Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire McHugh na scoileanna atá roghnaithe le bheith páirteach sa tionscadal Píolótach Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT)

D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh T.D. inniu (Dé Luain, 11 Samhain 2019) 19 scoileanna agus suíomhanna luathbhlianta atá roghnaithe do thionscadal nua chun teagasc na Gaeilge a chur chun cinn.

Sa phíolót trí bliana Foghlaim Comhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) beidh Corpoideachas agus ábhair eile á dteagasc trí mheán na Gaeilge do leanaí ó aoisghrúpaí éagsúla.

Dúirt an tAire McHugh: “Is cúis áthais dom go bhfuil an tionscadal spleodrach seo ar bun. Léiríonn an caighdeán agus an fonn a léiríodh in an-chuid de na hiarratais go bhféadfadh an píolót a bheith i bhfad níos mó ná mar a bhí pleanáilte ar dtús.

Tá ár múinteoirí ilchumasacha tar éis an deis seo a thapú chun cuidiú le cothú na teanga ar bhealach nuálach. Beidh a lán le foghlaim againn faoin tionscadal seo thar na trí bliana agus beidh sé ag feabhsú an t-am go léir. Tá muinín agam, má thugtar an Ghaeilge isteach in ábhair éagsúla i scoileanna, go mbeidh sí níos ábhartha agus go gcuideoidh sé seo le daoine óga a bheith gafa leis an teanga ar bhealach nua agus níos fearr.

Roghnaíodh na scoileanna agus na suíomhanna luathbhlianta seo a leanas don chéad tréimhse den tionscadal píolótach:

Luathbhlianta:

Réamhscoil Teach Abhaile, Inis, Contae an Chláir

Montessori Chnoc an tSeabhaic, Trá Lí, Contae Chiarraí

Montessori High Hopes, Crois Araild, Baile Átha Cliath

Fairytales Day Care, Baile na nGallóglach, Contae Dhún na nGall

Teach Leanbh, Béal Átha na Lao, Contae an Longfoirt

Roots and Wings, Domhnach Bat, Contae Bhaile Átha Cliath.

 

Bunleibhéal:

Scoil Shinsearach Náisiúnta an Teaghlaigh Naofa, Inis, Contae an Chláir

Scoil Náisiúnta Naomh Oilibhéir, Cill Airne, Contae Chiarraí

Scoil Náisiúnta Naomh Muire, Domhnach Broc, Baile Átha Cliath 4

Scoil Réalt na Mara, Na Sceirí, Contae Bhaile Átha Cliath

Scoil Náisiúnta Naomh Colmcille, Cill Mhic Reanáin, Contae Dhún na nGall

Scoil Shinsearach Naomh Colmcille, Ceanannas, Contae na Mí

Bunscoil Naomh Comán na Coille, Ros Comáin

 

Iar-bhunleibhéal:

Coláiste Fionnchua, Baile Mhistéala, Contae Chorcaí

Pobalscoil Shráid an Mhuilinn, Sráid an Mhuilinn, Contae Chorcaí

Iar-Bhunscoil na Toirbhirte, Oileán Chiarraí, Contae Chiarraí

Coláiste Naomh Muiredach, Béal an Átha, Contae Mhaigh Eo

Iar-Bhunscoil Naomh Seosamh, An Muileann gCearr, Contae na hIarmhí

Coláiste Chluain na Slí, Contae Phort Laoise

 

Roghnaíodh na scoileanna bunaithe ar na critéir atá leagtha amach sa phróiseas iarratais lena n-áirítear méid na scoile, an láthair chun tacú le braisliú agus leis an rannpháirtíocht go leanúnach idir na scoileanna agus taithí ar FCÁT a úsáid.

Cuideoidh an chéad bhliain den tionscadal eolas a chur ar fáil don Roinn ar fhorbairt an chláir FCÁT lena n-áirítear FGL, measúnú agus acmhainní.

Déanfaidh foireann tionscadail FCÁT gach ceann de na suíomhanna agus na scoileanna atá páirteach a mheas chun a leibhéil ullmhachta don tionscadal agus na tacaíochtaí eile a mbeidh gá leo a mheas.

Mar chuid den FCÁT, déanfar an téama “cumarsáid” a theagasc trí mheán na Gaeilge i suíomhanna luathbhlianta. I mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna, déanfar trí ábhar a theagasc trí mheán na Gaeilge, an Corpoideachas ina measc. Níl sé socraithe fós cén dá ábhar eile a bheidh i gceist ach d’fhéadfadh gur na hAmharcealaíona, Matamaitic, Eolaíocht, Gnó, Tír Eolaíocht, OSPS nó OSSP a bheidh i gceist.

