Foilsithe ar 

Cathaoirleach Nua ar Shainchoiste Comhairleach Cultúr Éireann ceaptha ag an Aire Madigan

Tá Kieran Hanrahan ceaptha ina Chathaoirleach Nua ar Shainchoiste Comhairleach Cultúr Éireann ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan, T.D.  Tagann Kieran in ionad Kevin Rafter a ceapadh ina Chathaoirleach ar an gComhairle Ealaíon.

Bunaíodh Cultúr Éireann in 2005 mar Rannán den Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain agus próifíl cultúir agus cáil dhomhanda na hÉireann a neartú agus deiseanna gairme a mhéadú d'ealaíontóirí na hÉireann ar fud na cruinne. 

Sheol an Rialtas Éire Dhomhanda 2025 i lár na bliana 2018 ina leagtar amach líon áirithe príomhghníomhartha atá le tabhairt fúthu i réimsí cultúir, oidhreachta, gnó agus turasóireachta d'fhonn an tionchar atá ag lorg domhanda na hÉireann a mhéadú. Faoin tionscnamh, leagtar béim nua faoi leith ar an tábhacht a bhaineann le healaíona agus cultúr na hÉireann ag an leibhéal domhanda agus trí Chultúr Éireann, sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, cuirtear acmhainní ar fáil d'ealaíontóirí na tíre seo chun a gcuid saothar a chur i láthair ar ardán domhanda.

Tá Kieran Hanrahan i mbun oibre sna healaíona traidisiúnta le breis agus daichead bliain ina thaibheoir, ina thionscnóir agus ina oideachasóir. Sheinn sé go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta ar feadh trí bliana déag leis an ngrúpa cáiliúil traidisiúnta/comhaimseartha Stockton's Wing a chomhbhunaigh sé i ndeireadh na 70í.

Ó d'éirigh sé as seinm leis an mbanna chuaigh sé i mbun oibre le RTÉ Radio ina láithreoir ceoil thraidisiúnta agus ceoil tíre ar an Fleadh Club agus Both Sides Now. I 1995, ceapadh é ina láithreoir ar chlár suaitheanta Céilí House de chuid RTÉ agus tugadh cuireadh dó glacadh le post mar Stiúrthóir Ealaíne le TradFest Temple Bar in 2009. Is léachtóir é freisin in Ardscoil an Cheoil agus na Drámaíochta, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, áit a gcuidíonn sé le scileanna na mac léinn atá ag smaoineamh faoi ghairm bheatha sa cheol agus i dtaibhiú a fhorbairt.

Le blianta beaga anuas, ghlac sé le post ina Stiúrthóir ar Scoil Éigse atá ar an bpríomhchlár oideachais atá á riar ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann.  Ó 2013 i leith, tá Ceolfhoireann Náisiúnta na hÉireann CCÉ athbhunaithe aige. 

Mar gheall ar a chuid saineolais agus tuisceana, iarradh air páirt a ghlacadh i bpainéil measúnaithe do Chultúir Éireann, agus a chuid tuairimí a léiriú maidir le feidhmeanna ceoil do dheontais chamchuairte Cultúr Éireann.  In 2018, ceapadh Kieran ina chomhalta de Shainchoiste Comhairleach Cultúr Éireann agus tá feidhm lena cheapachán mar Chathaoirleach ar an gCoiste as seo go dtí 2022.

Dúirt an tAire maidir leis an bhfógra

Tá ról lárnach ag Cathaoirleach an tSainchoiste Comhairligh maidir le straitéis Chultúr Éireann a threorú agus a stiúradh agus maidir le huaillmhianta mo Roinnse faoi Éire Dhomhanda 2025 a chur chun cinn.  De bharr go bhfuil blianta caite ag Kieran ag plé le cúrsaí Ealaíon, tá taithí mhór aige a rachaidh chun tairbhe dó sa ról seo chomh maith le tuiscint mhaith ar na deacrachtaí atá roimh ealaíontóirí agus ar na deiseanna atá ann d'ealaíontóirí sa lá atá inniu ann.  Guím gach rath air ina phost nua.

Is éard a dúirt Kieran Hanrahan agus é ag glacadh lena cheapachán 

De bharr go bhfuil roinnt blianta caite agam ag obair le Cultúr Éireann, i mo phainéalaí agus i mo bhall den Choiste Comhairleach, tuigim go rímhaith chomh tábhachtach is atá an méid a dhéanann sé chun ealaíona agus ealaíontóirí na hÉireann a chur chun cinn go hidirnáisiúnta. Tá fuinneamh mór agus rannpháirtíocht thar a bheith dearfach idir foireann Chultúr Éireann agus na healaíontóirí maidir le forbairt a ngairme. Táim ag tnúth le bheith ag obair in éineacht le mo chuid comhghleacaithe ar an Sainchoiste Comhairleach d'fhonn tacú lenár gcuid ealaíontóirí.