Foilsithe ar 

Casann an Taoiseach le Ceannaire Pháirtí Lucht Oibre na Breataine ag Tithe an Rialtais

Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais

Bhí cruinniú bisiúil ag an Taoiseach, Leo Varadkar, le Ceannaire Pháirtí Lucht na Breataine, Jeremy Corbyn, Feisire Parlaiminte, ag Tithe an Rialtais ar maidin.

Rinne an Taoiseach agus an tUasal Corbyn plé mionsonraithe ar feadh uair go leith maidir le Tuaisceart Éireann, Brexit, agus an cás reatha polaitiúil in Westminster.

Dhírigh an plé ar an ngá atá le comhroinnt cumhachta a aischur i dTuaisceart Éireann agus an tábhacht atá le hidirchaidreamh leanúnach le gach páirtí polaitíochta sa Tuaisceart. Leantar leis na cainteanna seo an tseachtain seo i mBéal Feirste, ina bhfuil baint ag an Tánaiste agus an Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann.

Rinne siad plé ar Brexit, chomh maith, agus léirigh an dá thaobh go bhfuil buarthaí troma orthu faoin gcás nach mbaintear comhaontú amach agus an baol dúchasach a chruthódh seo, an fhéidearthacht ina measc go bhféadfadh cás gan chomhaontú a bheith bainte amach trí mhainneachtain mura dtugtar aghaidh ar roghanna.

Chomh maith leis sin, phléigh an Taoiseach agus an tUasal Corbyn an tábhacht a bhaineann lena sheachaint aon teorainn chrua a atógáil ar oileán na hÉireann.

Gheall siad chun leanúint le teagmháil a dhéanamh lena chéile maidir le Tuaisceart Éireann agus Brexit.