Foilsithe ar 

Ionadaí na hÉireann ag an 59ú Biennale Ealaíne na Veinéise sa bhliain 2022 fógartha ag an Aire Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., inniu

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., inniu gurb í an t-ealaíontóir Niamh O’Malley atá roghnaithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag an 59ú Biennale Ealaíne na Veinéise sa bhliain 2022 agus Gailearaí agus Stiúideonna Bharra an Teampaill ina choimeádaí. 

 

Tá Biennale Ealaíne na Veinéise ar cheann de na hardáin idirnáisiúnta is tábhachtaí ó thaobh na n-amharc-ealaíon agus meallann breis is leathmhilliún cuairteoir - coimeádaithe, lucht gailearaithe, léirmheastóirí ealaíne agus ealaíontóirí ina measc. Rinneadh foireann na hÉireann a roghnú i ndiaidh próiseas oscailte iomaíoch i gcomhar le baill ghiúiré idirnáisiúnta. Is tionscnamh tábhachtach de chuid Chultúr Éireann é Éire sa Veinéis, i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon.

 

Dúirt an tAire Turasóireachta, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D.:

 

“Guím gach rath ar Niamh O’Malley agus ar Ghailearaí agus Stiúideonna Bharra an Teampaill a bheidh ag déanamh ionadaíocht ar Éirinn sa Veinéis sa bhliain 2022.  Is ócáid fíorthábhachtach í seo i saol ealaíontóra ó tharla gur ardán domhanda é Biennale na Veinéise. Gheobhaidh cleachtas Niamh O’Malley tuilleadh aitheantais anois agus ag obair le TBG+S mar choimeádaí, beidh níos mó eolais fós ar earnáil láidir na n-amharc-ealaíon in Éirinn.

 

Tugann togra Niamh O’Malley do phailliún na hÉireann, “To mark a space, to hold a spot” léiriú ar an tábhacht atá leis an stiúideo agus ról an stiúideo i gcruthú saothair. Tríd an gcomhoibriú seo le TBG+S, déanfar saothar sofaisticiúil, tomhaiste agus suaimhneach O’Malley a chur i láthair sa chomhthéacs inar ceapadh é.

Dúirt Stiúrthóir TGB+S, Cliodhna Shaffrey:

Is mór an onóir do Ghailearaí agus Stiúideonna Bharra an Teampaill an t-ealaíontóir Niamh O'Malley a chur i láthair ar Pailliún na hÉireann ag an 59ú Biennale na Veinéise sa bhliain, 2022. Tabharfaidh togra Niamh O’Malley ar aistear ealaíne muid a thosaigh ina stiúideo TBG+S agus a chuirfear faoi bhráid an domhain sa Veinéis. Mar gheall ar a dealbha sárshnoite agus suiteálacha d’íomhánna gluaisteacha atá cáil ar O’Malley agus tarraingíonn sí aird ar ghníomh na féachana; ag spreagadh an té atá ag féachaint moilliú agus a bheith san am i láthair. Ar dhéanamh agus ábharthacht atá a cuid oibre bunaithe agus mar bhuntaca faoi sin, fiosraíonn mar a théimid i bhfeidhm ar an domhan.”

 

Nótaí

Is í Cliodhna Shaffrey Stiúrthóir de chuid Ghailearaí agus Stiúideonna Bharra an Teampaill an coimeádaí agus oibreoidh sí i gcomhar le Michael Hill, Coimeádaí an Chláir agus leis an bhfoireann i nGailearaí agus Stiúideonna Bharra an Teampaill chun an taispeántas a chur ar fáil. 

Rinne Eva Rothschild (2019), Jesse Jones (2017), Sean Lynch (2015) agus Richard Mosse (2013) ionadaíocht ar Éirinn roimhe seo ag Biennale na Veinéise.