Foilsithe ar 

Cuimhneachán Stáit chun comóradh a dhéanamh ar Chothrom Lae Éirí Amach 1916, Domhnach Cásca, an 21 Aibreán 2019

Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais

Beidh searmanas ar siúl chun comóradh a dhéanamh ar Chothrom Lae Éirí Amach na Cásca 1916 ar siúl taobh amuigh d’Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath Domhnach Cásca, an 21 Aibreán 2019 a thosóidh ag 12 meán lae.

Beidh an Searmanas faoi stiúir an Uachtaráin Mícheál D. Ó hUiginn, an Taoisigh, Leo Varadkar, T.D. agus an Aire atá Freagrach as Cosaint, Paul Kehoe, T.D.

Glacfaidh Pearsanra na bhFórsaí Cosanta, banna práis, banna píob agus ionadaithe den Arm, an tAerchór agus an tSeirbhís Chabhlaigh páirt sa Searmanas, agus críochnófar an searmanas le heitleáin de chuid an Aerchór a eitleoidh thar bráid (ag brath ar aimsir).

Ag meán lae, ísleofar an Bhratach Náisiúnta ar barr Ard-Oifig an Phoist agus léifidh Oifigeach ó na Fórsaí Cosanta Forógra 1916.

Leagfaidh an tUachtarán fleasc ansin chun comóradh a dhéanamh orthu siúd a fuair bás sa bhliain 1916. Caithfear tost nóiméid.

Tugtar cuireadh do bhaill den phobal chun freastal ar an Searmanas agus ba cheart dóibh a bheith i láthair sa limistéar féachana poiblí lasmuigh d’Ard-Oifig an Phoist tráth nach déanaí ná 11.30 a.m.

Tá na láithreacha seo lonnaithe ar an taobh den tsráid ar a bhfuil siopa Clery’s suite ar Shráid Uí Chonaill agus ag bun thuaidh agus theas Ard-Oifig an Phoist. Tá limistéar curtha ar leataobh d’úsáideoirí cathaoir rothaí. Cuirfear scáileáin mhóra físeáin suas ar an dá thaobh d’Ard-Oifig an Phoist chun an Searmanas a thaispeáint don phobal agus scaipfear Clár Comórtha ar an lá.