Foilsithe ar 

Fáiltíonn an tAire Madigan roimh mhaoiniú dár bPáirceanna Náisiúnta agus Ceantair Chaomhnaithe faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe

Fáiltíonn an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, inniu roimh fhógairt Michael Ring TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail go bhfuil maoiniú faomhaithe dár bPáirceanna Náisiúnta agus Ceantair Chaomhnaithe faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe. 

Fógraíodh maoiniú de €5 milliún do láithreáin an Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra atá suite ar fud na tuaithe. 

Agus í ag fáiltiú roimh an mhaoiniú, dúirt an tAire Madigan: “Tá ár bPáirceanna Náisiúnta den chéad scoth agus beidh sé inár gcumas anois cur leo agus lena h-áiseanna a chuirtear ar fáil do dhaoine a thugann cuairt orthu.

Dúirt Orla Carroll, Stiúrthóir Forbairt Táirgí i Fáilte Éireann: “Cuireann Fáilte Éireann fáilte is fiche roimh fhógairt an Aire Ring agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail inniu i leith maoiniú. Léiríonn ár dtaighde tomhaltais go bhféachtar ar chuairteanna chuig Páirceanna Náisiúnta mar chuid thábhachtach de laethanta saoire go hÉirinn, agus gurb í ceann de na príomhchúiseanna leis seo ná an nádúr neamhthruaillithe agus áilleacht nádúrtha na dtírdhreachanna. Mar thoradh ar fhógairt an lae inniu, cuirfear feabhas mór leo agus déanfar uasghrádú ar na háiseanna atá ar fáil do chuairteoirí, rud a spreagfaidh méadú ar líon na gcuairteoirí.

Ar deireadh dúirt an tAire Madigan: ““Tá córas de 80 Anaclanna Nádúrtha in Éirinn agus bainistítear láithreáin scaipithe ar fud 20 contae ó cheann ceann na tíre.  Maraon leis na Páirceanna Náisiúnta, tá na hAnaclanna Nádúrtha mar chuid den inneall eacnamaíoch a thiomáineann eacnamaíochtaí áitiúla a bhuíoch le turasóirí agus cuairteoirí ag teacht isteach go ceantair tuaithe ag lorg lóistín, bialanna, agus áiseanna eile. Tá gnáthóga neamhchoitianta agus faoi bhagairt ag gach Páirc Náisiúnta agus Anaclann Dúlra, flóra agus fána, le tírdhreachanna agus gnáthóga fíoréagsúla, ag tairiscint éagsúlacht d’eispéiris chuairteora. Tugann an maoiniú seo an deis dúinn eolas a scaipeadh maidir le caomhnú an dúlra agus bithéagsúlacht ar mhaithe le turasóireacht aeraíochta agus éiceathurasóireacht.