Baileoidh foireann tionscadail FCÁT na Roinne eolas ó scoileanna chun am teagmhála seachtainiúil a rianadh ina mbeidh Gaeilge á foghlaim, trí FCÁT, ag leanaí sna suíomhanna agus sna scoileanna roghnaithe. D’fhéadfaí ábhair áirithe a dhéanamh trí mheán na Gaeilge don tréimhse ranga iomlán, nó de chuid den tréimhse ranga, gach lá nó uair sa tseachtain.

Beidh raon aoiseanna páirteach sa phíolót. Sna luathbhlianta beidh leanaí i mblianta 1 agus/nó 2 den chlár COLÓ páirteach. Ag an mbunleibhéal, beidh an fócas ar na Naíonáin Shóisir agus Naíonáin Shinsir agus ar ranganna a 5 agus a 6. Scoláirí i mBliain 1 a bheidh páirteach ag an iar-bhunleibhéal. Cruthóidh sé seo eolas faoi na buntáistí don aistriú ó luathbhlianta go dtí an bhunscoil agus ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil.

Dúirt an tAire McHugh freisin:

Tá súil agam go leanfaidh na scoileanna, nár roghnaíodh don chéad tréimhse forbartha seo i mbliain a haon, ag baint úsáide as cur chuige FCÁT mar beifear ag súil gur féidir iad a bheith páirteach sa tionscadal trí bliana i mblianta ina dhiaidh sin.

Tá an tionscadal de réir ár dtiomantas sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, agus sa Phlean Gníomhaíochta 5 bliana a sheol mise agus mé mar Aire Stáit. Is mian liom tosaíochtaí mar seo a fheiceáil ag fás agus ag forbairt chun an teanga a choinneáil beo agus chun cuidiú le scoileanna grá agus tuiscint ar an teanga a chothú sa chéad ghlúin eile.

Nótaí d’Eagarthóirí

Faoin straitéis 20-bliain don Ghaeilge agus an plean gníomhaíochta 5-bliana a ghabhann leis, tá an tiomantas seo a leanas ag an Roinn:

Déanfar feidhmiú FCÁT a phíolótú mar bhealach le tacú le foghlaim na Gaeilge, thar na leibhéil réamhscoile, bunscoile agus iar-bhunscoile (2019/2021).

1.1 Cén fáth go bhfuil cur chuige comhtháite ábhair agus teanga á phlé?

I measc na gcuspóirí oideachas-bhunaithe atá leagtha síos sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, agus sa Plean Gníomhaíochta 5-Bliana 2018-2022 atá bainteach léi, tá tiomantas na Roinne cur chuige Comhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT) a chur i bhfeidhm don pháirt-thumoideachas sa Ghaeilge[1] i scoileanna agus i suíomhanna luathbhlianta.

1.2 Cad í FCÁT?

Freastalaíonn cur chuige FCÁT ar ghnéithe den churaclam a sholáthar trí theanga eile seachas gnáthmheán teagaisc na scoile. Cé nach ionann FCÁT agus an tumoideachas, cruthaíonn sí solúbthacht agus deiseanna do chur chuige a bhíonn níos dírithe ar fhoghlaim agus ar theagasc na sprioctheanga (Gaeilge sa chás seo) i suíomhanna luathbhlianta agus i scoileanna a bhíonn ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla mar:

  • méadaítear teagmháil teanga na bhfoghlaimeoirí le Gaeilge nó le teangacha eile trína húsáid don chumarsáid agus don teagasc i bhfíor-chomhthéacsanna lasmuigh de na ranganna teanga scoite
  • tacaítear le forbairt inniúlachtaí ardoird cognaíocha agus cruthaitheacha an fhoghlaimeora
  • déantar deiseanna tumoideachais agus foghlaim ábhair in achair churaclaim eile a shaothrú agus a chomhtháthú chun úsáid na teanga acadúil a thacú
  • méadaítear stór teanga teagaisc cleachtóirí luathbhlianta, múinteoirí bunscoile agus múinteoirí Gaeilge agus ábhair eile
  • déantar buntáistí an dátheangachais agus an ilteangachais a leathnú agus a chothú. 

1.3 Cén fáth ag an am faoi láthair?

Tá forbairtí suntasacha tar éis tarlú san oideachas in Éirinn agus i soláthar curaclam na Gaeilge sna luathbhlianta, sna bunscoileanna agus sna hiar-bhunscoileanna ó foilsíodh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 an Rialtais.

  • I 2016, tugadh isteach Cigireachtaí dírithe ar an Oideachas sna Luathbhlianta (COL) a dhéanann meastóireacht ar cháilíocht an tsoláthar oideachais i suíomhanna luathbhlianta atá páirteach sa Chlár Cúraim agus Oideachais Luath-Óige (COLÓ) atá maoinithe ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.
  • Cothaíonn Curaclam Teanga na Bunscoile (2015) cur chuige comhtháite maidir le foghlaim an Bhéarla agus na Gaeilge.
  • Don chéad uair, i 2016, foilsíodh sonraíochtaí ar leith do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí in iar-bhunscoileanna atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla.

