Foilsithe ar 

Éire chun a tionchar san Áise a dhúbailt mar chuid den chéad chéim eile d’Éirinn Dhomhanda 2025

Eisithe ag Preasoifig an Rialtais

Inniu (Dé Luain) d’fhógair an Taoiseach, Leo Varadkar, agus an Tánaiste, Simon Coveney, go bhfuil sé beartaithe ag Éirinn a tionchar i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise a dhúbailt, mar chuid den chéad chéim eile de Éire Dhomhanda 2025. Bhí siad ag caint in éindí le roinnt Airí Rialtais ag Cruinniú Mullaigh Éire Dhomhanda i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Is straitéis ilbhliantúil, uile-rialtais í Éire Dhomhanda a bhfuil sé mar aidhm léi raon feidhme agus tionchar lorg domhanda na hÉireann a dhúbailt faoi 2025. Is ionann í agus an athnuachan agus fairsingiú is uaillmhianaí riamh de láithreacht idirnáisiúnta na hÉireann.

Seolfar Straitéis nua do Réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise san fhómhar chun plean a leagan síos ionas go n-éireoidh le hÉirinn a tionchar san Áise a dhúbailt, tráth a reáchtálfar comhdháil mhór faoi lorg na hÉireann i réigiún an Aigéin Chiúin a fhorbairt freisin. Áireofar ann straitéis cumarsáide nua chun infheictheacht na hÉireann sa réigiún a mhéadú, a gcuirfear tús léi i rith Chorn an Domhain sa Rugbaí sa tSeapáin, chun Éire a chur chun cinn mar áit iontach le bheith ag infheistiú, ag staidéar, ag trádáil inti, agus ag taisteal chomh fada léi.

Chomh maith leis sin, fógraíodh mar chuid den straitéis nua Diaspóra, a sheolfar i rith cheiliúradh domhanda Lá Fhéile Pádraig an bhliain seo chugainn, go dtionólfaidh an Rialtas ‘Fóram don Óige’ chun deis a fháil plé a dhéanamh leis an nglúin seo de Dhiaspóra na hÉireann, agus leagfar béim ar leith ar cheannairí óga, líonraí don óige agus cur leis na deiseanna atá ag ár nDiaspóra nasc a chruthú le hÉirinn.


Tá bliain caite anois ó seoladh Éire Dhomhanda, agus i measc na nithe atá bainte amach go dtí seo tá:

  • Líonra taidhleoireachta forbartha agus neartaithe; ambasáidí nua oscailte in Wellington, Bogotá, Amman agus Santiago de Chile; agus Consalachtaí Ginearálta nua in Vancouver, Mumbai agus Cardiff
  • An tsamhail ‘Ireland House’ forbartha in Washington D.C., Abuja agus Tóiceo, áit a bhfuil gníomhaireachtaí rialtais Éireannacha lonnaithe faoin díon céanna;
  • Polasaí nua maidir le Forbairt Idirnáisiúnta foilsithe, ina leagtar amach cur chuige an Rialtais maidir le sprioc 0.7% Ollioncam Náisiúnta na Náisiún Aontaithe le haghaidh cúnamh seachtrach a bhaint amach faoi 2030;
  • Feachtas na hÉireann chun suíochán neamhbhuan a bhaint amach ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe seolta;
  • Cúigear Ambasadóirí Chultúrtha ceaptha chun aird an phobail a tharraingt ar ealaín agus cultúr mar bhealach chun Éire a chur chun cinn ar fud an domhain, comhairle a thabhairt agus cur le tionscnaimh chultúrtha straitéiseacha agus páirt a ghlacadh in imeachtaí agus i dtionscadail thábhachtacha;
  • Leanadh le forbairt príomhghníomhaireachtaí stáit nuair a d’earcaigh Bord Bia pearsanra breise i Nua-Eabhrac agus Vársá, agus imlonnú ionadaithe chuig an Afraic Theas, an Afraic Thuaidh agus an tSeapáin, agus oifigí nua a bheith á n-oscailt ag Fiontraíocht Éireann i Seattle agus Manchain. Bhí 62 misean trádála agus imeachtaí in 2018 faoi cheannaireacht airí ag tacú leis seo ar fad;
  • An tsraith idirnáisiúnta Lá Fhéile Pádraig is mó riamh, a d’áirigh 56 clár ardleibhéil ar fud na hEorpa (an phríomhchathair i 27mBallstát an AE), an Meánoirthear, an Afraic, Críocha Mheiriceá, agus méadú 38% ó bhliain go bliain sa líon imeachtaí a bhí á reáchtáil ag Team Ireland ar fud an domhain;

Ina theannta sin, thug Éire Dhomhanda 2025 gealltanas tacú le fás agus éagsúlú margaí easpórtála, infheistíocht isteach agus turasóireacht, agus Brexit ag teannadh linn. Chinnteodh sé go mbeadh Éire níos ullmhaithe chun na comhaontais atá riachtanach chun a leasanna a fhorbairt agus a seasamh a chosaint in AE iar-Brexit a thógáil, agus san am céanna cabhrú lenár ndlúthchaidreamh agus caidreamh dearfach leis an Ríocht Aontaithe agus a comhpháirteanna a chinntiú amach anseo.

