Foilsithe ar 

Fáiltíonn an Taoiseach agus Airí roimh thuarascáil an Choimisiúin um Pá na Seirbhíse Poiblí maidir le hearcaíocht agus coinneáil sna Fórsaí Cosanta

Eisithe ag Preasoifig an Rialtais

Inniu (Déardaoin), d’fháiltigh An Taoiseach, Leo Varadkar TD, an tAire le Freagracht as Cosaint, Paul Kehoe T.D., agus an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe TD, roimh thuarascáil an Choimisiúin um Pá na Seirbhíse Poiblí (CPSP) inar scrúdaíodh saincheisteanna earcaíochta agus coinneála sna Fórsaí Cosanta.

Glacadh leis an tuarascáil ina hiomláine ag cruinniú seachtainiúil na Comh-Aireachta inniu, agus comhaontaíodh ar phlean suntasach cur chun feidhme chomh maith. Is ionann tuarascáil CPSP agus pacáiste €10 milliún a chruthóidh buntáistí láithreacha agus todhchaíocha do bhaill den Bhuanfhórsa Cosanta (BFC).

Áirítear i measc na dtograí atá le fáil sa tuarascáil meadú 10% ar an Liúntas Seirbhíse Míleata (LSM), a bhaineann le pearsanra uile na bhFórsaí Cosanta agus ar íocaíocht uathúil í a chuireann oibleagáidí an tsaoil mhíleata san áireamh.

Chomh maith leis sin, moltar sa tuarascáil go n-athbhunófaí 10 liúntas a gearradh faoi Chomhaontú Bhóthar Haddington (CBH). Áirítear ina measc seo Liúntas Dualgais Patróil, Liúntas Dualgais Slándála, Liúntas Sciathán Fiannóglaigh an Airm, agus Liúntas Ordanáis Phléascaigh.

Tá ardrátaí le haghaidh liúntas áirithe do dhualgais a chuirtear i gcrích ag an deireadh seachtaine á n-athbhunú.

Tá an laghdú 10% ar an Liúntas Tacaíochta Síochána Thar Lear agus an Liúntas Tacaíochta Síochána Faoi Airm Thar Lear á n-athbhunú chomh maith.

Chomh maith leis sin, moltar agus fáiltítear roimh athbhunú scéim dreasachta chun déileáil le saincheisteanna a bhaineann le coinneáil píolótaí san Aerchór. Tabharfar méaduithe suntasacha faoi deara i dtuilleamh bliantúil Oifigeach Eitilte incháilithe mar gheall air seo, agus cuirfear mionsonraí ar fáil amach anseo.

Tá roinnt beart neamhphá molta ag an gCoimisiún chomh maith. Molann an Coimisiún go ndéanfaí athbhreithniú ar struchtúir phá sna Fórsaí Cosanta. Beidh tionchar ag athbhreithniú ar phá teicniúil ar thart ar 2,500 speisialtóir, athbhreithniú atá á mholadh freisin.

Sa bhreis ar an méid sin, déanfaidh an Rialtas scrúdú ar aoiseanna scoir agus déanfaidh sé a mhachnamh ar scéimeanna seirbhíse dreasaithe níos faide do ONC agus céimeanna oifigigh áirithe. Is réimsí iad seo ar fad a chruthóidh buntáistí do bhaill de na Fórsaí Cosanta amach anseo.


Níos tábhachtaí ná sin, inniu chomhaontaigh an Chomh-Aireacht ar phlean cur chun feidhme ardleibhéil ina leagfar amach go soiléir conas a gcuirfear an tuarascáil i bhfeidhm. Dearadh an plean i ndiaidh comhairliúcháin idir Roinn an Taoisigh, an Roinn Cosanta, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus Bainistíocht Mhíleata.

Bhí sé de chúram ar an gCoimisiún um Pá na Seirbhíse Poiblí (CPSP) faoi Chomhaontú Cobhsaíochta na Seirbhíse Poiblí 2018-2020, scrúdú cuimsitheach a dhéanamh ar dheacrachtaí bunúsacha a bhain le hearcaíocht agus le coinneáil foirne sa tseirbhís phoiblí. Is ann do na hathruithe atá le fáil i dtuarascáil CPSP sa bhreis ar na méaduithe pá atá á gcur i bhfeidhm cheana féin i gcás phearsanra na bhFórsaí Cosanta faoi Chomhaontú Cobhsaíochta na hEarnála Poiblí.

Meastar go gcosnóidh na bearta seo ar fad thart ar €10 milliún in aghaidh na bliana. Cuirfear moltaí na Tuarascála chun feidhme trí phlean ardleibhéil, agus cuirfear tús leis an obair láithreach. Cuirfear na méaduithe molta ar liúntais chun feidhme nuair a dheimhneoidh cumainn ionadaithe BFC na bearta seo. Cuirfidh an Coimisiún a aighneachtaí agus ionchuir ar fad agus an Tuarascáil ar fáil go poiblí ar a láithreán gréasáin www.paycommission.gov.ie.

