Foilsithe ar 

An chéad tsraith de Thuairiscí ar Chigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí foilsithe

Inniu, d’fhoilsigh Cigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna tuairiscí ar 11 de Chigireachtaí Thosaigh um Chosaint agus Chumhdach Leanaí agus 11 de Chigireachtaí Dheiridh um Chosaint agus Chumhdach Leanaí ar a láithreán gréasáin - www.education.ie.

Eascraíonn na tuairiscí ón tsamhail nua do Chigireacht um Chosaint agus Chumhdach Leanaí a thug an tAire Oideachais agus Scileanna,  Joe McHugh T.D., isteach i mí Eanáir 2019 mar chomhlíonadh ar thiomantas an Rialtais sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas 2018.

Grinnchigireachtaí saindírithe atá i gceist leis na Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí ina ndéantar iniúchadh ar an tslí ina bhfuil a ndualgas reachtúla maidir le cosaint agus cumhdach leanaí, faoi mar a iarrtar orthu i Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileannna 2017, á gcomhlíonadh ag boird agus ag foirne scoile.

Agus é ag fáiltiú roimh fhoilseachán na dtuairiscí cigireachta, dúirt an tAire McHugh:

Rinneadh na cigireachtaí nua a dhearadh chun na córais atá againn do chosaint leanaí a threisiú. Cuidíonn said le scoileanna a threorú agus a stiúrú chun freastal ar na dualgais atá orthu maidir le cosaint leanaí. Is céim mhór chun cinn sa phróiseas seo atá i bhfoilseachán na dtuairiscí cigireachta inniu mar go gcuireann siad eolas ar fáil go soiléir don phobal faoi na leibhéil chomhlíontachta leis na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileannna 2017 agus faoi cháilíocht an tsoláthair do na gnéithe éigeantacha den churaclam ar nós Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláínte (OSPS), Bí Sábháilte agus Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) in ár scoileanna.

Luaigh an tAire McHugh an luach a bhain le Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí Thosaigh a bheith ag gach scoil agus, go sách gairid ina dhiaidh sin, Chigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Dheiridh a bheith ag an scoil. Rinneadh an ghnéith seo de shamhail na cigireachta a fhorbairt mar thoradh ar thaighde fhairsing agus tréimhse comhairliúcháin le páirtnéirí an oideachais, le hOifig an Ombudsman do Leanaí, agus le scoileanna a bhí páirteach i dtréimhse trialach na cigireachtaí.

Dúirt an tAire McHugh:

Tá an próiseas a bhaineann le cigireachtaí tosaigh agus deiridh tábhachtach chun feabhas scoileanna a chothú i bhfeidhmiú na nósanna imeachta um chosaint leanaí; cuidíonn an próiseas freisin le dea-chleachtas, mar a bhaineann le cosaint leanaí, a chothú i gceannaireacht scoile.

Léiríonn na tuairiscí a foilsíodh inniu:

  • Go raibh beagnach gach scoil a ndearnadh cigireacht orthu lán-chomhlíontach ag am na Cigireachta Dheiridh um Chosaint agus Chumhdach Leanaí, leis na seiceálacha a rinne na cigirí maidir le cur i bhfeidhm na Nósanna Imeachta 2017.
  • Go raibh fianaise ann go raibh an curaclam Oideachais Sóisialta Pearsanta agus Sláínte (OSPS) agus an clár Bí Sábháilte á gcur i bhfeidhm i ngach bunscoil a ndearnadh cigireacht orthu. Bhí fianaise ann go raibh OSPS agus Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta á gcur i bhfeidhm i ngach iar-bhunscoil a ndearnadh cigireacht orthu, ag am na Cigireachta Dheiridh um Chosaint agus Chumhdach Leanaí.

Thug an t-aire McHugh faoi deara má bhíonn scoil níos lú ná lán-chomhlíontach leis na seiceálacha a rinneadh le linn an tsamhail nua cigireachta um chosaint leanaí seo, leanfaidh mo Roinn ar bheith i dteagmháil le húdaráis na scoile go dtí go bpléitear go sásúil leis an gnéithe atá i gceist.

Bhí sé le rá aige freisin gur

Chruthaigh próiseas na gcigireachtaí tosaigh agus deiridh deis d’fhíor-fheabhsúcháin i scoileanna i réimsí ar nós an tslí ina ndéantar nósanna imeachta um chosaint leanaí a chur in iúl do thuismitheoirí, eolas maidir le chosaint leanaí a sholáthar do phearsanra scoile agus tuairiscí ar  mhaoirsiú um chosaint leanaí a sholáthar do bhoird bhainistíochta. Cuireann sé ar chumas scoileanna feabhas a chur freisin ar ghnéithe tábhachtacha de na cláir OSPS agus OCG.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo: https://www.education.ie/ga/Foilseacháin/Tuairiscí-Cigireachta-Foilseacháin/cigireachtai-um-chosaint-agus-chumhdach-leanai/

 

Nótaí d’Eagarthóirí

Cuspóir na gcigireachtaí nua

Tá na Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí mar chuid de raon obair chigireachta a thacaíonn le feidhmiú na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileannna 2017. Cuireann Nósanna Imeachta 2017 treoir agus comhairle ar fáil do scoileanna faoi na dualgais atá orthu do chosaint leanaí mar atá san Acht um Thús Áite do Leanaí 2015 agus faoi fheidhmiú leanúnach na treorach um bharrchleachtais mar atá i Leanaí ar dTús: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí 2017.

