Foilsithe ar 

Moladh tugtha don úsáid a bhaineann Bus Átha Cliath as an nGaeilge agus Scéim Teanga nua na cuideachta faofa ag an Aire Stáit Kyne

D’fhaomh Seán Kyne TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, an Scéim Gaeilge do Bhus Átha Cliath agus thug sé moladh don eagraíocht as an úsáid a bhaineann sí as an nGaeilge i measc a cuid seirbhísí.

Dúirt an tAire Kyne: “I ndiaidh dom an scéim teanga nua do Bhus Átha Cliath a fhaomhadh, is mian liom moladh a thabhairt agus comhghairdeas a dhéanamh leis an eagraíocht as a tiomantas soiléir d’infheictheacht agus d’úsáid na Gaeilge a mhéadú.

“Déanann an úsáid a bhaintear as an nGaeilge ar chomharthaíocht ag stadanna bus, ar chomharthaíocht ar bhusanna agus, go háirithe, ar na taispeáintí digiteacha taobh istigh agus tríd an gcóras fógartha eolais ar bord, tiomantas Bhus Átha Cliath don Ghaeilge a thabhairt le fios.

“Tá cabhlach breis agus 1,020 bus ag an eagraíocht a éascaíonn os cionn 139 milliún aistear paisinéara gach bliain agus mar gheall go bhfógraítear gach stad, chomh maith le heolas a thabhairt do chustaiméirí as Gaeilge, cinntítear go gcloiseann agus go bhfeiceann na céadta míle duine an teanga ar bhonn laethúil.

“Cé gur deacair é a chainníochtú, táim cinnte gur spreag an úsáid a bhaineann Bus Átha Cliath as an nGaeilge ar an mbealach seo ar a laghad roinnt paisinéirí chun ceangal a dhéanamh leis an nGaeilge arís eile agus tugann sé eolas ar leaganacha Gaeilge de shráidainmeacha, bailte fearainn agus sainchomharthaí eile ar fud na Príomhchathrach sula ndearnadh iad a ghalldú.

“Creidim gur thaispeáin Bus Átha Cliath an méid is féidir a bhaint amach nuair a ghlacann cuideachtaí agus eagraíochtaí cur chuige dearfach i dtaobh na Gaeilge agus eiseamláir a sholáthar d’eagraíochtaí eile lena haithris.”


Nóta:

Ceanglas d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 is ea scéimeanna teanga a ullmhú agus a fhoilsiú, agus iad a chur faoi bhráid an Aire Stáit don Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin. Leagtar amach sa scéim na bealaí a sásóidh eagraíocht a hoibleagáidí chun seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge.