Foilsithe ar 

Cuairt tugtha ag Prionsa na Breataine Bige ar Pháirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin le linn cuairt oifigiúil ar Éirinn

A chéad chuairt aige chuig Gleann Dá Loch álainn

Chas sé le foireann an NPWS a bhainistíonn an anaclann dúlra

20190521 Prince Charles

Thug Prionsa na Breataine Bige cuairt ar Pháirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin inniu le linn cuairt oifigiúil ar Éirinn agus tugadh ar thuras é ar an bPáirc Náisiúnta is mó sa tír.

Bhain sé an-sult as Gleann Dá Loch álainn agus chas sé leis an bhfoireann a bhíonn ag obair san anaclann dúlra agus i mbun na gclár oideachais.

Ar theacht dó, chuir Ard-Rúnaí na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Katherine Licken agus oifigigh eile ón Roinn fáilte roimhe. 

Bhí Wesley Atkinson freisin, Bainisteoir Réigiúnach na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) - atá ag teacht faoi chúram na Roinne - i measc an dream a chuir fáilte roimhe.  An NPWS a dhéanann freagrachtaí dúlra na hÉireann a bhainistiú chomh maith le 6 pháirc Náisiúnta agus 78 Anaclann Dúlra.

Is í Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin an Pháirc Náisiúnta is mó díobh agus an t-aon cheann ar chósta thoir na tíre. Tá 22,000 heicteár de thalamh ard Chill Mhantáin i gceist sa Pháirc agus ar portach agus móinteach an chuid is mó de chomh maith le limistéir níos lú de choillearnach dúchasach agus srutháin sléibhe.

Le linn a thurais ar an Loch Uachtair chas sé le baill de dhá Fhoireann áitiúla Tarrthála Sléibhe Ghleann Ó Máil agus d’fhoireann tarrthála sléibhe Bhaile Átha Cliath Chill Mhantáin a bhfuil dlúthchaidreamh oibre acu leis an bPáirc Náisiúnta.

Ba é an Loch Uachtair i nGleann Dá Loch, ceann de na háiteanna is aitheanta sa Pháirc Náisiúnta, an chéad áit a ndeachaigh an Prionsa Séarlas ar a thuras.

Fad a bhí sé ansin cuireadh Treoraí Maoirseachta chlár oideachais Pháirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin in aithne dó, Gillian Stewart - ar ball í freisin de NPWS na Roinne - chomh maith le roinnt leanaí scoile ó Scoil Chaoimhín Naofa i nGleann Dá Loch a bhíonn páirteach i gceann de go leor clár oideachais a reáchtáiltear sa Pháirc Náisiúnta.

Dírítear sa chlár oideachais ar fheasacht dúlra, do gach aois, ar laethanta gníomhaíochta atá dírithe ar aoiseanna ar leith a chur ar fáil do ghrúpaí scoile, leanaí agus daltaí a thabhairt amach sa dúlra chun foghlaim faoi phlandaí, ainmhithe, gnáthóga agus éiceolaíocht.

Bhí baill eile den fhoireann NPWS sa gceantar i láthair freisin chun fáilte a chur roimh an bPrionsa agus chun labhairt faoina gcuid oibre.  In ómós na hócáide, bhronn siad síológ darach air a d'fhás as dearcán a tháinig as coillearnach Darach i nGleann Dá Loch.

Nótaí d’Eagarthóirí

I measc an dream a chuir fáilte roimhe ag an Loch Uachtair i nGleann Dá Loch bhí Trevor Donnelly, Priomhoifigeach sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta; Pádraig Comerford, Bainisteoir Rannáin le NPWS; agus Anne Fitzpatrick, Maoirseoir Caomhnaithe do Ghleann Dá Loch.

Idir oidhreacht shaibhir nádúrtha agus gheomorfach chomh maith le hoidhreacht mhór staire agus cultúir a bheith ag baint leis is cinnte gurb é Gleann Dá Loch an tseoid is luachmhaire de na páirceanna náisiúnta Tá réimse gnáthóg i nGleann Dá Loch lena n-áirítear coillearnach dúchasach de Dhair Ghaelach agus coillearnach de Phéine Albanach. Tá cónaí ar líon maith Iora Rua, Cat Crainn, Fabhcún Gorm,  Síolta Mhór, fianna (hibrid den fhia Seapánach agus den fhia Rua ) agus gabhair fhiáine ann. Tháinig Cnagairí (Mórchnagairí Breaca) ar ais go hÉirinn c.2008, éan a bhí imithe as an tír le cúpla céad bliain roimhe sin agus is anseo sa choillearnach darach a cláraíodh iad a bheith ag pórú ar dtús.