 

1.5 Cé na buntáistí a bhaineann le FCÁT?

I measc na mbuntáistí do dhaltaí tá:

  • Feabhsuithe ar spreagadh agus eolas na ndaltaí sa Ghaeilge agus san ábhar araon
  • Feabhsuithe ar a scileanna cognaíocha, ar nós smaointeoireacht ard-oird agus chriticiúil
  • A bhfeasacht agus a n-eolas cultúrtha a fhorbairt
  • A straitéisí foghlama agus cumarsáide a fhorbairt

 

I measc na mbuntáistí do chleachtóirí/ múinteoirí tá:

  • Méadú ar dheiseanna don fhorbairt ghairmiúil ina gcuirfidh an oiliúint lena dtuiscint ar an gcur chuige FCÁT, na prionsabail oideolaíochta atá mar bhunús ag FCÁT, mar aon le hoideolaíochtaí teagasc teanga eile
  • Deiseanna chun an comhoibriú le comhghleacaithe laistigh dá suíomh/scoil féin, mar aon le cleachtóirí/múinteoirí ó shuíomhanna agus scoileanna eile, a mhéadú.
  • Leibhéil spreagtha ardaithe maidir le foghlaim na Gaeilge i measc foghlaimeoirí ina ranganna

 

2. Scóip Thionscadal FCÁT na Gaeilge

2.1 Cad í aidhm an Tionscadail FCÁT seo?

Is í aidhm an tionscadail FCÁT ná cumas, muinín agus meon an fhoghlaimeora i leith na Gaeilge a fheabhsú i suíomhanna luathbhlianta, i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla.

 

2.2 Cad í an scóip a bhaineann leis an Tionscadal FCÁT?

Is tionscadal 3 bliana é seo a thosaíonn i Meán Fómhair 2019.

Beidh Bliain 1 (2019/2020 – an Píolót) mar thréimhse forbartha ina mbeidh líon beag scoileanna agus suíomhanna luathbhlianta a bhíonn ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla ag obair le foireann tionscadail na Roinne chun na hachmainní agus na tacaíochtaí a bhfuil gá leo do leathnú an chur chuige i mBliain 2 agus i mBliain 3 a aithint.

 

2.3 Cé mhéad scoil agus múinteoir a bheidh páirteach sa tionscadal FCÁT seo?

I mBliain 1, bhí sé i gceist ar dtús go mbeadh dhá shuíomh luathbhlianta, cúig bhunscoil agus cúig iar-bhunscoil páirteach sa phíolót. I ngeall ar chaighdeán na n-iarratasóirí leathnaíodh an píolót. Chruthaigh sé seo deis freisin do bhraisliú méadaithe chun deis a thabhairt do mhúinteoirí agus d’fhoirne naisc a chruthú.

Beidh bunú comhphobail cleachtais idir agus laistigh de scoileanna agus suíomhanna mar ghné thábhachtach den tionscadal seo. Ciallaíonn sé seo go mbeidh gá le rannpháirtíocht ó íosmhéid múinteoirí i ngach scoil. Dá bhrí sin, ní chuirfear scoileanna beaga (i.e. triúr múinteoirí nó níos lú) san áireamh do Bhliain 1 den Phíolót.

Oibreoimid le triúr cleachtóirí/múinteoirí i ngach suíomh/scoil. Ag an iar-bhunleibhéal, is múinteoirí Gaeilge iad an triúr múinteoirí agus beidh an dara hábhar acu.

Ba cheart ard-leibhéal muiníne agus cumais sa Ghaeilge a bheith ag múinteoirí a bhíonn páirteach i mBliain 1, an Chéim Forbartha.

I mBliain 2 agus i mBliain 3 tá sé mar aidhm againn an líon suíomh luathbhlianta agus scoileanna rannpháirteacha, agus an réimse ábhar, a ardú céim ar chéim.

Bunaíodh grúpa stiúrtha leis an Tionscadal FCÁT a bhainistiú, a chuimsíonn ionadaithe ón Roinn, An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG), Tionscnamh Teangacha Iar-bhunscoile (TTI), OCBÁC, IT Trá Lí, OL agus Ollscoil na hÉireann Mhá Nuad.

 

2.4 Cé na réimsí foghlama/na hábhair a mhúinfear trí mheán na Gaeilge?

Beidh gnéithe den téama “Cumarsáid” in Aistear (Creatchuraclam na Luathbhlianta) mar fhócas do FCÁT i suíomhanna Luathbhlianta ó Bhliain 1 go 3 den tionscadal.