Is féidir féachaint ar phlean chur chun feidhme an Rialtais ag: https://s3-eu-west-1.amazonaws.com/govieassets/11280/5c5479abade547d38d068883ea132095.pdf

Tuigeann An Taoiseach agus an bheirt Airí an obair atá déanta ag an gCoimisiún um Pá agus ag foireann shibhialta agus mhíleata na Roinne Cosanta, agus foireann na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a chuir ábhar i dtoll a chéile don Choimisiún. Tuigeann siad chomh maith an ról a bhí ag an dá chumann ionadaithe, PDFORRA agus RACO, a chuir aighneachtaí scríofa agus ó bhéal faoi bhráid an Choimisiúin.


Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Taoiseach le linn dó a bheith ag fáiltiú roimh an tuarascáil:

Freastalaíonn fir agus mná ár bhFórsaí Cosanta ar an tír seo le teann bróid agus gradaim, cinntíonn siad slándáil ár Stáit, cosnaíonn siad ár ndaonlathas, deimhníonn siad ár gceannas, agus glacann siad páirt i misin síochánaíochta do na Náisiúin Aontaithe agus don Aontas Eorpach. Chomh maith leis sin, soláthraíonn siad cúnamh riachtanach don chumhacht shibhialta, lena n-áirítear cabhrú le dul i ngleic le coireacht eagraithe.
Tá baill na bhFórsaí Cosanta ag baint tairbhe cheana féin as arduithe pá faoi bheart pá na seirbhíse poiblí agus beidh scálaí pá gach duine atá ag tuilleamh níos lú ná €70k athbhunaithe ina n-iomláine faoi dheireadh an Chomhaontaithe i nDeireadh Fómhair 2020. D’aithin an Rialtas, áfach, go mbaineann dúshláin ar leith le coinneáil agus, dá bharr sin, d’iarr sé ar an gCoimisiún um Pá Seirbhíse Poiblí díriú go mion ar na saincheisteanna seo. Mar thoradh ar na moltaí atá déanta acu, a bhfuil an Rialtas ag glacadh leo ina n-iomláine, beidh glanphá níos airde ag baill na bhFórsaí Cosanta agus beidh dreasachtaí ann lena chinntiú go mbeidh fonn ar dhaoine le scileanna a bhfuil tóir orthu, cosúil le píolótaí, fanacht i mbun oibre. Is é a bheidh mar thoradh air seo ar fad go mbeidh gairm san Airm, sa tSeirbhís Chabhlaigh nó san Aerchór níos mealltaí agus níos inbhuanaithe.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Donohoe faoin Tuarascáil is déanaí ón gCoimisiún:

Tá an Coimisiún um Pá na Seirbhíse Poiblí i ndiaidh tuarascáil an-chuimsitheach a chur faoi mo bhráid maidir le saincheisteanna earcaíochta agus coinneála sna Fórsaí Cosanta. Tá a mhachnamh déanta ag an Rialtas ar an tuarascáil inniu agus glacann sé leis na príomhthorthaí. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus le baill an Choimisiúin as na léargais thábhachtacha atá tugtha acu ar na saincheisteanna seo.
Tá moltaí déanta ag an gCoimisiún a fhreagraíonn do na dúshláin atá aitheanta aige.
Ina theannta sin, ní mór a aithint go bhfuil Comhaontú Cobhsaíochta na Seirbhíse Poiblí (CCSP) reatha ag soláthar sochar pá de idir 7.4% agus 6.2% (nó suas le 10% d’iontrálaithe nua fostaithe i ndiaidh 2012) dár seirbhísigh phoiblí ag costas sa bhreis ar €1.1bn go dtí 2021. Lena chois sin, tá an beart a comhaontaíodh le ceardchumainn anuraidh maidir le pá d’iontrálaí nua á chur chun feidhme againn, a chosnóidh €200m breise sna blianta amach romhainn. Faoi dheireadh na chéad bhliana eile beidh laghduithe scála pá FEMPI ré na géarchéime breis is 90% de sheirbhísigh phoiblí athbhunaithe.
Tá ardmheas agam ar an obair ar fad a dhéanann ár seirbhísigh phoiblí gach lá, fir agus mná na bhFórsaí Cosanta ina measc. Tá an Rialtas seo tiomanta do phá dár seirbhísigh phoiblí a fheabhsú ar bhonn incriminteach. Ach is féidir linn, agus níor cheart dúinn é seo a dhéanamh ach amháin má tá sé inacmhainne agus inbhuanaithe. Ó tharla an oiread sin éiginnteachta a bheith ag baint leis an timpeallacht idirnáisiúnta faoi láthair mar gheall ar Brexit agus ar fhachtóirí eile, tá sé riachtanach leanúint ar aghaidh le pá poiblí a bhainistiú go cúramach agus go freagrach.
Is bearta breise iad moltaí an Choimisiúin um Pá maidir leis na Fórsaí Cosanta anuas ar na bearta a bhfuil cur síos déanta agam orthu, agus i dteannta a chéile, is ionann iad agus pacáiste follasach d’fheabhas pá faoi láthair do bhaill dár bhFórsaí Cosanta mar pháirtithe i gComhaontú Cobhsaíochta na Seirbhíse Poiblí.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Kehoe:

