Foilsithe ar 

Gradaim Markievicz 2020 fógartha

Tá an dream ar an mbronnfar Gradam Markievicz 2020 fógartha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D.  Seo í an dara bliain ag an scéim sparánachta d’ealaíontóirí agus scríbhneoirí a bunaíodh chun comóradh a dhéanamh ar 100 bliain ó ceapadh an chéad bhean, Constance de Markievicz, ina hAire Rialtais i 1919.

Is tionscnamh an Scéim Gradaim de chuid an Aire Madigan atá ag teacht faoi Dheich mBliana an Chuimhneacháin 2012-2023.  Is í an Chomhairle Ealaíon a rinne maoirsiú na scéime a riar agus is iad buaiteoirí an ghradaim, mar a d’fhógair an tAire inniu,  Amanda Coogan (Na hAmharc-ealaíona), Claire Davis (Ceol), Belinda McKeon (Amharclannaíocht), Julie Merriman (Na hAmharc-ealaíona) agus Joanna Walsh (Litríocht).  Bronnfar dámhachtain €20k ar gach duine díobh faoin scéim.

In ómós do Constance de Markievicz – arbh ealaíontóir í – a bhronntar Gradam Markievicz agus leis cuirtear cúnamh ar fáil d’ealaíontóirí ó gach cúlra agus seánra chun tabhairt faoi shaothair nua a thabharfaidh léiriú ar ról na mban sa tréimhse atá ag teacht faoi dheich mbliana an chuimhneacháin agus ina dhiaidh.

Dúirt an tAire Madigan

Tá tábhacht ar leith leis na gradaim i mbliana ó tharla muid i lár tréimhse an-dúshlánach do Phobal na nEalaíon agus do shochaí na tíre.  Is am cinniúnach atá san éigeandáil sláinte poiblí COVID-19 do stair na tíre agus tá mná chun cinn i dtaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin go leor a bhaineann léi - iad ina gcliniceoirí, mná glantacháin, altraí, bainisteoirí cúraim sláinte agus ag obair i siopaí bia agus i seirbhísí tábhachtacha eile a thacaíonn le muintir na tíre gach aon lá.

Dúirt sí freisin

Tá go leor ban eile ag obair go dícheallach chun an saol a choinneáil mar is gnáth do leanaí via seomraí ranga fíorúla, agus mná eile ag tabhairt aire don té is leochailí sa tsochaí in ionaid chónaitheacha a raibh tionchar rímhór ag an víreas orthu.  Bhí na healaíona ríthábhachtach sa gcath ar son na saoirse agus meastar ról ríthábhachtach a bheith anois freisin acu - chun an pobal a spreagadh agus dóchas a thabhairt san am corrach seo ach a thabharfaidh léiriú ar an ré seo agus a bheidh ina thaifeadadh air.   Níl aon amhras ach go dtabharfaidh na scéalta seo faoi mhná na linne, a dtaithí agus an obair mhór atá ar bun acu spreagadh do phobal na n-ealaíon chun saothair nua agus bhunaidh a cheapadh sa tréimhse seo atá ag teacht agus cuideoidh Gradam Markievicz leis na healaíontóirí sin a dhéanamh.

I measc tionscnamh eile atá ag tacú le healaíontóirí faoi láthair tá Éire i mbun Taibhithe, ciste faoisimh gearrthéarmach €120,000 ó Chultúr Éireann chun luach saothair a thabhairt d’ealaíontóirí gairmiúla Éireannacha as a gcuid saothar a chur i láthair ar líne; Courage, sraith taispeántas beo ceoil ó Other Voices; agus Dámhachtain €1 milliún ón gComhairle Ealaíon mar fhreagra ar Ghéarchéim COVID-19.

Is mian leis an Aire Madigan a ngradam a thréaslú le gach duine d’fhaighteoirí Ghradam Markievicz 2020 agus guíonn sí gach rath orthu ag cur na dámhachtaine ag obair chun cuidiú leo ina gcuid oibre agus a gceird a fhorbairt tuilleadh.  Tá súil ag an Aire go dtiocfaidh rath ar gach duine d’fhaighteoirí an ghradaim agus go rachaidh ar aghaidh chun obair bhunaidh, bharántúil a chur ar fáil sna blianta atá ag teacht.

An rún atá leis na sparánachtaí go ndéanfaí róil, taithí agus uaillmhian na mban a fheabhsú trí shaothair nua i réimse leathan cineálacha ealaíne - agus chomh maith leis an ionadaíocht níos mó seo ar mhná, ceanglaíonn na gradaim leis an téama go mbeadh ionadaíocht níos mó ar  mhná sa saol poiblí agus polaitíochta.

Sa chomhthéacs sin, rinne an tAire Madigan cur síos ar

de Markievicz mar cheannródaí aitheanta, nach raibh ach ar dhuine de na mná iontacha den ré sin a bhfuilimid ag cur eolas fós ar a ndearna siad.   Meabhraíonn téama na sparánachtaí seo dúinn arís go bhfuil i bhfad le dul fós againn i dtaobh an chomhionannais i saol poiblí agus polaitíochta na hÉireann.

Chomh maith leis sin dúirt an tAire “Níor toghadh ach 129 bean chun na Dála ó bhain Markievicz an chloch mhíle sin amach i 1918 níl ach naonúr déag againne ceaptha sa rialtas le 100 bliain.  Den chéad uair riamh, bhí bean ag seasamh i ngach ceann den 41 dáilcheantar san Olltoghchán deiridh ach ba údar díomá é nár tháinig méadú mór ar líon na mban sa Dáil i mí Feabhra.  Is ábhar misnigh, áfach, gur ó 2016 a toghadh an 29 bean den 36 bean atá sa Dáil faoi láthair - mé féin ina measc.   Tá an 36 bean againne ionadaíoch ar bhunchloch láidir chun cur le líon na mban sna toghcháin amach anseo chun parlaimint náisiúnta a bhaint amach atá ionadaíoch i ndáiríre ar mhná.

Thacaigh an Chomhairle Ealaíon leis an Roinn chun an scéim a fhorbairt agus ghlac an tAire buíochas leis an gComhairle faoi na Gradaim a sheachadadh

ar bhealach gairmiúil agus tráthúil, go háirithe agus géarchéim sláinte poiblí ann i láthair na huaire. 

Measann an tAire agus a cuid oifigeach an Chomhairle a bheith ar pháirtí ríthairbheach chun an scéim seo a chur ar fáil.