Foilsithe ar 

An Rath ar fheachtas Éire i mbun Taibhithe agus 320,000 duine ar fud an domhain tar éis féachaint ar 50 Taibhiú go dtí seo

Tá Cultúr Éireann ag déanamh ceiliúrtha ar an rath a bhí ar an gcéad 50 taibhiú ar líne a thug an t-aos dána faoi scéim Éire i mbun Taibhithe a bhfuil breathnaithe ag breis is 320,000 duine air go dtí seo.

Tá lucht féachana idirnáisiúnta tarraingthe ag na taibhtithe agus an sceideal atá socraithe ag cinntiú go bhfuil lucht spéise ar fud an domhain ábalta féachaint orthu beo sna criosanna ama éagsúla. Tá taithí ar leith curtha ar fáil don lucht spéise ag gach ealaíontóir, go leor díobh ag cur a dtaispeántas féin i láthair as áiteanna nach mbeifí ag súil leo, trá, polathollán, veain agus seid ina measc.

Tionóladh an 50ú taibhiú ar Lá na Filíochta le béim speisialta ar an bhfocal labhartha le Stephen James Smith, Mairéad O'Donnell, Siobhan agus Ciaran O'Driscoll.  Is féidir féachaint ar na taibhithe sin go fóill ar leathanach Facebook Chultúr Éireann.

Tá neart taispeántas eile geallta ag Éire i mbun Taibhithe ó ar fud na hÉireann sna seachtaine amach romhainn. I measc na ndaoine a chuirfidh taispeántas i láthair i sceideal na seachtaine seo chugainn tá Cathy Jordan as Dervish, Gavan Ring, an teanór mór le rá as Éirinn agus Frankie Gavin ó De Danann, Rónán Ó Snodaigh ón ngrúpa Kíla agus beidh Susan O’Neill agus an píobaire uilleann de scoth an domhain Mark Redmond i mbun ceoil ag an deireadh seachtaine.

Beidh Cultúr Éireann ag cur deireadh leis an scéim iarratais d'Éire i mbun Taibhithe Dé Máirt an 5 Bealtaine. Bhí líon ard iarratas ann ón aos dána le dul i mbun taithithe sa tionscnamh seo atá mar chuid de fhreagra COVID-19 na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus a bhfuil tacaíocht Facebook aige.  

Dúirt an tAire Madigan gur léir

go raibh an oiread daoine an-bhuíoch as tiomantas na n-ealaíontóirí seo leanúint de bheith rannpháirteach lena lucht spéise san am dúshlánach seo agus go dtaispeánann na huimhreacha arda a bhí ag breathnú ar Éire i mbun Taibhithe sin.  Leanann siad d'áthas a chur ar dhaoine a bhíonn ag súil leis na taispeántais gach lá agus go raibh luach mór ag daoine orthu.

 

Tá sonraí iomlána na dtaibhithe le fáil ar cultureireland.gov.ie

#IrelandPerforms