Foilsithe ar 

Malartú déanta mar chuid de Chomhoibriú nua Thuaidh Theas chun Pórtha Dúchasacha a chaomhnú

20190703 Connamara

Tá fáilte curtha ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta inniu roimh an scéala go bhfuil an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) le bheith páirteach i dtionscnamh Thuaidh Theas a neartóidh an obair i gcomhar atá ar bun chun pórtha neamhchoitianta a chaomhnú.

Bhronn Páirc Náisiúnta Chonamara – arna bhainistiú ag NPWS na Roinne – Park Sarah, capaillín de Chapaillíní Chonamara, ar fheirm ainmhithe de Phórtha Neamhchoitianta na Tamhnaí Móire i Craigavon, mar mhalairt ar Sunflower lll (an tríú glúin), Bó Mhaol nó pór dúchasach neamhchoitianta.

Dúirt William Cormacan, Bainisteoir Réigiúnach NPWS, Rannán an Iarthair

táimid thar a bheith sásta a bheith páirteach sa tionscnamh trasteorann seo agus táimid ag súil le hobair a dhéanamh i gcomhar amach anseo i dtaobh pórtha neamhchoitianta a chaomhnú. Beimid, in éineacht, ábalta feasacht a ardú maidir le hoidhreacht talmhaíochta agus cultúr na bpórtha neamhchoitianta seo, an tábhacht atá lena gcaomhnú agus an tábhacht atá lenár gcuid gnáthóg a chaomhnú.

Feirm na Tamhnaí Móire an t-aon fheirm in Éirinn atá ceadaithe ag an Iontaobhas Marthanais Pórtha Neamhchoitianta agus tá tábhacht mhór léi i dtaobh roinnt pórtha atá dúchasach d’Éirinn agus don Bhreatain Mhór a chaomhnú.  Is pórtha iad nach mór a chaomhnú agus ina measc tá an Bhó Mhaol.  Chun bithéagsúlacht a bhainistiú ar roinnt de mhaoine na Comhairle, atá tábhachtach ó thaobh na héiceolaíochta, tá cleachtais innilte caomhnaithe i bhfeidhm ar Fheirm na Tamhnaí Móire agus sin á dhéanamh ag pórtha dúchasacha.  Tá roinnt mhaith saineolais aimsithe maidir le speicis agus cineálacha ar leith gnáthóg a bhainistiú, lena n-áirítear speicis ionracha ar leith a smachtú.  Beidh Capaillín aitheanta Chonamara anois le feiceáil ag an bpobal ar Fheirm na Tamhnaí Móire agus cuirfear tús le clár póraithe ann.

Tá sé cinn de Chapaillíní Chonamara ag Páirc Náisiúnta Chonamara agus bhí tábhacht nach beag leis an bpáirc i dtaobh na gcapaillíní aitheanta seo a phórú ó bhronn Uachtarán na hÉireann, Erskine Childers, tréad ar an Stát.

Tá tréad beag den Bhó Mhaol freisin sa pháirc agus é beartaithe leas a bhaint astu chun innilt chaomhnaithe a dhéanamh laistigh den Pháirc Náisiúnta.  Chomh maith leis na pórtha neamhchoitianta sin, tá caoirigh Shealtannacha, ba na nGarbhchríoch, caoirigh na Gaillimhe agus muca Tamworth sa pháirc. Treiseoidh an pór a cuireadh ina dteannta inniu an clár póraithe atá i bhfeidhm cheana ann.

Leanfaidh Páirc Náisiúnta Chonamara agus Feirm Ainmhithe de Phórtha Neamhchoitianta na Tamhnaí Móire ag obair le chéile chun na pórtha neamhchoitianta traidisiúnta seo a chaomhnú agus lena gcuid eolais agus taithí ar innilt chaomhnaithe ag na pórtha oidhreachta seo a roinnt.

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:

Thug toscaireacht ó Fheirm Ainmhithe de Phórtha Neamhchoitianta na Tamhnaí Móire cuairt ar Pháirc Náisiúnta Chonamara i mí na Samhna 2018.  Le linn na cuairte sin, tuigeadh go raibh Feirm na Tamhnaí Móire agus Páirc Náisiúnta Chonamara ar aon intinn i dtaobh an tábhacht a bhain le pórtha neamhchoitianta a chaomhnú, feasacht a ardú maidir lena n-oidhreacht cultúir agus talmhaíochta agus leas a bhaint astu chun láithreáin a bhainistiú, go háirithe maoine poiblí/stáit – Anaclanna Dúlra agus Páirceanna Náisiúnta ina measc. Socraíodh go gcomhoibreodh an dá dhream, a mhéid agus ab fhéidir, agus go dtacóidís le chéile chun pórtha neamhchoitianta a chaomhnú agus eolas agus taithí a roinnt maidir le hinnilt chaomhnaithe agus taighde a dtabharfadh an dá dhream faoi. Ó tharla Feirm na Tamhnaí Móire a bheith ar fheirm atá ceadaithe ag an Iontaobhas Marthanais Pórtha Neamhchoitianta in Éirinn agus teacht a bheith aici ar bhunachar sonraí ainmhithe a bhaineann leis an iontaobhas, tá an fheirm ábalta comhairle a chur ar Pháirc Náisiúnta Chonamara i dtaobh pórtha neamhchoitianta a chaomhnú – an bhó mhaol go háirithe.