Foilsithe ar 

Cuireann an Taoiseach fáilte roimh Naomh John Henry Newman a Chanónú

Arna eisiúint ag Preas-Oifig an Rialtais

Chuir an Taoiseach, Leo Varadkar, fáilte inniu (Dé Domhnaigh, an 13 Deireadh Fómhair 2019) roimh chanónú an Chairdinéil John Henry Newman sa Róimh. Ba Reachtaire bunaidh spreagthach na hOllscoile Caitlicí, ar a dtugtar an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) anois, é Newman, institiúid a rinne oideachas a chur ar an iomaí glúin mhac léinn, a chuir an fhoghlaim chun cinn, agus a chuir go mór le forbairt Bhaile Átha Cliath agus na hÉireann.

Dúirt an Taoiseach

Aithníonn a chanónú ag an bPápa Proinsias an tionchar mór intleachtúil agus diagach a d’imir sé, a thiomantas tréadach - go háirithe do na bochtáin, agus an obair a rinne sé chun tuiscint a chothú idir creidimh.

Rugadh i Londain é agus chaith Newman ceithre bliana i mBaile Átha Cliath mar Reachtaire na hOllscoile sular fhill sé ar Shasana. Meabhraíonn a chanónú an caidreamh dlúth atá idir an Bhreatain agus Éirinn dá ndéanann an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh, ionadaíocht don Rialtas agus dá ndéanann Prionsa na Breataine Bige ionadaíocht don Ríocht Aontaithe.

Dúirt an Taoiseach

Lá tábhachtach i measc Caitliceach timpeall an domhain é canónú John Henry Newman, agus lá speisialta é, chomh maith, do mhuintir na hÉireann. D’fhág sé leagáid ar leith in Éirinn, leagáid ar fiú a mheas gur naomh Éireannach agus naomh Briotanach, chomh maith, é dá bharr. Ba dhuine de na scríbhneoirí próis ab fhearr sa naoú haois déag é agus bhí sé ar dhuine de na hoideachasóirí ba mhó tionchar riamh anall. Rinne a chuid léachtaí ar choincheap ollscoile a thug sé i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1852, a foilsíodh ina leabhar ina dhiaidh sin, ár dtuairim faoin oideachas a athrú.
D’éirigh leis, mar Reachtaire bunaidh na hOllscoile Caitlicí, a ndearnadh an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath de ina dhiaidh sin, a fhís maidir le hoideachas liobrálach a chur i ngníomh, a léirigh luach ar fhorbairt na hintinne ar a mhaithe féin, seachas díreach gairmoiliúint a bheith i gceist leis atá dírithe ar dhul chun cinn pearsanta. Bhé sé ina bhunaitheoir, chomh maith, ar chumann iontach díospóireachta mac léinn, an Cumann Liteartha agus Staire - an L agus S - a sholáthair fóram le haghaidh dioscúrsa agus díospóireacht phoiblí ar feadh breis agus 150 bliain.
Ba smaointeoir thar a bheith éirimiúil agus uilíoch é agus rinneadh fórsa spreagtha d’fhís Newman san oideachas in Éirinn, agus cuireann sé eolas ar fáil dár smaoineamh go fóill inniu. Meabhraíonn mana Cairdinéil Newman, Cor ad cor loquitur - a chiallaíonn ‘Labhraíonn croí le croí’ - dúinn, chomh maith, an méid ní ba mhó a chuir sé mar smaointeoir Críostaí uilíoch leis an ngluaiseacht éacúiméineach timpeall an domhain.

Déanfar John Henry Newman a chanónú i dteannta ceathrar ban ar leith ó áiteanna mórthimpeall an domhain; an tSiúr Mariam Thresia Chiramel Mankidiyan ón India, an tSiúr Giuseppina Vannini ón Iodáil, an tSiúr Dulce Lopes Pontus ón mBrasaíl, agus Marguerite Bays ón Eilvéis.