Foilsithe ar 

Molann Doyle do Dhaoine Fíorchrann Nollag Éireannach a Cheannach

Mhol Andrew Doyle T.D., Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara do dhaoine fíorchrann Nollag Éireannach a cheannach i mbliana agus é ag tabhairt cuairt ar Stephen Cowman ag Feirm Chrann Nollag Parkmore sa Mhuine, Co Chill Mhantáin. “Déanaimid cinnte i gcónaí sa bhaile fíorchrann a bheith againn. Ní bheidh an t-eispéaras Nollaig céanna ann gan fhíorchrann agus an méid a ghabhann leis, é a thógáil isteach sa teach, é a chur suas, an boladh agus an t-atmaisféar. Feicim na feirmeacha chrann Nollaig, go háirithe anseo i gCill Mhantáin, agus an 7 go 10 mbliana d’obair a ghabhann le crann ar ardchaighdeán a tháirgeadh – leanann an obair ó cheann ceann na bliana, cur, múnlú, spraeáil, leasú, margú, lománú.”

Díoltar timpeall 550,000 crann Nollaig in Éirinn gach bliain, díoltar 350,000 sa bhaile agus easpórtáltar timpeall 200,000 crann chuig an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc agus an Ghearmáin. Is fiú €21 milliún an tionscal do gheilleagar na hÉireann.

Dúirt an tAire freisin “Ba mhaith liom mo thacaíocht a chur leis an bhfeachtas #lovearealtree de chuid Shaothróirí Crainn Nollaig na hÉireann. Dar liom féin níl ann ach ghnáthchiall. Tugann fíorchrainn eispéaras Nollaig níos fearr, tá siad níos boige ar an timpeallacht agus neodrach ó thaobh carbóin de agus cuireann gach duine a cheannaíonn crann Éireannach le poist a sholáthar don tuaithe in Éirinn le haghaidh saothróirí crainn Nollaig leithéid í Stephen Cowman, a theaghlach agus a fhoireann.”

Mar fhocal scoir, rinne an tAire trácht ar na rioscaí a bhíonn ag saothróirí crainn Nollaig. “Níl an gnó seo saor ó riosca agus níl riosca níos mó ann ná gadaíocht chrann Nollaig. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’obair na Gardaí Síochána agus Oibríocht Hurdle a chur i gcrích acu, tionscnamh atá dírithe go sonrach ar an troid i gcoinne gadaíocht chrann Nollaig sa tréimhse roimh an Nollaig.”

Reachtáladh Oibríocht Hurdle ón bhliain 2011 agus tháinig laghdú iontach ar ghadaíocht Chrann Nollaig i gCill Mhantáin dá réir.