Foilsithe ar 

D’fhaomh an tAire Stáit Kyne breis agus €510,000 chun tacú leis na pobail oileáin neamh-Ghaeltachta

D’fhaomh Seán Kyne, T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin, deontas €490,087 chun tacú le pobail oileáin neamh-Ghaeltachta.

Tacóidh an cistiú le hobair na gcuideachtaí forbartha pobail ar oileáin, Inis Bó Finne i nGaillimh, Cliara agus Inis Toirc i Maigh Eo, an tOileán Mór agus Inis Arcáin i gCorcaigh ina measc, agus oileáin eile nach iad.

Anuas air sin, faomhadh €22,700 do Chomhar na nOileán Teo chun tacú leo an clár a chomhordú agus a chur i gcrích.

Ag labhairt dó ar Inis Oírr, áit a bhfuil sé ag casadh le grúpaí áitiúla, dúirt an tAire Kyne, “Tá gliondar croí orm a bheith in ann beagnach leathmhilliún Euro a leithdháileadh chun tacú leis na cuideachtaí forbartha áitiúla a thugann faoi obair atá chomh ríthábhachtach sin dár bpobail oileáin.

“Chomh maith leis sin, tacóidh an cistiú €22,700 do Chomhar na nOileán, atá lonnaithe ar Inis Oírr, leis an eagraíocht chun leanúint lena hobair ar na hoileáin, ag bainistiú an chláir thábhachtach seo.

“Tá súil agam go mbeidh mé in ann cur leis an gcistiú sin amach anseo a fhad agus a bhíonn na hacmhainní ar fáil chun sin a dhéanamh,” a dúirt an tAire of Stát mar fhocal scoir.