Foilsithe ar 

Cúram sláinte, tithíocht, oideachas, gníomhú ar son na haeráide agus fostaíocht réigiúnach i measc na dtosaíochtaí agus an Clár Reachtaíochta nua á fhoilsiú

Arna eisiúint ag Preas-Oifig an Rialtais

Inniu, d’fhoilsigh Príomh-Aoire an Rialtais, Seán Kyne TD clár reachtaíocht nua an Rialtais ina leagtar amach 30 bille nua a dhéanfar a phróiseáil roimh bhriseadh an tsamhraidh

Tagann an clár reachtaíochta seo i ndiaidh an clár speisialta a seoladh i mí Eanáir agus a leag béim ar Brexit. An clár nua seo a rinne an chomh-aireacht a fhaomhadh inniu, is é Príomh-Aoire an Rialtais a tharraing suas é i ndiaidh dul i gcomhairle leis an Ard-Aighne agus Ranna eile de chuid an Rialtais.

Áirítear ar an liosta tosaíochta reachtaíocht ó 13 roinn Rialtais agus leagtar béim ar réimsí amhail tithíocht, gníomhú ar son na haeráide agus comhshaoil, cúram sláinte, leasa sóisialach, comhionannas inscne, fostaíocht agus cúrsaí breithiúnacha. Áirítear sa chlár píosaí reachtaíochta faoina ndéanfar na rudaí seo a leanas:

  • Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach a bhunú mar ghníomhaireacht aonair
  • Cairt do Thuismitheoirí agus Daltaí a sholáthar i ngach scoil
  • An Ghníomhaireacht Forbartha Talún a bhunú sa reachtaíocht
  • Sochar Cuardaitheora Poist a leathnú chuig daoine féinfhostaithe
  • Nochtadh oscailte éigeantach a thabhairt isteach sa tseirbhís sláinte
  • Tuairisciú éigeantach a thabhairt isteach le haghaidh cuideachtaí maidir leis an mbearna phá idir na hinscní

Arsa an tAire Kyne:

Idir seo agus briseadh na Dála i lár mhí Iúil, beimid ag obair ar réimse billí a imreoidh tionchar lanbhrí agus dearfach ar shaoránaigh na tíre seo.
Leis an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Richard Bruton, cuirfimid chun cinn reachtaíocht a chuirfidh cistí ar fáil le haghaidh bearta athraithe aeráide agus a thabharfaidh tacaíocht do chraoltóireacht seirbhíse poiblí in earnálacha na meán áitiúil agus neamhspleách. Tabharfaimid isteach agus cuirfimid chun cinn freisin reachtaíocht chun cosc a chur ar phlaistigh mhicreachoirnín atá chomh díobhálach sin dár gcomhshaol, agus tabharfar isteach freisin reachtaíocht a bheidh ina bonn taca don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.
Tacóimid le poist a chruthú trí reachtaíocht ón Aire Gnó, Fiontraíochta agus Nuálaíochta, Heather Humphreys, a thabhairt isteach a chumasóidh an tÚdarás Forbartha Tionscail chun saoráidí tionsclaíocha agus tráchtála criticiúla a fhorbairt tuilleadh in áiteanna réigiúnacha.
Leanfaidh an tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, Regina Doherty leis na tacaíochtaí leasa shóisialaigh le haghaidh daoine féinfhostaithe a leathnú leis an mBille nua Leasa Shóisialaigh agus Pinsean, agus an bealach a réiteach freisin do bhearta eile a bhaineann le Cáinaisnéis 2019.
I measc na n-athchóirithe eile ar a n-oibreoimid le linn an tseisiúin Dála seo, tá sé beartaithe nochtadh oscailte éigeantach a thabhairt isteach maidir le sábháilteacht othair, rud a leathnóidh sainchúram an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte, agus oibleagáid éigeantach a chur ar ghnólachtaí chun difríochtaí pá idir na n-inscní a thuairisciú.
Mar Aire na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, táim go hiomlán ar an eolas faoi thábhacht Bhille na dTeangacha Oifigiúla do Ghaeilgeoirí agus do phobail Ghaeltachta na tíre seo agus táim tiomanta don bhille seo a fhoilsiú agus a thabhairt isteach sa Dáil le linn an tseisiúin seo.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil do na dréachtóirí agus do na baill foirne eile in Oifig na nDréachtóirí Parliaminte agus in Oifig an Ard-Aighne as a gcuid oibre leanúnaí agus, go háirithe an reachtaíocht a bhaineann le Brexit.