Nuair a bunaíodh an Coimisiún um Pá na Seirbhíse Poiblí ar dtús, threoraigh mé don Roinn Cosanta na saincheisteanna a bhain le hearcaíocht agus coinneáil sa Bhuanfhórsa Cosanta a chur in iúl don Choimisiún. Tá tuarascáil curtha i dtoll a chéile ag an gCoimisiún anois le sraith moltaí a chuirfear i bhfeidhm go tapa.
I measc na moltaí sa tuarascáil áirítear laghduithe ar íocaíochtaí dualgais a aisiompú, a fhaigheann baill de na Fórsaí Cosanta sa bhreis ar bhunphá agus liúntas seirbhíse míleata nuair a bhíonn catagóirí difriúla dualgas á gcomhlíonadh acu. Cuireadh laghdú 10% i bhfeidhm roimhe seo ar raon dualgas atá á n-aisiompú. Áirítear anseo an Liúntas Dualgais Patróil, a íoctar le baill den tSeirbhís Chabhlaigh nuair a bhíonn siad ar farraige. Tá méadú 10% ar an Liúntas Dualgais Patróil cothrom le thart ar €5 in aghaidh an lae. Tá an laghdú 10% ar an Liúntas Tacaíochta Síochána Thar Lear agus an Liúntas Tacaíochta Síochána Faoi Airm Thar Lear á n-athbhunú chomh maith. Le haghaidh gnáth-imscaradh tacaíochta síochána faoi airm thar lear, is fiú €1,400 breise saor ó cháin é seo do phearsanra liostáilte agus idir €1,700 agus €1,850 saor ó cháin d’oifigigh.
Tá ardrátaí do dhualgais deireadh seachtaine á n-athbhunú chomh maith. Dúblófar an ráta do dhualgas slándála 24 uair an chloig ar Dhomhnach ó €47.59 go dtí €105.79.
Fáiltím go mór roimh na moltaí na laghduithe 10% agus na rátaí liúntais níos airde do dhualgais áirithe a dhéantar ar an Satharn agus ar an Domhnach a athbhunú. Méadóidh sé seo tuilleamh na mball de na Fórsaí Cosanta a dhéanann dualgais den sórt sin.
Cuirfidh na moltaí atá déanta ag an gCoimisiún um Pá na Seirbhíse Poiblí leis na méaduithe ar scálaí pá do bhaill de na Fórsaí Cosanta le dhá bhliain anuas lena n-áirítear leachtú FEMPI, athbhunú scálaí pá agus scálaí pá feabhsaithe d’iontrálaithe nua sna Fórsaí Cosanta.
Ní féidir na deacrachtaí atá ann faoi láthair a réiteach go tapa, agus tá deacrachtaí mórán mar an gcéanna ag eagraíochtaí míleata idirnáisiúnta eile. Tógfaidh sé am na spriocanna láidreachta agus cumais a chur i gcrích. Pléifear na moltaí sa Tuarascáil anois le Cumainn Ionadaíocha an Bhuanfhórsa Cosanta agus cuirfear méaduithe sna liúntais atá á moladh ag an gCoimisiún chun feidhme nuair a dheimhnítear go bhfuiltear ag glacadh leis na bearta. Tá Plean Cur Chun Feidhme Ardleibhéil ceadaithe agus cuirfear tús leis an obair a bhaineann leis seo láithreach.

Deireadh

Nótaí do na hEagarthóirí:

Bunaíodh an Coimisiún neamhspleách um Pá na Seirbhíse Poiblí (CPSP) in 2016, chun comhairle neamhspleách a chur ar an Rialtas maidir le pá na seirbhíse poiblí. In 2017, ar threoir ón Aire Kehoe, tarraingíodh aird an Choimisiúin um Pá na Seirbhíse Poiblí ar shaincheisteanna earcaíochta agus coinneála san Earnáil Chosanta. Mar thoradh díreach ar an tionscnamh seo, d’iarr an Rialtas ar an gCoimisiún um Pá scrúdú agus anailís chuimsitheach a dhéanamh ar na deacrachtaí bunúsacha earcaíochta agus coinneála san Earnáil Chosanta. Cé go rabhthas ag díriú ar speisialtóirí ar dtús, leathnaíodh sainordú an Choimisiúin chun gach céim sa Bhuanfhórsa Cosanta a chur san áireamh.

