Foilsithe ar 

An tAire Josepha Madigan T.D. i mbun Shearmanas Chomóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir i bhFaiche Stiabhna, Baile Átha Cliath

Bhí an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D., i mbun Chomóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir inniu, i mBaile Átha Cliath.

Bhi searmanas foirmeálta Stáit an lae inniu ar siúl i bhFaiche Stiabhna tar éis an searmanas a bhí le heagrú i rith na míosa seo i mBun Cranncha, Co. Dhún na nGall a chur ar atráth go dtí an bhliain 2021. Ar an gcuma chéanna le Comóradh na Cásca agus searmanas Chnoc an Arbhair le gairid, bhí an searmanas seo á riar de réir na dtreoirlínte reatha faoi chúrsaí sláinte agus sábháilteachta agus ní raibh cead isteach ag an bpobal. Bhi an searmanas le feiceáil beo ar fud na tíre agus go hidirnáisiúnta ar RTÉ News Now, ar www.rte.ie agus ar RTÉ Player agus is féidir féachaint siar air ar árdáin shóisialta na Roinne agus ar an suíomh.

Tugadh gradam míleata ag an searmanas agus leagadh bláthfhleasca i gcuimhne an uile dhuine a d'fhulaing nó a shíothlaigh i rith an Ghorta Mhóir. Leag an tAire Madigan bláthfhleasc thar ceann Mhuintir na hÉireann agus leag Déanach an Chór Taidhleoireachta bláthfhleasc thar ceann na dTaidhleoirí uile chun na tíre seo. Chan Aimee Banks Crucán na bPáiste le Brendan Graham agus sheinn Píobaire de chuid an Airm an tAmhrán Náisiúnta.

 

Nochtaigh an tAire Plaic freisin mar cheiliúradh ar an gCéad Chomóradh Bliantúil ar an nGorta Mór i dTeach an Chustaim sa bhliain 2008. Crochfar an phlaic i dTeach an Chustaim i rith na bliana.

 

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Madigan:

Sa dán sin dar teideal Quarantine le Eavan Boland, dúisíonn an file dúthracht an fhir dá bhean agus iad i ndeireadh na feide:

She was sick with famine fever and could not keep up.

He lifted her and put her on his back.


Rinne laochra sin aimsir an Drochshaoil a bhfuil comóradh á dhéanamh againn orthu inniu gach dícheall freisin cuidiú leis an té a bhí ag titim ar gcúl. Feictear an meon daonna sin aire a thabhairt do dhaoine eile agus an claonadh féiníobartha arís inniu le díograis laochra na linne seo i mbun aire a thabhairt do dhaoine atá buailte ag Covid-19. Léirímid meas agus ómós do laochra seo an lae inniu agus is mór againn a gcuid crógachta. B'fhéidir gurb é an bealach is fearr ina léireoimis an meas atá againn ar laochra aimsir an Ghorta Mhóir agus ar laochra an lae inniu cloí leis na bearta beaga laochais atá á n-éileamh orainn féin i ndáil le paindéim Covid-19 ionas go dtiocfaimid slán ón ngábh seo mar a rinne ár sinsir romhainn.

 

Nótaí d’Eagarthóirí

Bhí Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2020 le bheith ar bun i mBun Cranncha i gCo. Dhún na nGall. Tá an searmanas, a mbeadh rannpháirtíocht mhór ón bpobal i gceist léi mar a bhí blianta eile, curtha ar athló go dtí 2021 mar gheall ar COVID 19.

Bhí searmanas na bliana seo mar sin den tsamhail chéanna leis an gcomóradh a rinneadh ar Dhomhnach Cásca agus ar Chnoc an Arbhair.

Tá Seó Bóthair Ghuthanna an Ghorta Mhóir 2020 (www.greatfaminevoices.ie/famine-heroes/) dar teideal “Laochra an Ghorta’ á reáchtáil ag Músaem Náisiúnta an Ghorta, Páirc Bhéal na mBuillí (www.strokestownpark.ie/famine/roadshow/)

agus ag Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann (www.greatfaminevoices.ie/famine-heroes/. Sraith imeachtaí fíorúla, clár faisnéise agus léachtaí é “Laochra an Ghorta” atá ar siúl ó Aibreán. Mar chuid de na himeachtaí fíorúla seo insítear scéalta spreagúla faoi dhul i ngleic le heipidéim agus léirítear ómós do lucht cúraim i lár an naoú haois déag agus sa lá atá inniu ann. Déantar iad a mhaoiniú ó Chlár Tacaíochta Eisimirceach Rialtas na hÉireann.

Mar chuid den chlár beidh plé ar líne den téama “Honouring Famine Heroes (In Ómós Laochra an Ghorta)’ ag an Dr Jason King agus an Dr Christine Kinealy inniu.