Cúraim Mhuire Mháthair Teoranta. Comhalta boird reatha, Irish Rule of Law International. Ball de Choimisiún Imscrúdúcháin Mhic Lochlainn. Ball bunaidh Consult a Colleague. Ball bunaidh L&W (Law and Women). Léachtóir in The Honorable Society of Kings Inns agus Coláiste Uí Ghríofa.

Niamh Hyland, Abhcóide Sinsearach

• Oideachas: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Coláiste Magdalen, Oxford, The Honorable Society of Kings Inns.

• Arna ghairm chuig an mBarra: 1994

• Arna ghairm chuig an mBarra Inmheánach: 2012

• Iarchomhalta Bhord Rehab, Stiúrthóir Chuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Open Spectrum, iarchomhalta na Comhairle Bharra agus coistí éagsúla. Iarchomhalta boird Chumann Idirghabhála Tráchtála na hÉireann.

Mark Heslin, Solr.

• Oideachas: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, Dlí-Chumann na hÉireann.

• Tugadh cead isteach go dtí Rolla na nAturnaetha dó i 1995.

• Iartheagascóir ag Dlí-Chumann na hÉireann.