Foilsithe ar 

Labhraíonn an Taoiseach leis an Uachtarán Tusk

Labhair an Taoiseach, Leo Varadkar, le hUachtarán na Comhairlí Eorpaí, Donald Tusk, ar maidin maidir le hiarraidh na Ríochta Aontaithe ar shíneadh.

Dheimhnigh an Taoiseach go dtacaíonn sé le moladh an Uachtaráin Tusk chun an iarraidh ar shíneadh a lorg an Ríocht Aontaithe a cheadú. Thug siad faoi deara go mbeadh an Ríocht Aontaithe fós in ann fágáil roimh an 31 Eanáir 2020 má dhaingnítear an Comhaontú Aistarraingthe roimh an dáta sin.

Is dóchúil go ndéanfar plé breise ar an gceist ag cruinniú Choiste na nIonadaithe Buana sa Bhruiséil oíche anocht.