I mBliain 1 (2019/20 – An Píolót) beidh trí ábhar i gceist ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal.   Beidh Corpoideachas ar cheann de na hábhair ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal.   Cé go mbeidh an dá ábhar eile a roghnófar do Bhliain 1 ag brath ar na hiarratais a tháinig ó scoileanna, ar mheasúnú ar na scoileanna, ar na hacmhainní agus na múinteoirí atá ar fáil, is iad na hábhair a d’fhéadfadh a bheith san áireamh ná:

Bunleibhéal – Corpoideachas agus dhá ábhar eile ar nós na hAmharcealaíona, Matamaitic nó Eolaíocht.  Níl sa liosta ach sampla agus d’fhéadfadh gur ábhair eile a bheidh ar an liosta deiridh.  

Iar-Bhunleibhéal – Corpoideachas agus dhá ábhar eile ar nós Tíreolaíocht, Ceol, Gnó, na Clasaicí, Béarla nó Eacnamaíocht Bhaile. Níl sa liosta ach sampla agus d’fhéadfadh gur ábhair eile a bheidh ar an liosta deiridh.

 

2.5 Cé na leanaí/rang-ghrúpaí a bheidh páirteach?

Beidh leanaí i suíomhanna luathbhlianta trí mheán an Bhéarla i mbliain 1 agus/nó 2 den chlár COLÓ. 

I mBliain 1 den phíolót, ag an mbunleibhéal, beidh an fócas ar na Naíonáin Shóisir agus Naíonáin Shinsir agus ar ranganna a 5 agus a 6. 

Ag an iar-bhunleibhéal díreoidh an tionscnamh ar an gCéad Bhliain den tSraith Shóisearach i mBliain 1.  Thar thréimhse an tionscnaimh d’fhéadfadh go mbeadh trí chohórt éagsúl scoláirí ó Bhliain 1 páirteach nó cohórt amháin scoláirí ó Bhliain 1 go Bliain 3. Beidh gach scoláire a bhíonn páirteach ag déanamh staidéir de ghnáth ar Ghaeilge T2 i suíomh a bhíonn ag teagasc trí mheán an Bhéarla.

 

2.6 Cé mhéad rang/bliain a chuirfear ar fáil trí mheán na Gaeilge?

Sa bhunscoil agus i suíomhanna luathbhlianta, beidh sé mar íosriachtanas go mbainfear úsáid as ceachtanna tionscnaimh FCÁT sna gnéithe aitheanta de na cláir fhoghlama ar feadh 8 seachtaine ar a laghad.

Ag an iar-bhunleibhéal:

I mbliain forbartha 1, beidh modúl feidhme 1 x 8 seachtaine i ngach ceann de na trí ábhar.

Is é a bheidh mar chuspóir i mBlianta 2 agus 3 ná go mbeidh 3x8 modúil seachtaine ag tarlú go comhleanúnach:

e.g.      Téarma 1 – 8 seachtaine – ábhar 1

            Téarma 2 – 8 seachtaine – ábhar 2

            Téarma 3 – 8 seachtaine – ábhar 3

 

2.7 Conas mar a dhéanfar meastóireacht ar an tionscnamh?

Beidh gá le meastóireacht go rialta ó na cleachtóirí/múinteoirí, ag an tús, i rith agus ag deireadh na bliana. Chuige seo, déanfar acmhainní táscaire/meastóireachta a fhorbairt i mBliain 1 agus a chur ar fáil do chleachtóirí /múinteoirí. Bainfear úsáid freisin as aiseolas ó chleachtóirí/múinteoirí agus ó fhoghlaimeoirí mar bhonn eolais chun an cur chuige seo a fhorbairt tuilleadh.

 

2.8 Conas mar a thacófar le cleachtóirí/múinteoirí a bhíonn páirteach?

Cuirfear FGL don chur chuige FCÁT ar fáil do chleachtóirí agus do mhúinteoirí atá páirteach sa tionscnamh. Is é an bonn eolais a bheidh aige seo ná taighde agus saineolaithe tríú leibhéal atá ag obair i réimsí teangeolaíochta agus in oideachas múinteoirí.

Táthar ag súil go mbeidh thart ar sé lá i gceist anseo, cuid de seo mar thacaíocht sa suíomh/scoil.

I mBliain1, cuideoidh na múinteoirí agus na cleachtóirí atá páirteach san oiliúint na cineálacha tacaíochta is mó a chuideoidh leis na rannpháirtithe a aithint (m.sh. pobail chleachtais, braislí srl).

D’fhéadfadh go mbeidh fáil ar chostais ionadaíochta agus taistil más gá do chleachtóirí agus do mhúinteoirí atá páirteach in FGL.