Foilsithe ar 

An Taoiseach tar éis labhairt le Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Theresa May, an 8 Aibreán 2019

Arna eisiúint ag Preas-Oifig an Rialtais

Mar chuid de theagmháil leanúnach an Taoisigh roimh chruinniú na Comhairle Eorpaí a bheidh ar siúl an tseachtain seo, bhuail an Taoiseach le Michel Barnier i mBaile Átha Cliath.

Tá an Taoiseach tar éis labhairt freisin ar an nguthán le Príomh-Aire na hÍsiltíre, Mark Rutte; le Príomh-Aire Lucsamburg, Xavier Bettel; agus le Príomh-Aire Mhálta, Joseph Muscat.

Chomh maith leis sin, labhair an Taoiseach ar an nguthán tráthnóna le Príomh-Aire May, maidir leis an litir a sheol sí le déanaí chuig Donald Tusk ina lorg sí síneadh ama ar spriocdháta Airteagal 50, agus maidir lena hullmhúcháin leanúnach le haghaidh an chruinnithe mhullaigh a bheidh ar siúl Dé Céadaoin. Dúirt an Taoiseach arís nach raibh sé i gcoinne an spriocdháta a shíneadh.