  • Sna Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileannna 2017 tá fáil ar mhionsocruithe don mhaoirsiú ar chosaint leanaí, lena n-áirítear cigireacht ó Chigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna ar fheidhmiú na nósanna imeachta um chosaint leanaí i scoileanna.
  • Cuireadh tús le seiceálacha cigireachta ag dhá leibhéal i gcigireachtaí scoileanna i mí na Nollag 2017 agus i mí Márta 2018 agus tá siad seo ag feidhmiú go sásúil.
  • Cruthaíonn na Cigireachtaí nua, mionsonraithe, um Chosaint agus Chumhdach Leanaí leibhéal breise cigireachta ar na nósanna imeachta um chosaint leanaí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna.

 

Cuireann na Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí ar chumas na Cigireachta:

  • Barrchleachtas maidir le socruithe um chosaint leanaí a chothú i scoileanna
  • Feidhmiú na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileannna 2017 a mhonatóireacht go bliantúil i sampla bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna 
  • Tuairiscí scríofa a fhoilsiú ar fheidhmiú na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileannna 2017 sa sampla scoileanna ina ndéantar cigireacht
  • Tuairisciú do Ghrúpa Maoirseachta um Chosaint Leanaí na Roinne Oideachais agus Scileanna agus don Aire ar a mhéid agus atá na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileannna 2017 á gcur i bhfeidhm sa sampla scoileanna ina ndéantar cigireacht.
  • Eolas a bhailiú mar bhonn don fhorbairt bhreise ar riachtanais um chosaint agus chumhdach leanaí na Roinne Oideachais agus Scileanna agus ranna agus gníomhaireachtaí eile atá bainteach le cosaint leanaí. 

Cad ar a mbíonn Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí dírithe?

  • Bíonn na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna 2017 mar bhonn eolais don chreat ar a bhfuil na Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí bunaithe. Go sonrach, baineann deich gcinn de sheiceálacha uileghabhálacha, mar aon le roinnt fosheiceálacha do gach ceann,  leis na cigireachtaí. Tá an creat cigireachta, is é sin, na deich gcinn de sheiceálacha, ar fáil sa Treoir do Chigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí atá ar fáil ag www.education.ie.

An dtabharfar réamhfhógra maidir le Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí?

De ghnáth tugtar réamhfhógra idir 24 agus 48 uaire an chloig do Chigireacht um Chosaint agus Chumhdach Leanaí. Coimeádann Cigireacht na Roinne an ceart aici féin, áfach, cigireachtaí a dhéanamh gan réamhfhógra.   

Cad a tharlaíonn i rith Cigireacht um Chosaint agus Chumhdach Leanaí?

I ngach scoil a roghnaítear do Chigireacht um Chosaint agus Chumhdach Leanaí, tarlaíonn dhá chigireachtCigireacht Thosaigh um Chosaint Leanaí agus Chigireacht Dheiridh um Chosaint Leanaí. Mar ghnáthnós, tarlóidh an dá chigireacht laistigh de cheithre nó sé seachtaine óna chéile.

Foilsítear tuairisc ar leith ón dá chigireacht ag an am céanna. Tugann dhá chigireacht seans do scoileanna feabhas agus forbairt a dhéanamh ar a nósanna imeachta um chumdach leanaí agus a bheith lán-chomhlíontach le Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileannna 2017

Le linn na gcigireachtaí, bíonn cigirí:

  • Páirteach i bplé fócasaithe le daltaí bunscoile faoina bhfoghlaim san Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) agus le Bí Sábháilte agus le foghlaimeoirí in iar-bhuscoile faoina bhfoghlaim san OSPS agus Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG). Faightear cead i scríbhinn ó thuismitheoirí agus ó fhoghlaimeoirí iar-bhunscoile sula nglacann foghlaimeoirí páirt i bhfócasghrúpaí leis na cigirí
  • Ag tionól cruinnithe le:
    • Duine Idirchaidrimh Ainmnithe (DIA) / Leas DIA na scoile
    • Cathaoirleach an bhoird bhainistíochta
    • Sampla de phearsanra na scoile
    • An múinteoir atá mar chomhordaitheoir ar OSPS sa scoil (más ábhartha)
  • Ag athbhreithniú na ndoiciméad seo a leanas:
    • Miontuairiscí ó chruinnithe an bhoird bhainistíochta
    • Ráiteas um Chumhdach Leanaí agus Measúnacht Riosca na scoile
    • Pleananna scoile ábhartha, cuntais mhíosúla (bunleibhéal) agus sonraí amchláir (iar-bhunleibhéal)
  • Ag athbhreithniú na dtaifead ar chosaint leanaí
  • Ag tabhairt cuiridh do na tuismitheoirí go léir, mar chuid den Chigireacht Thosaigh um Chosaint agus Chumhdach Leanaí, suirbhé ar líne a chomhlánú a fhiosraíonn gnéithe d’atmaisféar na scoile agus feasacht tuismitheoirí ar nósanna imeachta um chosaint leanaí na scoile mar aon le nósanna imeachta frithbhulaíochta na scoile
  • Ag tionól cruinnithe le baill de chumann tuismitheoirí na scoile sa Chigireacht Dheiridh um Chosaint agus Chumhdach Leanaí

I ndiaidh na cigireachta:

  • Tar éis gach cigireachta cuirtear aiseolas ó bhéal ar fáil do phearsanra ábhartha na scoile mar aon le tuairisc scríofa ar thorthaí na cigireachta ina ndéantar cur síos ar leibhéal comhlíontachta na scoile le gach ceann de na seiceálacha idirghabhálacha.
  • Foilsítear gach tuairisc ar Chigireacht um Chosaint agus Chumhdach Leanaí, ón gCigireacht Thosaigh agus ón gCigireacht Dheiridh araon, ar láithreán gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna.