Foilsithe ar 

Lorgaíonn an Rialtas dearcthaí faoi rioscaí straitéiseacha atá roimh Dhréacht-Mheasúnú Riosca Náisiúnta na hÉireann 2019, atá ar oscailt do chomhairliúchán poiblí

Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais

D’fhoilsigh an Rialtas an Dréacht-Mheasúnú Riosca Náisiúnta agus iarrann sé ar bhaill den phobal a ndearcthaí a thabhairt faoin méid a mheasann siad atá i gceist leis na rioscaí is tábhachtaí atá roimh Éirinn in 2019. Tugtar chun solais sa Dréacht-Tuarascáil réimse rioscaí, iad siúd ina measc a chruthaíonn Brexit gan chomhaontú, Athrú Aeráide agus teannas idirnáisiúnta trádála.

Is é Dréacht-Mheasúnú Riosca Náisiúnta 2019 - Léargas ar Rioscaí Straitéiseacha an tuarascáil bhliantúil is déanaí a chaitheann súil ar na rioscaí straitéiseacha geilleagracha, geopholaitiúla, sóisialta, comhshaoil agus teicneolaíochta atá roimh Éirinn. Spreagtar an pobal chun a n-aiseolas a thabhairt ar na dréachtrioscaí ar tugadh cuntas orthu, chun go léireofaí sa Tuarascáil deiridh, a fhoilseofar níos déanaí i mbliana, dearcthaí an phobail.

Mar gheall gur athraíodh an tírdhreach riosca ó foilsíodh Measúnú Riosca Náisiúnta na bliana seo caite, tá na dréachtrioscaí reatha tagtha chun cinn agus tá forbairt déanta acu. Is ann go fóill don éiginnteacht maidir leis an méid a bheidh i gceist le Brexit agus tá imithe i méid, go deimhin, ó foilsíodh Tuarascáil na bliana seo caite, agus tá díriú níos láidre, dá bharr, ar an riosca féideartha lena mbaineann Brexit gan chomhaontú agus an tionchar a d’fhéadfadh sin imirt ar gheilleagar na hÉireann agus ar chobhsaíocht i dTuaisceart Éireann.

Leanann rioscaí féideartha atá roimh gheilleagar na hÉireann a eascraíonn as méadú leanúnach ar theannas trádála, agus a dhéanann moilliú domhanda geilleagrach níos measa, bheith mar ábhar buartha. I dtaobh cúrsaí intíre de, caithfear monatóireacht agus rialáil dhlúth a dhéanamh ar bhrúnna ar airgead a chaitheamh atá ag teacht chun cinn, lena chinntiú go mbíonn ár n-airgeadas poiblí inbhuanaithe agus cobhsaí.

Anuas air sin, tá roinnt de na rioscaí tagtha chun cinn i dtreonna nua, iad siúd a bhaineann le hacmhainneacht an chórais Ardoideachais agus Bhreisoideachais ina measc, agus rioscaí atá roimh chomhtháthú sóisialta agus neamhchothroime bhraite i gcomhthéacs réigiúnach agus tuaithe.

I dtaobh roinnt rioscaí leanúnacha, is féidir feasacht phoiblí níos fearr agus braistint mhéadaithe práinne agus freagrúlachta do na rioscaí a bhraistint, mar shampla, i gcás rioscaí Athraithe Aeráide, agus thionchar na meán sóisialta ar dhíospóireacht phoiblí agus ar an gcóras polaitiúil agus beartais.

Tugadh roinnt saincheisteanna tábhachtacha chun solais sa phróiseas Measúnaithe Riosca Náisiúnta ó foilsíodh an chéad tuarascáil in 2014, an t-aitheantas oifigiúil ba luaithe ina measc a tugadh do na rioscaí a eascraíonn as Brexit féideartha.

Próiseas comhoibritheach is ea an Measúnú Riosca Náisiúnta a n-áirítear roinnt céimeanna de chomhairliúchán agus plé leis. Ullmhaíodh an liosta rioscaí sa dréacht-tuarascáil nua seo i gcomhairle le Grúpa Stiúrtha ina raibh gach Roinn Rialtais páirteach. Is faoi chomhairliúchán poiblí atá sé anois a chinntiú gur féidir le gach páirtí leasmhar, an pobal ina measc, rannchuidiú. Tabharfar an Tuarascáil chun críche de bhun aighneachtaí a fuarthas tríd an bpróiseas seo, agus foilseofar níos déanaí sa bhliain í.

Tá an Dréacht-Tuarascáil ar fáil ag an nasc thíos, agus tá aighneachtaí ar an dréachtliosta rioscaí a sainaithníodh á lorg agus is féidir iad a dhéanamh anseo . Beidh an comhairliúchán poiblí ar oscailt go dtí Dé Máirt, an 25 Meitheamh.

Dréacht-Tuarascáil: https://assets.gov.ie/9294/d5b7898a4d8e47d1a7ff1d9efc6e1e53.pdf