Foilsithe ar 

Ráiteas Rialtais maidir le fógra faoi Dhomhnach na Fola ón tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí do Thuaisceart Éireann

Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais

Tá aird Rialtas na hÉireann tarraingthe ar an bhfógra atá déanta inniu ag an tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí do Thuaisceart Éireann, i ndiaidh imscrúdú a bheith déanta ag an PSNI, go n-ionchúiseofar iarshaighdiúir amháin as dúnmhárú James Wray agus William McKinney agus as iarracht ar dhúnmhárú Joseph Friel, Michael Quinn, Joe Mahon agus Patrick O’Donnell ar Dhomhnach na Fola in 1972.

Táimid ag smaoineamh inniu ar theaghlaigh na ndaoine ar fad a maraíodh agus a gortaíodh ar Dhomhnach na Fola, agus tuigimid go mbeidh siad faoi scamall bróin arís inniu.

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mbun teagmhála leis na teaghlaigh thar ceann an Rialtais faoi láthair.

Tá imscrúduithe éifeachtacha ar na maruithe a tharla tuillte ag teaghlaigh na ndaoine a cailleadh, agus ba cheart go mbeadh rochtain acu ar a leithéid d’imscrúduithe, mar aon leis an deis a chinntiú go bhfaigheann gach duine a gceart de réir dlí agus beag beann ar dhéantóir na coire.