Foilsithe ar 

Gaillimh le bheith ina lárionad teicneolaíochta agus STEM do Dhaoine Óga le Gaeilge

Tá Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD, ag oscailt Ionad Gaeilge TechSpace, i gcroílár chathair na Gaillimhe maidin inniu.

Beidh an tIonad nua, atá lonnaithe in Áras na nGael ar fáil saor in 

aisce do dhaoine óga le Gaeilge agus beidh teacht acu ar réimse 

leathan ábhar teicneolaíochta agus digiteach, mar shampla trealamh

scannánaíochta, bogearraí físeáin, códaithe agus ceoil, agus stiúideo taifeadta.

Tá sé i gceist go mbeidh sé ag feidhmiú mar ionad bualadh isteach

teicneolaíochta agus Gaeilge do dhaoine óga ag an deireadh seachtaine agus 

go mbeidh sé ar fáil do scoileanna agus grúpaí óige ó Chathair na Gaillimhe,

Contae na Gaillimhe chomh maith le grúpaí as an nGaeltacht.

 

Tionscadal píolótach bliana a bheidh ann.

 

Tá deontas €419,000 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne ó chiste na Roinne Cultúir,

Oidhreachta agu Gaeltachta i mbliana chun an Clár TechSpace chur ar fáil ar fud na tíre. 

 

Ag an seoladh, dúirt an tAire Seán Kyne T.D., 

Is mór an onóir dom an mol nua seo a sheoladh go hoifigiúil in

Áras na nGael - foirgneamh stairiúil de chuid Chonradh na Gaeilge. 

Tá áthas orm go raibh sé ar chumas mo Roinne maoiniú a chur ar fáil 

don Chlár TechSpace i gConnachta, Mumhan agus Uladh go dtí seo agus

go bhfuil ar mo chumas maoiniú breise a chur ar fáil i mbliana chun é a

leathnú amach go dtí an chuid eile den tír. Tá sé tábhachtach go mbeidh

 a leithéid d’imeachtaí agus d’ábhar nuálaíochta ar fáil do dhaoine óga trí 

mheán na Gaeilge go háirithe agus cathair na Gaillimhe le bheith aitheanta

mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta faoi réir Acht na Gaeltachta 2012.

Tá meitheal páirtnéireachta curtha le chéile chun tabhairt faoin obair.

Is iad na grúpaí atá páirteach sa mheitheal: Áras na nGael, 

Camara Education Ireland, an Clár TechSpace, Conradh na Gaeilge, 

Foróige agus Ógras. Deir an seanfhocal gur ar scáth a chéile a mhaireann 

na daoine agus is fíor sin – is deashampla é seo den chomhoibriú a chuireann 

an Ghaeilge go mór chun cinn.

Deir Séamus Ó Fátharta ón eagraíocht Camara Education Ireland:

Tabharfaidh an mol nua seo deis iontach dúinn réimse leathan scéimeanna 

oiliúna a chur ar fáil d’oibrithe óige, múinteoirí agus daoine óga i gceartlár chathair 

na Gaillimhe. Beimid ag díriú ar réimse gníomhaíochtaí atá thar a bheith

tarraingteach do dhaoine óga agus a bhfuil cruthúnas againn cheana féin faoin

spéis atá ag daoine óga iontu. Is mór againn freisin go bhfuil go leor páirtnéirí 

éagsúla ag tacú leis an tionscadal seo agus táim thar a bheith dóchasach faoin 

méid atá in ndán do Mhol TechSpace in Áras na nGael amach anseo.

Deir Peadar Mac Fhlannchadha ó Chonradh na Gaeilge: 

Léiríonn an obair thaighde ar fad mar chuid den phróiseas pleanála teanga

sa nGaeltacht go bhfuil gá mol teanga a chur ar fáil do dhéagóirí más mian linn úsáid laethúil na Gaeilge a threisiú 

san aoisghrúpa seo. Léiríonn an taighde seo freisin an tarraingt atá ar chathair na 

Gaillimhe don aoisghrúpa seo arb as gach cearn de Ghaeltacht Chonamara iad 

agus go bhfuil gá len é sin a chur san áireamh agus an mol seo a chur ar fáil.

Is léir dúinn go bhfuil gá le mol agus le háiseanna tarraingteacha a chur ar fáil don 

aoisghrúpa seo agus gur féidir é sin a dhéanamh trí Mhol TechSpace a fhorbairt in Áras na nGael.