Liúntas Seirbhíse Míleata (LSM)

Is liúntas earnáilsonrach é LSM a íoctar le gach ball de na Fórsaí Cosanta, suas go dtí agus lena n-áirítear céim an Choirnéil seachas gráid oiliúna (Daltaí airm, earcaigh agus printísigh). Ba é an aidhm a bhí leis cúiteamh a íoc le Pearsanra Fórsaí Cosanta le haghaidh na gcoinníollacha uathúla agus na míbhuntáistí speisialta a bhaineann leis an saol míleata. Bhí an caiteachas ar LSM cothrom le thart ar €46.5m in 2018.

Bheadh méadú 10% ar an Liúntas Seirbhíse Míleata cothrom le sochar aonair de idir €602 agus €675 sa bhliain d’fhormhór an phearsanra le híosmhéid de €350 sa bhliain infheidhme i ndáil leo siúd ar rátaí níos ísle den liúntas (i.e. iad siúd le coibhéisí Seirbhíse Príobháidí 3* agus Cabhlaigh de níos lú ná trí bliana seirbhíse). Meastar go gcosnóidh an beart seo €4.8m sa bhliain.

Liúntais Dualgais Slándála (LDS)

Íoctar liúntais dualgais slándála le haghaidh raon dualgas slándála atá le cur i gcrích ag pearsanra Cosanta, lena n-áirítear Cúnamh don Chumhacht Shibhialta, slándáil suiteálacha ríthábhachtacha, etc. Fuair thart ar 75% de phearsanra na bhFórsaí Cosanta íocaíocht le haghaidh dualgais slándála in 2017.

Athbhunófar an laghdú 10% ar liúntais thar lear chomh maith. Le haghaidh gnáthdhualgas tacaíochta síochána faoi airm, is fiú €1,400 breise saor ó cháin é seo do phearsanra liostáilte agus idir €1,700 agus €1,850 saor ó cháin d’oifigigh. In 2018, bhí breis is 1900 ball de na Fórsaí Cosanta i mbun dualgais thar lear. Meastar go gcosnóidh athbhunú an bhirt seo €3.3m sa bhliain

Dualgais Deireadh Seachtaine:

Tá ardrátaí do dhualgais deireadh seachtaine le n-athbhunú. Dúblófar an ráta do dhualgas slándála 24 uair an chloig ar Dhomhnach ó €47.59 go dtí €105.79. Meastar go gcosnóidh an beart seo €1.4m sa bhliain

Scéim Tiomantais Seirbhíse (STS)

In 1997, tugadh isteach an chéad STS, agus tugadh isteach an dara scéim in 1999. Cuireadh tús leis an scéim is déanaí in 2002, scéim a bhí i bhfeidhm go dtí 2010.

Faoin scéim, tugadh an rogha d’Oifigigh Eitilte gealltanas a thabhairt dul i mbun dualgais ar feadh 3, 5, 7 nó 8 mbliana eile, chun íocaíocht bhliantúil chomhaontaithe a fháil mar aon le bónas foirceanta nuair a bhíonn an gealltanas 5, 7 nó 8 mbliana críochnaithe. Dearadh na haiscí atá ar fáil chun cothromaíocht chóir agus réasúnach a chinntiú idir na héilimh a bhí ar an timpeallacht sheachtrach tráchtála agus an gá atá le freagracht a léiriú i ndáil le pá na seirbhíse poiblí.

Meastar go gcosnóidh sé thart ar €600k sa bhliain an beart seo a athbhunú ag brath ar an méid daoine a léiríonn spéis ann.

Liúntas Tacaíochta Síochána Thar Lear / Liúntas Tacaíochta Síochána Thar Lear Faoi Airm (LTST/LTSTA):

Íoctar na liúntais seo leo siúd a oibríonn thar lear, le haghaidh seal dualgais sé mhí go hiondúil. Íoctar an liúntas seo saor ó cháin. Tá an laghdú 10% ar na liúntais seo á athbhunú agus is fiú €1,400 breise saor ó cháin é do phearsanra liostáilte agus idir €1,700 agus €1,850 saor ó cháin d’oifigigh.

Ciallaíonn an t-athbhunú seo, gach uair a théann ball de BFC thar lear le haghaidh tréimhse sé mhí, go bhfuil an meántuilleamh idir €15k agus €20k saor ó cháin sa bhreis ar an mbunphá.