Ar leibhéal domhanda, cuirfidh sé lenár gcumas díriú ar chuspóirí ár mbeartas eachtrach a bhaint amach, lena n-áirítear forbairt idirnáisúnta, síocháin, dí-armáil agus slándáil, agus rannpháirtíocht na hÉireann lena diaspóra 70 milliún a neartú agus ár gcultúr agus oidhreacht shaibhir a roinnt le grúpaí i bhfad níos mó.

Sa bhliain amach romhainn, déanfaidh Éire Dhomhanda tuilleadh forbartha ar líonra taidhleoireachta na hÉireann agus ar láithreacht gníomhaireachtaí stáit ar fud an domhain. Leanfar le luachanna na hÉireann - síocháin, daonnacht, comhionannas agus ceartas - mar aon lenár gcultúr a chur chun cinn trí thacú le hIonaid Ealaíon Éireannacha i Londain agus Nua-Eabhrac agus trí fheachtais eile.


Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Taoiseach ag an imeacht:

Tríd an gcéad bhliain de chlár Éire Dhomhanda, tá neart dul chun cinn déanta againn chomh fada is a bhaineann lenár n-aidhm tionchar domhanda na hÉireann a dhúbailt faoi 2025. Tá ambasáidí agus consalachtaí nua á n-oscailt againn mar tá a fhios againn gur féidir linn láithreacht na hÉireann thar lear a fhorbairt agus a fheabhsú ionas gur féidir linn an geilleagar anseo a fhorbairt agus ár dtionchar ar leibhéal idirnáisiúnta a mhéadú.
Mar gheilleagar beag oscailte, creidim go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh Éire in ann tairbhe a bhaint as deiseanna ar scála domhanda. Ní ag freagairt do Brexit atá Éire Dhomhanda, ach is cinnte go gcabhróidh sé linn déileáil leis na hiarmhairtí a bhaineann leis an AE a bheith á fhágáil ag an Ríocht Aontaithe. Cé go mb’fhéidir go bhfuil cuid dár gcomhghuaillithe agus comharsan ag casadh isteach, táimid ag cur in iúl go soiléir go gcreideann Éire in iltaobhachas agus comhar idirnáisiúnta chomh fada is a bhaineann le déileáil le cuid de na dúshláin is suntasaí roimh an domhan ar fad, lena n-áirítear athrú aeráide agus méadú ar phobalachas.

D’fháiltigh an Tánaiste roimh an tionscnamh, agus bhí an méid seo a leanas le rá aige:

Ag féachaint siar ar an gcéad bhliain d’Éire Dhomhanda, sílim gur féidir linn a bheith bródúil as roinnt de na rudaí atá curtha i gcrích againn. Is comhartha soiléir iad na hAmbasáidí agus na hoifigí taidhleoireachta nua atá oscailte againn faoina bhfuil beartaithe againn agus tá cúnamh praiticiúil á sholáthar acu cheana féin do shaoránaigh Éireannacha, gnóthaí Éireannacha agus glórtha cultúrtha Éireannacha. Is ansin atá fíorluach Éire Dhomhanda le tabhairt faoi deara. Ní mór dúinn leanúint leis an obair agus cur leis an infheistíocht seo chun ár láithreacht dhomhanda a fheabhsú.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Heather Humphreys TD, an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta:

Níl aon amhras ach go bhfuil dul chun cinn iontach chomh fada is a bhaineann leis an ngeilleagar déanta ag Éire le blianta beaga anuas. In 2018, bhí easpórtálacha luach €23.8bn ag cliaint Fhiontraíocht Éireann, níos mó easpórtálacha ná riamh roimhe seo, rinneadh cuideachtaí a bhfuil an IDA ag tacú leo 265 infheistíocht, agus thug líon níos mó cuairteoirí ná riamh cuairt ar an tír seo, 11.2milliún cuairteoir, agus chaith siad €6bn. Tacaíonn sé seo ar fad le poist a chruthú do dhaoine anseo in Éirinn. Tá sé riachtanach níos mó a dhéanamh, áfach. Faoi Éire Dhomhanda, táimid tar éis cur le láithreacht ár bhfoirne Gníomhaireachtaí Stáit agus Ranna go hidirnáisiúnta ar mhaithe lenár dtionchar trádála a mhéadú, agus tá súil agam go leanfaidh sé seo ar aghaidh.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Josepha Madigan TD, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta:

Tá ceoltóirí, aisteoirí, ailtirí, filí agus ealaíontóirí eile den scoth againn. Sin é an chúis, faoi thionscnamh Éire Dhomhanda, gur fhógair mé ceapachán 5 Ambasadóirí Chultúrtha nua níos túisce i mbliana chun cabhrú linn aird idirnáisiúnta a tharraingt ar ár nguth. Tuigeann an Rialtas seo tábhacht an chultúir agus, trí Éire Dhomhanda, tá sé tiomanta tacú leis an gcultúr.


Bhí an méid seo a leanas le rá ag Helen McEntee TD, an tAire Gnóthaí Eorpacha:

D’athraigh ballraíocht san Aontas Eorpach Éire ón mbun aníos. Ciallaíonn ár nAontas de 27 tír eile le daonra de 500 milliún go bhfuil i bhfad níos mó tionchair againn ar fud an domhain. Tá Éire Dhomhanda dírithe ar an méid sin a threisiú agus cur lenár lorg ar fud na hEorpa, chun tairbhe a bhaint as na deiseanna iomadúla sóisialta agus geilleagracha a mbeidh Éire in ann tairbhe a bhaint astu sna blianta amach romhainn.