Foilsithe ar 

Cinntí Rialtais maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., inniu (3 Meitheamh 2011) go bhfuil cinntí críochnúla déanta ag an Rialtas maidir leis an sainmhíniú nua ar an nGaeltacht agus maidir leis na struchtúir fhorfheidhmithe faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tógadh na cinntí seo ag an gcruinniú Rialtais Dé Máirt (31 Bealtaine 2011).

Dúirt an tAire Stáit: "Tá lúcháir orm go bhfuil cinntí críochnúla déanta ag an Rialtas maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Fágann sé seo gur féidir le hoifigigh i mo Roinn, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, treabhadh ar aghaidh leis na Cinn a dhréachtú don Bhille Gaeltachta. Táim ag súil go bhfoilseofar an Bille a luaithe agus is féidir, ag brath ar amchlár reachtaíochta an Rialtais."

Beidh an sainmhíniú nua don Ghaeltacht bunaithe ar an Straitéis 20 Bliain agus ar na moltaí a rinneadh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Dúirt an tAire Stáit: "Beidh mo Roinn, i gcomhar le heagrais Stáit eile, ag obair go dlúth le pobail Ghaeltachta ar an talamh chun cabhrú leo pleananna teanga, ina n-áireofar na gnéithe uile de shaol an phobail, a ullmhú agus a chur i gcrích."

Maidir leis na struchtúir fhorfheidhmithe faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, dúirt an tAire Stáit: "Fágann na cinntí Rialtais seo go mbainfear leas as na struchtúir atá ann faoi láthair chun an Straitéis a sheachadadh agus go mbeidh deighilt shoiléir idir na feidhmeanna atá ag na príomhpháirtithe leasmhara maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht araon."

Dúirt an tAire Stáit: "Mar thoradh ar na cinntí Rialtais seo, creidimse go bhfuil todhchaí Údarás na Gaeltachta slán sábháilte, go n-éireoidh le hÚdarás na Gaeltachta a chuid feidhmeanna reachtúla a choinneáil agus go gcothófar comhoibriú idir Údarás na Gaeltachta agus áisíneachtaí fiontraíochta eile ar mhaithe le hinfheistíocht sa Ghaeltacht."